‘Ná caill do dhúchas. Ná tógaidís uait é’ arsa an turasóir teanga i gClub Áras na nGael liom

Chas ár gcolúnaí le turasóir teanga agus cultúir i gClub Árus na nGael i nGaillimh a mhínigh dó luach na Gaeilge agus an “fhíorchultúir Ghaelaigh” do thurasóirí in Éirinn

Uncle_Sam_(pointing_finger)

“Tá in éad leat,” a dúirt sé liom, “tá agatsa gach a santaíonn óige Chalifornia agus iad i mbun domhainmhachnaimh. Ná séan agus ná caill an méid a thug do dhúchas duit.”

Os mo chomhair i gClub Áras na nGael i gCathair na dTreabh bhí Meiriceánach meánaosta ag aithris scéalta a shaoil dom, agus é ag preabadh idir ‘British’ agus Gaeilge. Is eolaí agus siamsaí é Matt a tháinig go hÉirinn ó Dhún Uí Coileáin, nó Fort Collins TX mar a thugann muintir na háite air, le Gaeilge a fhoghlaim agus blaiseadh de chultúr a shean a fháil. Bhí in Árus na nGael Dé Céadaoin seo caite le n-éisteacht le heachtrannach eile a d’fhoghlaim an Ghaeilge – Alex Hijmans – ag léamh sleachta as a shaothar.

Thug mé suntas láithreach d’fhear an phónaí léith a d’ordaigh deoch ag an mbeár agus blas láidir Mheiriceá ar a chuid Gaeilge. Nuair a bhí a chuid ráite ag Alex, chuaigh mé chun comhrá leis an Meiriceánach mistéireach seo a bhí th’éis nóta a dhéanamh de gach a ndúirt an t-údar Ollanach agus chuir mé an tseancheist chéanna a chuirtear ar gach uile eachtrannach a bhfuil an cúpla focal aige – tuige an Ghaeilge?

an-spéis ag Matt i dteangacha. Is mó a spéis arís i ndaoine agus feictear dósan gurb é an bealach is fearr le haithne a chur ar thír ná thú fhéin a shá i measc mhuintir na tíre agus thú fhéin a bhá ina dteanga.

“Bhí i mé i mBaile Átha Cliath. Thug sé a raibh uaim dom, eolas ginealaigh faoi mo mhuintir – muintir Uí Ainbhtheáin agus muintir Uí Laochdha – ach ní raibh spéis dá laghad agam i nDisneyland na hÉireann a bhí cruthaithe ag lucht turasóireachta san Ardchathair,” a dúirt sé liom, “ní shin an Éire cheart agus ní shin a bhí uaim.”

Tháinig Matt go Gaillimh le Gaeilge a fhoghlaim. Nuair atáthar ag foghlaim teanga, dar leis, luíonn sé le réasún go ngabhfadh an foghlaimeoir chuig an gceantar as a gcraoltar an Nuacht mar is ann a fhoghlaimeofar an chanúint a thuigfí ó cheann ceann na tíre. Tá cúig theanga ar a thoil aige agus deir sé gur ar an gcaoi sin a d’fhoghlaim sé chaon cheann acu. Ba mhór an cúnamh freisin gur canúint Chonnacht atá le fáil sa dá leabhar Gaeilge a d’úsáid sé le tús a chur lena thuras teanga.

Ach ní ag brath ar fheasacháin nuachta TG4, podchraoltaí Iris Aniar agus ceachtanna leabhair amháin atá Matt chun snas a chur ar a chuid cainte. Tá an-mhuinín aige as coincheap an tumoideachais agus shantaigh sé comhluadar Gaeilge nach mbeadh tionchar dá laghad ag an mBéarla air – rud a bhfuil sé an-deacair a theacht air in Éirinn cé go bhfuil sé ruainne beag níos fusa i gConamara. Chuige sin, thug sé an dá phaisean atá aige – an eolaíocht agus teangacha – le chéile sa gcaoi is go bhfoghlaimeodh sé an Ghaeilge agus go bhfágfadh sé féirín buíochais ina dhiaidh acu sin a mhúin dó í.

‘taispeántais’ eolaíochta tugtha ag Matt i scoileanna ar fud Chonamara agus fiú do mhuintir Thearmann Éanna in Indreabhán. Méadaíonn a mhuinín le gach ceardlann a thugann sé agus ardaíonn caighdeán a chuid Gaeilge freisin.

