Ní móide go bhfuil aon Aifreann Gaeilge in Huddersfield níos mó, ach maireann an ceangal ‘spioradálta’

Tá Huddersfield Town ar ais sa Phríomhroinn i Sasana agus seans go mbeidh beagán Gaeilge le cloisteáil go sa Kirklees Stadium nuair a thosós an séasúr in athuair

Ní móide go bhfuil aon Aifreann Gaeilge in Huddersfield níos mó, ach maireann an ceangal ‘spioradálta’

Tugaim faoi deara go mbeidh Huddersfield Town ar ais sa roinn is airde i Sraithchomórtas Sacair Shasana an séasúr seo chugainn. £170 milliún steirling is fiú sin dóibh a deir an comhlacht Deloitte Sports Business Group. Fanacht sa bPríomhroinn anois an chloch is mó ar a bpaidrín agus seachaint a dhéanamh ar a dhul síos an dréimire go léim arís, mar atá tarlaithe go minic do chlubanna beaga le cúpla séasúr – Norwich agus Queens Park Rangers faoi dhó mar aon le Hull, Wigan, Cardiff, Fulham agus Middlesbrough.

Tá sé dhá scór bliain ó bhí Huddersfield sa roinn is airde cheana agus tá mé ag cur aoise orm féin nuair a deirim go bhfaca mé ag imirt ann iad. Ar an mbóthar go Leeds a bhí an pháirc an uair sin agus creidim gur ionad siopadóireachta atá anois ann. I Kirklees Stadium i bhfoisceacht leathmhíle do lár na cathrach atá staid an lae inniu atá tógtha le tuairim is scór bliain. Tá áit ann ag 24,500 duine agus beidh sé ag dul thar maoil nuair a imreofar an chéad chluiche i bPríomhroinn an tséasúir seo chugainn ann faoi Lúnasa seo chugainn.

Tá na ticéid don séasúr ar fad díolta, 17,500 acu agus ní hamháin go bhfágann a raibh orthu (£199) gurb iad is saoire sa bPríomhroinn, ach níl ach foireann amháin sa Championship a bhfuil praghas níos isle acu orthu – Wigan, £179. Sin tarlaithe agus é ráite níos túisce i mbliana ag formhór na ndaoine ar labhair an nuachtán an Huddersfield Examiner leo go mbeidís sásta a dhá oiread a íoc dá mbainfeadh siad an Phríomhroinn amach.

£3, sílim, a d’íoc mise le dhul isteach i Leeds Road fadó áit a bhfaca mé iad féin agus Everton ag críochnú gan aon scór ag ceachtar acu. An lá céanna i dtús mhí Aibreáin 1972, leathchéad míle ó bhaile sa Baseball Ground, d’fhág cúl a d’aimsigh John O’ Hare in aghaidh Leeds Utd go ndeachaigh Derby County go barr Roinn 1, áit ar chríochnaigh siad chun cinn ar chéilí comhraic an lae sin.

An t-isliú céime a bhí i ndán do Huddersfield, nár bhuaigh ach sé chluiche i gcaitheamh an tséasúir.

An ceangal atá idir pobal Leitir Móir agus Leitir Mealláin a d’fhág mise i Huddersfield i 1972. Timpeall an ama sin ba nós le foireann an cheantair, Naomh Anna, cuairteanna rialta a thabhairt anonn.

Dúradh thall liom go raibh imircigh as Conamara curtha fúthu in Huddersfield i bhfad roimh aimsir an Ghorta Mhóir, ach ar ndóigh ba sna 1950idí a bhí an imirce chun na háite ina neart – chomh láidir sin agus gur chuir Ardeaspag Thuama sagairt a mbíodh Gaeilge acu go Huddersfield sna 1950idí agus ‘60idí le freastal a dhéanamh ar imircigh Chonamara – muintir Ghorumna agus na Ceathrún Rua go háithrid.

Go deimhin tá tagairt dó sin sa leabhar Brendan Behan’s Island: an Irish Sketchbook a foilsíodh i 1962 ina ndeir an t-údar: ‘The largest annual spiritual retreat conducted in the Irish language is given at St Patrick’s Church in Huddersfield!’

Ní nach ionadh, ar fhilleadh abhaile dom i 1972 choinnigh mé il ar an imirt a rinne club sacair na háite sin agus ba ghruama a raibh i ndán dóibh mar atá luaite agam. Chailleadar a n-áit i Roinn 1 ag deireadh an tséasúir, an scéal céanna a bhí i ndán dóibh i Roinn 2 ag deireadh an chinn dar gcionn agus tar éis dóibh dhá shéasúr a chaitheamh i Roinn 3, thiteadar go Roinn 4 i 1975.

Ó bharr go bun i gceithre shéasúr.

Le teacht na mílaoise bhíodar i lámha riarthóra agus ba bheag nár thiteadar as a chéile ar fad, ach le blianta beaga tá an roth athraithe agus Huddersfield Town ar ais i measc na n-uasal, mar a bhí nuair a bhuaigh siad Sraithchomórtas Roinn 1 trí huaire as a chéile , i 1924, ’25 agus ’26.

Tá dornán beag Éireannach a d’imir dóibh thar na blianta. Chaith Mick Meagan tréimhse le Huddersfield Town i ndeireadh na ‘60idí nuair a bhí seisean ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar fhoireann na hÉireann agus níos gaire do láthair chaith Kevin Kilbane agus Anthony Pilkington tamallacha ansiúd.

Aon imreoir amháin de chuid na tíre seo atá ina measc siúd a rinne éacht an tséasúir seo caite – Seán Scannell a rugadh i Londain agus a bhfuil imeartha aige d’fhoirne faoi aois na hÉireann chomh maith leis an bhfoireann Shinsearach B.

Tá beirt ógánach Éireannacha sa gclub – cosantóir as Baile Átha Cliath, Danny Kane agus cúl báire as an gCeapach Mhór i Luimneach darbh ainm Tadhg Ryan.

Éireannach freisin is ea cóitseálaí na mbáireoirí in Huddersfield – Nick Colgan as Droichead Átha, a d’imir deich n-uaire do phríomhfhoireann na tíre, ach a thug tús áite níos minicí ná sin do Shay Given.

Is dócha gurb iad Denis Law agus Ray Wilson na himreoirí ba cháiliúla a d’imir leis an gclub le mo linnse. Dhíoladar Wilson le Everton dhá bhliain sular bhuaigh sé Corn an Domhain le Sasana i 1966. Ba le Huddersfield freisin a d’imir Denis Law, sular dhíoladar siúd le Manchester City é i 1960. As sin chuaigh sé go Torino na hIodáile agus ar ndóigh ina dhiaidh sin go Manchester United, club ar scóráil sé 171 cúl dóibh, 46 acu sin in aon séasúr amháin.

Ní móide go bhfuil aon Aifreann Gaeilge in Huddersfield níos mó, ach bheadh iontas orm mura mbeadh beagán di le cloisteáil i dteach ósta an Old Hatte in aice le stáisiún na mbusanna, an áit ba mhinicí ag muintir Chonamara a theacht le chéile, nó b’fhéidir fiú i Kirklees Stadium nuair a thosós an séasúr in athuair.

Fág freagra ar 'Ní móide go bhfuil aon Aifreann Gaeilge in Huddersfield níos mó, ach maireann an ceangal ‘spioradálta’'