Níl sé i gceist athbhreithniú ‘práinneach’ a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain i bhfianaise thorthaí an daonáirimh

D’fhiafraigh beirt Teachtaí Dála den Aire Stáit Kyne cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist aige “athbhreithniú práinneach” a dhéanamh ar an Straitéis i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2016 maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge

Níl sé i gceist athbhreithniú ‘práinneach’ a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain i bhfianaise thorthaí an daonáirimh

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne nach gá aon “athbhreithniú práinneach” a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2016 a léirigh gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht le cúig bliana anuas.

D’fhiafraigh beirt Teachtaí Dála ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly agus Éamon Ó Cuív, den Aire Stáit Kyne sa Dáil an tseachtain seo cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist  “athbhreithniú práinneach” a dhéanamh ar an Straitéis i bhfianaise na dtorthaí daonáirimh.

Dúirt an té a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a tugadh isteach an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Pat Carey, le Tuairisc.ie an mhí seo caite gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna uilig a leagadh amach sa cháipéis in 2010. 

Dúirt Carey, an lá i ndiaidh fhoilsiú thorthaí an daonáirimh, nach bhfuil na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis 20 Bliain “réalaíoch” ná “insroichte” i bhfianaise na dtorthaí agus go gcaithfí féachaint “láithreach” ar mhórsprioc na Straitéise, is é sin go mbeadh 250,000 cainteoir Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ann faoi 2030.

Dúirt Kyne nach raibh sé i gceist aige a leithéid a dhéanamh agus gur eagraíodh díospóireacht oscailte faoin Straitéis i mí na Nollag 2015 “ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin” maidir lena cur i bhfeidhm.

“Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin, tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn agus á fhoilsiú faoi lár na bliana seo.

“Le foilsiú an phlean seo, beifear ag súil go dtabharfaí aghaidh ar na rudaí is tábhachtaí mar a aithneofar iad sa phlean cúig bliana agus go nglacfaidh gach páirtí go fonnmhar leis an deis a gcionn a dhéanamh ar son na Straitéise,” a dúirt sé.

Thug an tAire Stáit le fios gur “ábhar misnigh” a bhí sna torthaí daonáirimh a léirigh go raibh ar chumas “breis is 1.76 milliún duine” an Ghaeilge a labhairt in 2016, ainneoin go léiríonn torthaí na bliana seo caite gur tháinig laghdú beag ar na figiúirí náisiúnta maidir le labhairt na Gaeilge i gcomparáid le torthaí 2011.

Luaigh an tAire Kyne chomh maith an próiseas pleanála sa Ghaeltacht, ar cuireadh tús leis trí bliana ó shin, an €250,000 breise a cuireadh ar fáil i mbliana le cabhrú leis an bpróiseas sin, agus an t-ardú atá tagtha ar chiste reatha na Ghaeilge agus na Gaeltacht i 

Luaigh sé freisin an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a fógraíodh anuraidh agus ar cuireadh tús lena fheidhmiú an tseachtain seo caite. Comharthaí iad na beartais sin ar fad go bhfuil an Straitéis á cur i bhfeidhm, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt sé ar deireadh go bhfuil an Rialtas agus Roinn na Gaeltachta “tiomanta agus dáiríre” faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, ach go bhfuil “ról tábhachtach le himirt” ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir le tacú le spriocanna na Straitéise a bhaint amach.

“Creidim gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfimid torthaí dearfacha amach le súil go mbeadh feabhas suntasach ar thorthaí dhaonáireamh 2021 mar a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht,” a dúirt sé.