Níor chúis iontais do dhaoine a thuigeann stair chathair Luimnigh gur toghadh Maurice Quinlivan

Lá stairiúil ab ea é do Shinn Féin uair a toghadh TD do Shinn Féin i gcathair Luimnigh den chéad uair le 93 bliain anuas é

Toghchán Strapimage

Lá stairiúil ab ea é do Shinn Féin, nuair a toghadh Maurice Quinlivan mar Theachta Dála do chathair Luimnigh. Is é an chéad TD do Shinn Féin a toghadh i gcathair Luimnigh le 93 bliain anuas é. Ní hamháin sin ach toghadh Quinlivan chun tosaigh ar bheirt iar-airí rialtais, léiriú ar an gclaochlú polaitíochta ionann is dochreidte a tharla le linn Olltoghchán 2016.

Tar éis gur fógraíodh é a bheith tofa don 32ú Dáil, d’fhill lucht tacaíochta Quinlivan bratach thrídhathach mhór na hÉireann os cionn an tslua in airéana mhór Ollscoil Luimnigh.

Bhí brí shiombalach thar a bheith suntasach leis an mbratach mhór a taispeánadh sa halla i Luimneach toisc feachtas a bhí ar bun ag Maurice Quinlivan le cúpla bliain anuas chun bratach na hÉireann a ghabh fórsaí na Breataine ó ghrúpa reibiliúnaithe Poblachtánacha agus Éirí Amach na Cásca 1916 ag teacht chun críche, bratach atá ar taispeáint san Imperial War Museum i Londain le blianta fada, a thabhairt ar ais go hÉirinn in am do chomóradh 100 bliain 1916.

Ní duine é Quinlivan a bhfuil mórán aitheantais bainte amach aige fós lasmuigh dá chathair dhúchais ná den cheantar ina rugadh é, i Maigh Rois ar an taobh ó thuaidh den chathair.  

Iar-chomhairleoir contae do thuaisceart chathair Luimnigh é Quinlivan a bhain an chéad áit amach sna toghcháin áitiúla i Luimneach sa bhliain, 2014. San olltoghchán a reáchtáladh an tseachtain seo caite, fuair Quinlivan aistriú de 633 vóta ó fharasbarr Willie O’Dea chun a shuíochán Dála a chinntiú i gcéaduair.  

Díol spéise go bhfuil sé beagnach céad bliain ó toghadh an Sinn Féiní deireanach mar ionadaí ar chathair Luimnigh.

Ba é sin Michael Colivet, ceannaire na nÓglach i gcathair Luimnigh i rith an Éirí Amach agus polaiteoir a toghadh mar theachta sa bhliain 1923. Maíonn Maurice Quinlivan go bhfuil gaol teaghlaigh aige le Colivet, dála an scéil.    Rugadh Quinlivan i mBaile Uí Neachtain nó Ballynanty i dtuaisceart Luimnigh; tá an baile sin ar na ceantair chathrach is sine agus is boichte sa lá atá inniu ann agus ráta an-ard dífhostaíochta ann.

Tá cónaí ar Quinlivan go fóill sa cheantar sin agus is ann a fuair Sinn Féin formhór vótaí na heite clé an uair seo chomh maith.

 Iar-bhall de na Sealadaigh ab ea deartháir Mhaurice, Nessan Quinlivan, fear a bhí i measc na Sealadach a d’éalaigh ó Phríosún Brixton i Londain, Shasana, i mí Iúil na bliana 1991.

Cé go bhfuil ionadh ar go leor daoine nárbh as Luimneach dóibh gur éirigh chomh maith sin le feachtas toghchánaíochta Quinlivan an uair seo, níorbh amhlaidh do mhuintir na cathrach, áfach. Lasmuigh de Bhéal Feirste, tá Luimneach ar cheann de na háiteanna is mó a bhfuil traidisiúin an radacachais, an phoblachtachais agus an sóisialachais ann.

Mar atá luaite ag staraithe mór le rá ar nós Ruán O’Donnell – Limerick s Fighting Story 1916-21, agus John O’Callaghan – Revolutionary Limerick: The Republican Campaign for Independence in Limerick, 1913-1921, bhí Luimneach ar na contaetha is gníomhaí le linn Éirí Amach na Cásca agus bhí an ghníomhaíocht radacach le sonrú arís le linn na tréimhse corraithí sin in 1919 nuair a d’eagraigh lucht oibre na cathrach an stailc ghinearálta ar tugadh an ‘Limerick Soviet’ air.