“Tá an-bhuíoch do Mhichael Bharry Ó Flátharta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua a chuir i dteagmháil leis na scoileanna éagsúla mé agus do Cholm Mac Donncha ó Chonradh na Gaeilge a chabhraigh liom script Ghaeilge a ullmhú do na taispeántais eolaíochta a thugaim i scoileanna Mheiriceá,” a dúirt sé. “Rinne Colm taifead ar an script agus shuigh mé síos agus d’éist mé le gach uile nóiméad de arís agus arís eile go dtí go raibh sé de ghlanmheabhair aige. Bhí á foghlaim mar a fhoghlaimíonn gasúr óna thuismitheoirí – aithris aithris aithris. Má bhíonn focal á agam ar bhealach difriúil ó leagan Choilm, deirim arís é go dtí go mbeidh sé i gceart agam.”

Is croíchuid d’Éirinn í a teanga, dar le Matt. Tar éis do na bealaí uile ar fhoghlaim sé an Mandairínis, an Spáinnis, an tSualainnis, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a mhíniú dom, d’iontaigh sé ar oidhreacht na hÉireann agus a bhfuil i ndán di.

“What you’ve got, they can’t find and you mustn’t lose,” a dúirt sé liom.

seacht gcúis, dar leis, ar cheart do na hÉireannaigh an Ghaeilge a úsáid níos minice agus tá Oilibhéar Cromail ar bharr an liosta aige. Is de shliocht na hÉireann é féin a mhínigh sé dom an athuair, ach cheil córas oideachais Mheiriceá fírinne na staire Éireannaí air ar feadh na mblianta. Tá cúrsaí curtha ina cheart aige ó shin, a mhaíonn sé, agus an dearcadh a bhí aige ar ghaiscí an Tiarna Cosantóra athraithe ó bhonn ó tháinig sé go hÉirinn, mar ar fhoghlaim sé an taobh sin den scéal nach n-insítear i scoileanna na Breataine agus Mheiriceá. Chaoch sé an tsúil agus dúirt go caolchúiseach go mb’fhéidir go raibh lorg a DNA ar uaigh Chromail i Mainistir Westminster – ní fhéadfadh sé an scéal sin a fhíorú a bhréagnú i láthair iriseora, ar ndóigh.

labhraíonn an tÉireannach “British”, is í teanga Chromail agus gach a dtáinig ina dhiaidh atá á labhairt aige – “agus cén sórt teanga í sin le húsáid le do chailín nuair a nochtann tú do ghrá di den chéad uair?” D’fhéadfadh na hÉireannaigh iompú ar an nGaeilge láithreach agus ceithre chéad bliain de cos ar bholg teangeolaíochta a chaitheamh díobh, a dúirt sé, agus is in Éirinn amháin a d’fhéadfadh athrú teanga chomh sciobtha sin tarlú.

Ceathracha bliain ó shin, a dúirt sé, labhair 15% de mhuintir Texas an Spáinnis. D’fhoghlaim Matt an Spáinnis ar scoil ar feadh ceithre bliana mar cheap sé go mb’fhéidir go mbeadh sé úsáideach amach anseo – b’fhíor dó ar deireadh. Is í an Spáinnis príomhtheanga os cionn 50% de mhuintir Stát an Réalta Aonair anois. “D’athródh Éire in aon oíche amháin.”

spéirmhná agus spéirfhir na Gaeilge ar bharr a liosta freisin agus d’inis sé dom agus meangadh ar a éadan gurb iad na mná óga a chonaic sé i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath na cailíní is deise dá bhfaca sé in Éirinn go dtí seo. “Ní aon chaill ar na fir ach an oiread,” a dúirt sé; “má céile cliste slachtmhar uait, níl le déanamh ach múinteoir bunscoile a aimsiú. Ba cheart go mbeadh gach fear agus bean in Éirinn ar thóir Gaeilgeora.”

Labhair muid ar feadh cúpla uair a’ chloig faoi shaol Mhatt agus na pleananna atá aige don am atá le theacht – “Níl mé chomh sean sin go fóill; nár dhreap mé Macchu Picchu anuraidh?” – agus roinn sé liom an taithí phearsanta a thug an Ghaeilge dó mar thurasóir in Éirinn. Ná bac Oliver St John Gogarty’s agus ná bac Barra an Teampaill a deir sé, ach siar go Conamara áit a mbíonn an chraic is an spraoi! Gheobhair “fíorchultúr na hÉireann” i measc na ndaoine a bhfuil an cultúr sin acu, ní mar gheall go bhfuil brabach le baint as, ach de bhrí gurb é an cultúr dúchais atá acu.

“Ná caill do dhúchas. Ná tógaidís uait é.”

Fág freagra ar '‘Ná caill do dhúchas. Ná tógaidís uait é’ arsa an turasóir teanga i gClub Áras na nGael liom'

  • Eoghan ONeill

    Tógáil croí í cloisteáil faoin duine dearfach sin ó California a bhfuil Weltanschaung leathan culthurtha aige. Go maire sé an céad!