Na rúin is tábhachtaí agus is suimiúla ó Chomhdháil Bhliantúil CLG 2015

Agus comhdháil bhliantúil CLG ar siúl an deireadh seachtaine seo, breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid de na rúin is mó agus is conspóidí a chuirfear os comhair na nionadaithe

A general view of congress in progress 21/2/2014
Caption: Ionadaithe ag fáil réidh chun vótáil ar na rúin ag an gcomhdháil anuraidh. INPHO/Tommy Grealy

 

Tá Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ar siúl an deireadh seachtaine in óstán an Slieve Russell i mBéal Átha Conaill, Co. Cabhán. Déanfar Aogán Ó Fearghail a thoghadh mar Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ach, níos tábhachtaí ná sin fiú, cuirfear rúin maidir le rialacha agus riarachán Chumann Lúthchleas Gael os comhair na nionadaithe.

Baineann na rúin seo le gach rud ón bpoc éirice san iomáint go dtí eagar na gcraobhacha cúige. Agus 65 rún á bplé, is fiú breathnú ar chuid de na cinn is suimiúla.

Rún 1 & 2: Is é an cárta dubh an riail is conspóidí a rinneadh ag an gcomhdháil anuraidh agus fágann an chéad dá rún i mbliana go ndéanfar an cárta dubh a thabhairt isteach san iomáint má ghlactar leo. Tá an-chuid achrainn maidir leis an gcárta san iomáint agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an n-éireoidh leis na rúin seo.

Rún 5: Bhí athimirt i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann le trí bliana anuas agus thug na cluichí breise sin na milliúin Euro isteach i gciste Chumann Lúthchleas Gael. Agus an méid sin á thabhairt chun cuimhne againn, bheadh sé suimiúil a fháil amach cén tuaraim atá ag cuntasóirí an Chumainn faoin rún seo a bhfuil d’aidhm aige cluichí athimeartha a chur de dhroim seoil agus am breise a dhéanamh riachtanach do gach cluiche.

Rún 6: Is é atá i gceist ag an rún seo ná trastomhas agus meáchan an tsliotair a mhéadú chun nach dtaistealódh sé chomh fada agus a thaistealaíonn faoi láthair. Níl a fhios againn an imreoir lár páirce a bhí tinn tuirseach den sliotar a fheiceáil á bhualadh ón líne lánchúl go dtí an líne lántosach a chum an rún seo.

Rún 13: Baineann an rún seo le himreoirí a bhfuil buille sa cheann faighte acu. Cosúil leo siúd a bhaineann gearradh dóibh ar an bpáirc, tugann an rún seo cead don bhainisteoir ionadaí sealadach a chur isteach in áit imreora a gceaptar go bhfuil gortú comhtholgtha ag cur isteach air nó uirthi. Leis an bplé uile atá á dhéanamh ar an scéal seo sa rugbaí, is maith an rud é go bhfuil an CLG ag teacht roimh an bhfadhb seo anois.

Rún 14: Iarracht eile é seo fáil réidh le ‘mallacht’ an pas láimhe sa pheil. Má éiríonn leis an rún seo, bheadh ar chúl báirí an liathróid a chiceáil aon uair a fhaigheann siad pas ó imreoir ar a bhfoireann féin. Mura dtabharfaidh siad uathu an liathróid lena mbhróg, bronnfar cic 45m ar an fhreasúra.

Rún 16: Fearacht Rún 14, táthar ag iarraidh minicíocht na bpasanna láimhe sa pheil a laghdú leis an rún seo. Níl an ceann seo chomh casta le Rún 14, áfach; deirtear ann, go simplí, nach mbeadh cead ag foireann níos mó ná dhá phas láimhe a dhéanamh i ndiaidh a chéile.

Rún 21: Is é seo an moladh a rinne ‘Hurling 2020’ maidir leis an bpoc éirice. I mbeagán focal, deir sé gur cheart an sliotar a bhualadh ar an líne 20m, nó os a comhair, agus nár cheart go mbeadh ach cosantóir amháin, i.e. an cúl báire, ag seasamh ar líne an chúil.

Rún 23: Ceann eile ó choiste ‘Hurling 2020’ agus ceann a tharraing go leor achrainn. Is éard atá ann ná go mbeadh cead ag foireann ionadaí a thabhairt isteach d’aon imreoir a fuair dhá chárta buí i gcluiche. Níl Liam Sheedy, cathaoirleach an chiste, ró-dóchasach go n-éireoidh leis an gceann seo.

Rún 27: Tugadh tacaíocht don riail maidir leis an gclog poiblí agus an ‘hooter’ faoi dhó cheana, ach tá Rún 27 i mbliana á mholadh chun tacaíocht sin a tharraingt siar agus an riail, a bhí ceaptha teacht isteach ar 1 Aibreán, a chaitheamh san aer.

Rún 50: Leis an rún seo, d’ardófaí aois íosta imreora atá ceadaithe peil nó iomáint shinsearach a imirt go dtí 17 le haghaidh imreoir club agus 18 d’imreoir idirchontae. Is é Paddy McBrearty, tosaí Dhún na nGall, ceann de na himreoirí a d’imir don fhoireann sinsear nuair a bhí sé fós ina mhionúr i 2012.

Rún 57: Is i 2005 a thug an CLG cead do chluichí eile spóirt Páirc an Chrócaigh a úsáid agus deich mbliana ina dhiaidh sin, tá siad ag iarraidh na staid agus na páirceanna uile a chur ar fáil. Tá sé ráite cheana féin ag an CLG go dtabharfaidís tacaíocht don IRFU Corn an Domhain a reáchtáil anseo agus chabhródh an rún seo leis an bhfeachtas sin dá nglacfaí leis.