Ní hamháin Gaelach, ach ‘google translated’ chomh maith

Baineadh leas as 'Google Translate' chun Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín Éire 2016, sliocht as Forógra na Poblachta san áireamh. Faraor, ní ann fós don ‘Google translate’ a dhéanfaidh mórtas cine agus teanga den náire chultúrtha agus den chúl le cine


Screen Shot 2014-11-13 at 02.54.01
Sliocht Béarla ó shuíomh Éire 2016 curtha isteach ar Google Translate. Mar a chéile atá an t-aistriúchán leis an sliocht Gaeilge ar www.ireland.ie

Oh my God! They’ve just gone and google translated the 1916 Proclamation!

Oh mo Dhia! Siad ach atá imithe agus google aistrithe Forógra 1916!

Ní ann fós, is cosúil, don ‘Google translate’ a dhéanfaidh mórtas cine agus teanga den náire chultúrtha agus den chúl le cine.

Má tá tú ag iarraidh ‘mó a fhoghlaim faoi na hÉireann 2016’, nó faoi dhearcadh Rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge i 2014, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar leathanach baile www.ireland.ie, suíomh idirlín Éire 2016, an clár náisiúnta le 100 bliain an Éirí Amach a chomóradh.

Sa phreasráiteas a scaip An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aréir faoi sheoladh Éire 2016, dúradh go mbeadh “roinnt tionscadal á mbrú chun cinn chun an meas a bhí ag Ceannairí 1916 ar an Ghaeilge a léiriú”.

Ba chóir tús a chur láithreach le tionscadal amháin, áfach: an teanga ar shuíomh 2016, a bhfuil dealramh áirithe aici le droch-Ghaeilge ar an gcéad fhéachaint, a bhaint de www.ireland.ie.

Ar eagla go gceapfadh éinne nach bhfuil an meas céanna ag ceannairí an lae inniu ar an nGaeilge is a bhí ag ceannairí Éirí amach na Cásca.

Níl ann ach go mbíonn pobal na Gaeilge go háirithe saghas ‘goilliúnach’ faoi na cúrsaí seo.

Agus arís níor mhaith le héinne go gceapfaí nach bhfuil Enda Kenny chomh Gaelach ina chroí istigh is a bhí an Piarsach féin.

Nó b’fhéidir gur ródhian atáimid.

B’fhéidir go ndéanfar leathscéal láithreach faoin dearúd seo agus go gcuirfear an scéal ina cheart gan mhoill.

B’fhéidir leis go mbainfear siar asainn nuair a fhógrófar na sonraí faoi na tionscadail teanga atá “á mbrú chun cinn chun an meas a bhí ag Ceannairí 1916 ar an Ghaeilge a léiriú”.

Níl aon eolas faoi na tionscadail chéanna ar www.ireland.ie fós, ach cuireadh ceist Dála ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta fúthu sa Dáil le déanaí.

An tAire Stáit Joe McHugh a d’fhreagair an cheist thar cheann Heather Humphreys, agus luaigh sé trí cinn de thionscadail ar fad.

Ba é an chéad thionscadal teanga a luaigh an tAire Stáit ná forbairt Ionad Oidhreachta ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.

Thug sé le fios go mbeadh aitheantas ag Teach an Phiarsaigh “in Fáilte Ireland’s Wild Atlantic Way project, Connemara Destination Plan and Connemara Driving Tour” agus go mbeadh sé mar “a key component of the strategy to develop the tourism sector in Connemara.”

Ba é an dara togra teanga le haghaidh 2016 a luaigh an tAire ná an digitiú átá a dhéanamh ar Irisleabhar na Gaedhilge, obair a chuirfear i gcrích “in time for 2016″.

Agus an tríú tionscadal teanga do chomóradh Éirí Amach na Cásca?

B’fhearr ligint don Aire féin an ceann sin a mhíniú mar tá ag dul dínn a cheangal le comóradh 1916 a thuiscint:

“The digitisation of the National Folklore Collection of Ireland is another project under development. This project, which is called Dúchas.ie, commenced in 2012 and is the result of a partnership between the National Folklore Collection in UCD, Fiontar in DCU and my own Department.

