Ní mór a dhul i ngleic gan mhoill le ceist na dtinte cnámh agus na cártaí oráiste agus uaine a dhó

Fadhb do gach aon duine iad na tinte cnámh ó thuaidh, ach an iomarbhá idir Glas agus Oráiste ag teacht salach ar fhuascailt

Ní mór a dhul i ngleic gan mhoill le ceist na dtinte cnámh agus na cártaí oráiste agus uaine a dhó

Sam Boal/Rollingnews.ie

Círéibeacha i gceantair náisiúnacha i mBéal Feirste.

I gceantar an mhargaidh chuir slua, thart ar dhá scór déagóir carranna trí thine agus d’ionsaigh siad póilíní. In iarthar na cathrach cuireadh foirgneamh trí thine, ceann a bhíodh tráth ina cheanncheathrú ag an chomhar creidmheasa in íochtar cheantar na bhFál. Tháinig an foirgneamh sin slán as blianta fada de phléascanna agus loisceadh ach scriosadh é in aimsir shíochána.

Tinte chnámh mar chomóradh ar imtheorannú an 9 Lúnasa 1971 a tharraing an trioblóid. Bhí áitritheoirí i gceantar an Mhargaidh, i gceantar Divis agus sa Lóiste Nua i dtuaisceart na cathrach ag gearán le tamall faoin méid ábhair a bhí bailithe ag ógánaigh le haghaidh tinte a lasadh oíche Dé Máirt/maidin Dé Céadaoin. Bhí faitíos ar dhaoine go ndéanfadh na tinte damáiste mar a rinne tine na ndílseoirí ar an 11 Iúil i Rae an Ghainimh.

Mhaígh daoine as an áit nach raibh aird ar bith orthu ag an dream óg a bhí ag carnadh ábhair. Ba chosúil nach raibh seans ar bith ar chomhghéilleadh. Seachtain ó shin vótáil Comhairle na Cathrach go bhféadfaí an t-ábhar do thinte contúirteacha a thógáil ar shiúl. Sinn Féin a mhol agus d’aontaigh an SDLP agus Alliance leo. Tá an cinneadh á chur faoi bhráid na comhairle ar fad ag an DUP lena athscrúdú ach, idir an dá linn, seasann sé.

Cúig lá i ndiaidh chinneadh na Comhairle, ag breacadh lae ar an Luan chuaigh conraitheoirí a bhí fostaithe ag Halla na Cathrach go ceantar an Mhargaidh agus go Divis le hábhar tine a bhailiú agus a thabhairt leo. Bhí póilíní faoi éide chíréibe mar chúltaca ag na hoibrithe. Thosaigh an trioblóid níos deireanaí sa lá, gasúir le púicíní orthu i mbun ionsaithe – cuid acu nach raibh fós sna déaga, iad ag caitheamh cloch agus buamaí peitril le póilíní agus le gluaisteáin. D’fhill daoine tar éis a lá oibre chun a gcarranna a bhí páirceáilte sa cheantar a fháil – ach bhí na feithiclí loiscthe nó b’éigean do na tiománaithe garda cosanta a fháil ón PSNI.

Iompar náireach, díchéillí.

Tráth dá raibh ba sheachtain scanrúil í an ceann seo agus bhíodh an trioblóid i bhfad níb fhorleithne. Bhíodh tinte cnámh, círéibeacha, réabadh agus foréigean coitianta ar an 9 Lúnasa ar feadh na mblianta tar éis an imtheorannaithe. Cinneadh tubaisteach de chuid rialtas Stormont agus rialtas na Breataine ab ea na céadta Caitliceach a scuabadh chun bealaigh ar an 9 Lúnasa 1971 agus iad a imtheorannú ina dhiaidh sin. Iarracht in aisce chun stop a chur leis na Trioblóidí a bhí ina dtús ag an am.

Is iomaí duine a gortaíodh, maraíodh daoine agus gabhadh a lán ag imeachtaí cuimhneacháin ar an imtheorannú. Le himeacht aimsire tuigeadh gurb iad a gceantair agus a bpobal féin a bhí thíos leis an trioblóid sa tréimhse sin. Bhailíodh daoine leo don tseachtain díreach mar a d’imíodh na sluaite i mí Iúil chun buaicphointí shéasúr na máirseála a sheachaint. B’fhacthas dá lán gur deis a bhí sa chomóradh d’iompar frithshóisialta agus nár mhór é a cheansú.

Bunaíodh féilte ar nós Féile an Phobail in iarthar Bhéal Feirste chun rogha eile a sholáthar do dhaoine ag an am sin. D’éirigh thar barr leis na féilte ach seans gur éirigh chomh maith sin leo gur imeachtaí don bhunaíocht iad anois. Nó ar a laghad is mar sin a fhéachann daoine óga atá ar an imeall orthu. Bhí dhá rud ar siúl ag lucht na trioblóide an tseachtain seo, iompar frithshóisialta ag dreamanna a chothaíonn imreas go minic agus daoine óga nach bhfuil tada ar eolas acu faoin imtheorannú á n-ionramháil ag dreamanna poblachtacha atá naimhdeach do Shinn Féin.

‘Ceapann na ‘shinners’ go bhfuil siad i gceannas orainn go léir ach tá dul amú orthu’ a dúirt déagóir liom. Níl a fhios agam an bhfuil mórán, nó fiú éinne, ar aon phort leis. Ghlaoigh fir ar chlár raidió ag maíomh go raibh fearg ar na daoine óga mar gur tógadh ábhar na dtinte uathusan ach nár deineadh amhlaidh leis na dílseoirí an mhí seo caite.

Arís, cá bhfios cé chomh forleathan is atá an tuairim sin ach is dearcadh é a mbainfeadh easaontóirí poblachtacha leas as.

Aontaíonn móramh an phobail go bhfuil gá le beartais lena chinntiú go mbeidh tinte cnámh sábháilte. Mhaígh na páirtithe i gComhairle Chathair Bhéal Feirste a vótáil i bhfabhar idirghabhála nach raibh an dara rogha ann nuair nach dtabharfadh lucht na dtinte éisteacht do na daoine a raibh siad ag cur isteach orthu. Cur chuige poblachtach/náisiúnach é sin, dar leis an DUP agus an PUP a mhol comhráite áitiúla seachas idirghabháil oifigiúil.

Cé go ndeir gach taobh nach mór stop a chur le tinte contúirteacha is baolach go bhfuil an iomaíocht idir oráiste agus glas á tarraingt isteach sa scéal. Deir roinnt dílseoirí nach bhfuil sa smacht ar thinte an imtheorannaithe ach seift de chuid Shinn Féin chun deis a thabhairt dóibh tabhairt faoi thinte dílseacha, díreach mar a rinne siad le paráidí.

Ní haon sólás ar bith an sórt sin cainte do dhaoine a bhí scanraithe roimh thinte cnámh oíche Dé Máirt. Ní haon chabhair dóibhsean, ná do na daoine sna hárasáin i Sandy Row an mhí seo caite, an tsean-iomarbhá sheicteach.

Ní féidir an fhadhb seo a ligean i ndearmad go dtí an samhradh seo chugainn.

Ní mór a dhul i ngleic léi gan mhoill ar bhonn sábháilteachta féin agus na cártaí oráiste agus uaine a chaitheamh i dtraipisí.