Níor theastaigh aon bhileog uaidh – ar iompú do bhoise bhí Mac Donnchadha in ann slua a chur faoi gheasa

Tá na scéalta faoi Sheosamh Mac Donnchadha chomh fairsing le sprémhóin, ceann ag baint an bhairr den cheann eile

Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Is iomaí duine sin a bhfuil ómós cuí léirithe acu do Sheosamh Mac Donnchadha ó fuair iar-iománaí na Gaillimhe agus iar-Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael bás cosamar seachtaine ó shin, ach mairfidh na focail a labhair a mhac, Eoin, ag deireadh Aifreann na Sochraide i Séipéal Bhearna Dé Máirt seo caite i mo chuimhne fad is a mhairfidh mé féin.

Ní chruthaíonn an chaoi a raibh an fear óg seo in ann léargas a thabhairt ar thréithe pearsanta agus poiblí a athar, ar an lá ba bhrónaí ina shaol go dtí seo, ach gur slis den seanmhaide é. Is amhlaidh cás dá dheirfiúr Muireann a chan ag an Aifreann agus dá dheirfiúr eile Eilís, agus do Pheig bean chéile Joe, a léirigh misneach agus uchtach na ceithre lá ar thug na mílte cuairt ar a dteach, ar an tórramh agus ar an tsochraid.
Tháinig siad ó chéin agus ó chóngar, ina measc Pat Uniacke as California, ainneoin go mbeidh sé ag filleadh arís faoi cheann coicíse nuair a bheidh iníon leis ag imirt ar an gcéad fhoireann camógaíochta ariamh as na Státaí a bhfuil áit bainte amach acu ag Féile na nGael. Agus bhí Mike O’ Connor as Bostún ann agus fear as Birmingham Shasana nár chás air Joe ach faoi thrí ariamh, ach a sháigh an spád sa talamh a luaithe agus a chuala sé go raibh sé básaithe.
Mar a tharlaíonn ag chuile shochraid tháinig na deora agus an gáire ar a seal. Agus é fhéin ag caint óna chroí, d’inis Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghaíl gur dhúirt Joe ar a chuairt dheireanach ar a chumann dúchais i mBaile an Doirín trí seachtaine ó shin ar Lá na gClubanna, go mba é an uair a raibh sé féin agus Eoin ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh Shóisir Iomána na Gaillimhe i 1996 an lá ab fhearr dá shaol. Ráiteas nach beag ag fear a raibh boinn Chraobh na hÉireann agus na Sraithe Náisiúnta mar aon le All Star aige.
Bhí trí roinnt ar na hiománaithe a rinne an gaisce an lá sin, a dúirt Joe le hAogán. “Imreoirí sinsearacha ar a mbealach anuas, dream óg ar a mbealach aníos agus an dream ba chontúirtí ar fad acu – iománaithe sóisearacha de réir a nádúir!”
Ní foláir ach gur shiúil seacht nó ocht de mhílte duine thar a chónra Dé Luain agus Dé Máirt seo caite – daoine muinteartha, comharsan as na háiteacha inar chaith sé tamallacha dá shaol – Cortún, Baile an Doirín, Bearna agus an Aill Bhán i gCarna; mic léinn a bhí leis i gColáiste Éinde agus in Ollscoil na Gaillimhe agus dream níos óige a mhúin sé féin; iománaithe agus peileadóirí a d’imir leis agus ina choinne, iad siúd a d’oibrigh leis in earnálacha an oideachais agus na Gaeilge agus tuilleadh nach iad, ar theastaigh uathu a n-ómós a thaispeáint d’fhear a raibh a thrí oiread bainte amach aige sa saol réasúnta gairid a gheall Dia dó agus a bhainfeadh an chuid eile againn amach dá bhfaigheadh muid aois Choilm a’ Bhailís. Bhí seisean 107 bliain nuair a d’éag sé féin.
Ní amháin go n-aithneodh Joe chuile mhac máthar den slua sin agus chuile iníon athar – fiú fear Birmingham nach raibh feicthe ach trí huaire aige – ach bheadh scéal eicínt aige dóibh faoin uair dheireanach ar chasadar ar a chéile, nó eachtra grinn eicínt a tharla eatarthu.
Bheadh focal faoi leith aige le muintir Chill Chainnigh a bhris croí na Gaillimhe i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i 1979 nuair a bhí Joe ina chaptaen agus nuair a scóráil Liam ‘Chunky’ O’ Brien cúig chúilín do Chill Chainnigh as lár na páirce agus lorg a choise le feiceáil ar chuile thom féir i bPáirc an Chrócaigh agus an imirt déanta. Chonaic mé Billy Fitzpatrick, a gcaptaen siúd i ‘79, chomh maith le Eddie Keher ag an tsochraid.
Seacht mbliana déag dar gcionn agus Joe ag caint le teachtaí Chomhdháil CLG a bhí tar éis na honóra ab airde san eagraíocht a bhronnadh air, dúirt sé nach raibh aon óráid ullmhaithe aige an uair seo, mar gur scrios ‘Chunky’ an ceann deiridh a d’ullmhaigh sé!
Níor theastaigh aon bhileog uaidh ar aon dath. Ar iompú do bhoise bhí Mac Donnchadha in ann slua a chur faoi gheasa lena chuid cainte, lena chuid fuinnimh agus lena dhúthracht. Níor chlis sin ariamh air agus dá gclisfeadh féin bheidís chomh sásta céanna é a chloisteáil ag gabháil fhoinn!
Sular chríochnaigh sé a chuid cainte den altóir i mBearna an lá faoi dheireadh, dúirt Eoin go raibh a fhios aige gur bheag díobh siúd a d’fhreastail ar an tsochraid nach raibh scéal nó dhó acu le n-aithris faoina athair – scéalta nach raibh cloiste ag a chlann féin, b’fhéidir. D’impigh sé orthu sin a bhfuil a leithéid acu iad a sheoladh chun cinn nuair a bheadh an deis ar fáil.
Beidh na scéalta céanna chomh fairsing le sprémhóin, ceann ag baint an bhairr den cheann eile.

Ar dheis lámh Dé thú, a sheanchomrádaí.

Fág freagra ar 'Níor theastaigh aon bhileog uaidh – ar iompú do bhoise bhí Mac Donnchadha in ann slua a chur faoi gheasa'