“This Irish folklore repository, some of which is already available online, features pages of handwritten folklore and local history recorded in 1937-38 by Irish schoolchildren as part of the Schools’ Collection. It is intended that a significant part of this Collection, including material from Gaeltacht areas, will be available online for the centenary of the 1916 Rising.”

Bí ag caint ar “glaoch chun gnímh do mhuintir na hÉireann agus ár Diaspóra a mheabhrú 1916”.

Some people have no shame.

Nó mar a déarfadh ‘Google Translate’: ‘Tá roinnt daoine aon náire’.


 

Screen Shot 2014-11-13 at 03.21.35
‘Google translate’ déanta ar Fhorógra na Poblachta, díreach mar atá ar shuíomh Éire 2016

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Ní hamháin Gaelach, ach ‘google translated’ chomh maith'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Tá an Bhéarla fós chun cinn agus níos inléite ar an suíomh sin. Náireach amach is amach.

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Dochreidte – sáraíonn siad iad féin gach lá. Céard é an chéad rud eile a thabharfaidh siad dúinn?

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Na pointí pionóis, na Gardaí, Uisce Éireann agus anois Comóradh 1916; Tá an praiseach ar fuaid na mías ag an Rialts seo.Ba cheart doibh toghacháin a ghairm agus imeacht go prás.

  • Mairéad Ní Chathasaigh

    Enda, Joe agus Heather! Masla i ndiaidh masla. An tír suaite acu. Ní féidir iad a náiriú. Molann an t-éan bréan é féin, is dócha.

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Dúradh in alt eile le Seán Tadhg gur botún a bhí ann úsáid a bhaint as leagan coinneála de chuid ‘Google translate’ agus go bhfuil sé ceartaithe anois. D’fhéach mé ar an suíomh cúpla nóiméad ó shin agus tá sé ina phraiseach cheart go fóill ! Ní gá dul thar an fhís –
    ‘AN FHÍS:
    Dul i mbun oibre le chéile i 2016, le dul i gcuimhne, teacht le chéile, le bheith ag samhlú, le cur i láthair agus le ceiliúradh a dhéanamh i 2016.’
    Céard sa diabhal is ciall leis sin? Agus is ar éigean atá an Béarla pioc níos fearr ná an Ghaeilge ar an suíomh ar fad. ‘Double Dutch’ sa dá theanga oifigiúil. Más é seo an cháipéis is fearr ar féidir leis an stát Éireannach a chur le chéile tar éis 100 bliain ar an bhfód cá hionadh go bhfuil cúrsaí na tíre sa riocht ina bhfuil siad !

  • Seán Mag Leannáin (@SeanMagL)

    Taobh amuigh den phraiseach a rinne siad den fhriotal sa dá theanga tá an t-ábhar féin agus an cur i láthair sa suíomh náireach agus áiféiseach. Sa chéad mhór-íomhá ann taispeántar an Bhanríon Elizabeth ag leagan bláthfhleasc (coróin labhrais) agus sa dara mór-phíosa íomhá tá Príomhaire Tory na Breataine ag leagan bláthfhleasc poipíní dearga agus an Taoiseach s’againne in éindí leis ! Dá mbeadh fís, nó samhlaíocht ar bith ag na daoine a chuir an cháipéis seo le chéile, bheadh an bhéim ar athmhuintearas a chothú i measc ár muintir féin agus tús áite tugtha do cheannairí na ndreamanna éagsúla a bhfuil orthu an t-oileán beag seo a roinnt (le úsáid a bhaint as focail John Hume), dreamanna a bhfuil muid in ainm is a bheith ag iarraidh an t-athmhuintearas a chothú eatarthu. An tUachtarán, an Taoiseach, na Chéad Airí ó thuaidh, ceannairí na bpáirtithe éagsúla thuaidh agus theas – b’shin an protocol ba chóir dúinn a leanúint – seachas bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal bhéal dorais.