‘Ní bheidh stát Palaistíneach choíche ann’ – Robert Fisk

Labhair Robert Fisk le Tuairisc.ie agus é ar chuairt ar Bhéal Feirste agus ní mórán dóchais atá aige faoina bhfuil i ndán dúinn, ón Teach Bán go dtí an Meánoirthear

‘Ní bheidh stát Palaistíneach choíche ann’ – Robert Fisk

Nuair a labhraíonn Robert Fisk leat faoi dhúnmharuithe uafásacha, tá a fhios agat nach bhfuil sé ag iarraidh geit a bhaint asat d’aon turas ach go bhfuil sé ag iarraidh fírinne éigin a léiriú faoin saol mar atá sé inniu sa Mheánoirthear agus in áiteanna eile.

Agus é ag caint ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste an tseachtain seo, labhair Fisk ar laoch dá chuid, an tEaspag Edward Daly as Doire, fear a bhfuil íomhá de greanta i sícé na cathrach: é ag croitheadh ciarsúir a bhí ar maos le fuil an déagóra, Jackie Duddy Domhnach na Fola.

Fuair an tEaspag Daly bás bliain ó shin an tseachtain seo agus deir Fisk gur cheangail sé an tEaspag i gcónaí leis an bhás “ach ar dhóigh mhaith”.

“Coicís sula bhfuair an tEaspag Daly bás, ghearr beirt, a dúirt gur le ISIS iad, scornach an Athar Jacques Hamel ina theach pobail taobh amuigh de Rouen i dtuaisceart na Fraince.

“Bhuail mé le baill ISIS, chonaic mé na dosaenacha acu marbh i ndiaidh buamáil a rinne na Rúisigh nó na Siriaigh agus mheabhraigh mé ‘an raibh coinsias ar bith ag na fir seo ISIS?’, daoine a bhain an cloigeann den iliomad íobartach, a dhóigh daoine eile chun báis, a chuir daoine i gcásanna miotail i linnte snámha sular scaoil siad iad le meaisínghunnaí. An dtiocfadh aithreachas orthu agus iad ag dul anonn in aois dá mairfeadh siad?

“Chuir mé an cheist sin ar Edward Daly, an mbíonn baill an IRA ag comhrac lena gcoinsias agus iad i ngar don bhás? Dúirt sé liom nár thuig mé an scéal. ‘Tagann an coinsias chucu i ndiaidh dá gcéad leanbh a theacht ar an saol’ a dúirt sé liom. ‘Tá saol úr acu agus trí mhí ina dhiaidh [saolú a linbh], tagann na fir óga seo a fhad liom cionn is gur mharaigh siad duine agus gan achar fada idir an t-uafás sin agus an saol úr seo. Caoineann cuid acu uisce a gcinn’ ar sé liom.”

Dúirt Fisk gur smaoinigh sé air sin agus é ag caint le captaen in Arm na Siria nuair a bhuail sé leis in Palmyra dhá bhliain ó shin – bhí sé ansin ocht lá ó shin fosta.

Mhínigh sé gur athghabh Arm na Siria Palmyra uair amháin sular athghabh ISIS arís é. Shaor Arm Assad an chathair arís ina dhiaidh sin ach le linn an chéad ionraidh ag ISIS, chuir siad 25 saighdiúir Siriach i líne agus scaoil duine amháin gach saighdiúir acu i gcúl an mhuiníl, duine i ndiaidh duine.

“Chuir mé ceist ar an chaptaen an bhfuair siad an duine a bhí freagrach as ach rinne sé gáire. Arís, níor thuig mé. ‘An duine a mharaigh iad, gasúr óg a bhí ann, b’fhéidir 10 mbliana d’aois,’ a dúirt an captaen. Nuair a bhí an sléacht thart, thug ISIS leo é’.”

Measann Fisk gur fada iad dúnmharfóirí ISIS agus a macasamhail ó na dúnmharfóirí a chaoin i ndiaidh bhreith a gcéad linbh.

“Tá eagla orm gur seo an gnáthrud a bheidh againn san am atá le theacht, páistí ag déanamh obair fir agus chonaic mé féin físeán ina raibh páiste seacht mbliana d’aois ag coscairt muineál duine agus páiste eile seacht mbliana d’aois a raibh cloigeann fir ina lámha aige.

“Seo iad marfóirí na todhchaí nuair a thiocfaidh leagan eile d’ISIS chun cinn agus tiocfaidh,” arsa Fisk.

Ach creideann sé go bhfuil ISIS an lae inniu buailte agus go mbeidh an bua ag fórsaí Assad a bhuíochas do na Rúisigh.

Tá na Rúisigh ag cuidiú le hAssad cionn is go bhfuil an Iaráic faoi thionchar Mheiriceá agus beidh an tSiria mar chrios maolánach acu.

“Is fórsa thar a bheith cumhachtach anois é arm na Siria agus is é an t-arm sin a thógfaidh an tSiria i ndiaidh na cogaíochta. Níor mhaith liomsa bheith i mo chónaí sa tír ach beidh ar Assad aitheantas a thabhairt do na deicheanna de mhílte de shaighdiúirí Siriacha a maraíodh,” arsa Fisk.

Maidir leis an Phalaistín, tá Fisk chomh héadóchasach céanna.

“Ní bheidh stát Palaistíneach choíche ann cionn is go bhfuil an oiread sin talún goidte ag na hIosraelaigh. Tá sé chomh simplí sin,” arsa iriseoir an Independent.

Tá sé 71 bliain d’aois agus bhí sé sa tSiria an tseachtain seo caite ag bleachtaireacht leis.

“Bhí mé le mo bhean chéile, bhí sise ag glacadh pictiúr, nuair a chonaic muid monarcha roicéad agus taobh amuigh di, bhí otharcharr de chuid Sheirbhísí Sláinte na hAlban! Cad é mar a bhain sé an tSiria amach? Cé a thug ann é? Cad é an úsáid a bhí á baint as? Níl a fhios agam go fóill ach tá a fhios agam gur as Meiriceá a tháinig na roicéid mar bhí ainm an Hughes Aircraft Corporation orthu.”

(Ba é an stiúrthóir scannán Howard Hughes a bhunaigh an comhlacht i Glendale, California i 1932.)

Domhandú na cogaíochta agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go domhain ann, a déarfá, ach deir Fisk nach bhfuil polasaí eachtrannach ar bith ag rialtas Mheiriceá.

“Tá gealt acu mar Uachtarán, i bhfírinne, tá sé go hiomlán ar mire, agus buailimse le taidhleoirí a deir, nuair a scairteann siad ar an Roinn Stáit (áit a bpléitear le gnóthaí eachtracha SAM) nach bhfaigheann siad freagra,” arsa Fisk.

Ní gá go mbeadh dea-scéal ag deireadh gach píosa cainte agus níor thug Fisk aon ábhair dóchais dúinn.

Ach ar a laghad bhí muid giota maith níos eolaí.