Níl fadhb na tithíochta ach ina tús, is cuma cén casadh a bhaineann Alan Kelly as an scéal

Ní dhíríonn plean an Rialtais aird ar bith ar an mór-riachtanas –tógáil tithe sóisialta don 130,000 duine ar liostaí feithimh ar fud na tíre

An tAIre Alan Kelly. Pictiúir: Leah Farrell/RollingNews.ie
An tAire Alan Kelly. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Bhí a lán rírá sna meáin faoin bpacáiste tithíochta roimh ré, ach ba gheall le hurchar iomrallach é ar bhealach nuair a sheol an rialtas an plean sa deireadh.

Níl aon phlean ann le cíos a smachtú, ach amháin nach mbeidh cead ag tiarna talún cíos a ardú ach uair gach dara bliain in ionad uair gach bliain, mar atá faoi láthair.

Tá urlabhraithe ar son daoine gan dídean nó a bhfuil deacrachtaí íocaíochta acu ag cur fáilte roimh an méid sin, ar ndóigh. Ach is fada é ón gcaint faoi chinnteacht cíosa sa bhfadtéarma a bhí le clos ón Aire Comhshaoil, Alan Kelly.

Agus ar ndóigh, ní dhíríonn sé aird ar bith ar an mór-riachtanas –tógáil tithe sóisialta don 130,000 duine ar liostaí feithimh ar fud na tíre.

Fiú dá n-éireodh linn 25,000 tigh sóisialta a thógáil in aghaidh na bliana – plean nach luann an rialtas beag ná mór – thógfadh sé os cionn cúig bliana soláthar a dhéanamh do na daoine atá ar na liostaí faoi láthair, gan trácht ar na daoine breise a chuirfear ar na liostaí gach bliain feasta.

Teip do Alan Kelly atá ann, mar is léir gur ghéill sé do Mhichael Noonan sa deireadh; cé go bhfuil a chuid urlabhraithe ag iarraidh a thabhairt le fios gur éirigh leis plean níos fearr a bhaint amach ná mar a bhí sé féin ag tnúth leis. Chuirfí ag gáire muid ach amháin go bhfuil an scéal chomh tromchúiseach sin.

Sa deireadh thiar, tá an rialtas fós gafa le fanacht dílis don mhargadh, cé gur léir nach ag ‘an margadh’ atá réiteach an scéil. Is gá don stát teacht isteach, éigeandáil tithíochta a fhógairt agus tithe sóisialta a thógáil faoi phráinn ar fud na tíre le hairgead stáit.

Sin é, ar ndóigh, a rinneadh sna ceathrachaí, sna caogaidí, agus sna seachtóidí i ndiaidh agóidí móra tithíochta ins na seascaidí.

Dála an scéil, rialtais Fhianna Fáil a bhí i gceannas nuair a cinneadh na pleananna tithíochta sin; rialtas a bhfuil baint ag Páirtí an Lucht Oibre leis atá freagrach as an bhfaillí reatha.

Fiú dá bhfógrófaí éigeandáil tithíochta anois, thógfadh sé roinnt blianta sula mbeadh smacht cheart ar chúrsaí. ‘Sea, tá gá freisin le beartas idirthréimhseach cíosa, dála mar a bhí á mholadh ag Alan Kelly.

Deir lucht na dtiarnaí talún go n-imeodh daoine as an margadh sin dá gcuirfí smacht ar chíos, ach fiú más fíor an méid sin, thógfadh sé cúpla bliain sula mbeadh aon tionchar aige sin ar an scéal.

Is é sin le rá go gcaithfear an dá lámh a chur ag obair le chéile: tithe a thógáil go tiubh agus cíos a smachtú ag an am céanna.

Tá fadhb dháiríre ann, mar sin féin, maidir le tithe a ligean ar cíos. Tá a lán daoine ann a bhfuil an cothromas diúltach ag cur as dóibh agus nach féidir leo na morgáistí a aisíoc, ach nach féidir leo costas an mhorgáiste a chlúdach sa gcíos ach oiread mar nach gceadaítear ach céatadán beag den ús le haghaidh faoiseamh ó cháin.

Dá ndíolfaidís na tithe, ní bheidís saor ó fhiach, agus níl aon réiteach i gceist ag an rialtas dóibh siúd atá sa bhfaopach seo, daoine a cheannaigh tithe mar áit chónaithe is ní ar mhaithe le hinfheistíocht.

Ach leis an oiread sin béime sna meáin ar a bhfuil sa bplean seo faoi chíos, níl mórán airde á tabhairt ar an taobh is baolaí den phlean a mholann laghdú ar chaighdeáin pleanála ar mhaithe, deirtear, le spreagadh a thabhairt don mhargadh tógála – ‘sea, an margadh arís.

‘Sea, níl scéalta Priory Hall nó Longboat Quay curtha chun na leapa againn, agus tá an rialtas ag moladh go mbeadh laghdú ar chaighdeáin, ar thoisí riachtanacha d’ionaid chónaithe; go mbeidh gearradh siar ann le méid an tsolais a chaithfí a chinntiú i dteach nua is go mbeidh laghdú fiú ar líon na n-ardaitheoirí sna hárasáin.

Ní réiteoidh botháin bhó nó crónna con riachtanais chónaithe na ndaoine a bhfuil dídean ag teastáil uathu, ach sin é atá sa bplean i ndáiríre.

‘Sea, an fhaid is a chloítear leis an gcreideamh nach bhfuil aon dul as ach brath ar an margadh, fágfar na daoine seo gan réiteach, agus fágfar an chuid eile againn faoi bhrú ag arduithe cíosa, ag an imní go gcaillfí teach, agus ag an éadóchas maidir lena bhfuil i ndán dúinn agus an geilleagar ‘á tharrtháil’ ag an Rialtas, mar dhea.

Agus is cuma mar sin cén casadh a bhaineann urlabhraithe Alan Kelly as an scéal, beidh fadhbanna tithíochta mar ábhar díospóireachta le linn an fheachtais toghcháin atá romhainn.

Fág freagra ar 'Níl fadhb na tithíochta ach ina tús, is cuma cén casadh a bhaineann Alan Kelly as an scéal'