Ní feiniméan Moslamach é an foréigean frith-aerach. Baineann sé leis an tsochaí ar fad

Tá sé ina raic san Ísiltír ó rinne seisear ógánach Moslamacha ionsaí gránna ar bheirt fhear aeracha ag an deireadh seachtaine. Ar an drochuair, tá an bhéalchráifeacht agus an ciníochas ina n-orlaí tríd an tráchtaireacht

Ní feiniméan Moslamach é an foréigean frith-aerach. Baineann sé leis an tsochaí ar fad

Níl ann faoi láthair ar mheáin shóisialta na hÍsiltíre ach grianghraif d’fhir i ngreim láimhe ar a chéile. #allemannenhandinhand, ‘#nafiruileingreimláimhearachéile’, an haischlib a bhíonn in aice leis na pictiúir.

Céard a tharla?

Dé Domhnaigh seo caite, rinne seisear óganach ionsaí gránna ar lánúin aerach i gcathair Arnhem in oirthear na hÍsiltíre. Bhí an bheirt fhear aeracha i ngreim láimhe ar a chéile agus iad ag filleadh abhaile tar éis oíche amuigh ar an mbaile. Thug seisear ógánach, idir 14 agus 20 bliain d’aois, fogha faoin mbeirt. Bhí gearrthóir boltaí ag duine de na hógánaigh agus bhris sé fiacla dhuine den bheirt fhear aeracha leis an uirlis sin. 

Tharla gur de shliocht Mharacó iad na hógánaigh a rinne an t-ionsaí, agus níl dabht ar bith faoi ach gur mó i bhfad an rírá agus an ruaill buaille faoin eachtra dá bharr sin. Léiriú a bhí ann, i súile mórán Ísiltíreach, gur Moslamaigh is cúis le foréigean frith-aerach ar bith sa tír.

Tá a mhalairt fíor, áfach. Léiríonn staitisticí gur ‘gnáth’-Ísiltírigh, ceal focal níos fearr, is ciontach as formhór mór na n-ionsaithe ar dhaoine LADT san Ísiltír ar gráin is bun leo.

Ach ní hin a cheapfadh duine a chaithfeadh súil ar na meáin agus ar na meáin shóisialta san Ísiltír an tseachtain seo. Cé nach raibh san fheachtas #allemannenhandinhand riamh ach iarracht inmholta tacaíocht a léiriú leis an bpobal aerach, is baolach go bhfuil boladh bréan na hIoslamafóibe ó chuid den tráchtaireacht a dhéantar faoin haischlib sin. Ní hamháin sin ach boladh bréan na béalchráifeachta, leis – go háirithe i gcás na bpolaiteoirí fir ar fad a chroch pictiúir díobh féin i ngreim láimhe ar a chéile ar na meáin shóisialta.

Bhí ciall ag baint, áfach, lena raibh le rá ag an iarbhall parlaiminte Tofik Dibi ar Ísiltíreach Moslamach aerach é.

‘Ní feiniméan Maracach é an foréigean frith-aerach. Feiniméan a bhaineann le fir dhíreacha atá ann. Agus chuirfeadh sé fonn múisce ar dhuine, arís is arís eile,’ a dúirt Dibi sa tvuít thuas a roinneadh na céadta uair.

Rachainn féin níos faide ná sin. Ní fir dhíreacha amháin is cúis leis an bhforéigean frith-aerach, ach mná díreacha freisin, agus fir agus mná aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha a ghlacann leis an status quo lena chois. An tsochaí ar fad is ciontach leis an bhforéigean frith-aerach, agus ní bheidh deireadh leis go dtí go dtugtar dúshlán fhorlámhas an phobail dhírigh ar an tsochaí – ní san Ísiltír amháin ach i ngach uile thír ar domhan. Ach déantar sin go stuama, gan bhéalchráifeacht, gan chiníochas.