Ná bímis ródhian ar Auntie RnaG, nach í a thóg sinn?

Nuair a chuirtear Gaeilge fhoireann an raidió i gcomparáid le caint fhormhór mhuintir na Gaeltachta, is geall le file gach aon duine acu

RnaG R na G Radio Raidio

Bhí lá breithe á cheiliúradh ag ár n-aintín ar an Satharn seo d’imigh tharainn. Ach má bhí, bhí trua agam di, mar ní raibh faic á fháil aici le seachtain roimhe sin ach béal agus cáineadh.

Dúradh fúithi nach raibh aici ach liobar droch-Ghaelainne agus go raibh abláil gan bun gan dealramh á déanamh aici ar an dteanga seo againne. Bhí sé de phort ag daoine eile go raibh sé in am aici féachaint isteach inti féin agus athnuachan agus athbheochan a dhéanamh uirthi féin, agus nach raibh sí ag freastal mar ba cheart orthu siúd a bhí ag brath uirthi. N’fheadar fiú ar tugadh canta de chíste nó smut de chárta lae breithe di in aon chor.

Ag trácht ar Auntie RnaG atáim, gan dabht, agus tuairimí Chéin Uí Éigeartaigh i dtaobh chaighdeán teanga an stáisiúin agus tuairimí Lorcáin Uí Chinnéide go raibh athrú ó bhonn ag teastáil ón stáisiúin chun go mbeadh sé in oiriúint dá phobal ar na saolta seo.

Ach ní haon rud nua é seo. Ó bunaíodh RnaG i 1972 bhíothas ag fáil locht ar an tseirbhís. Ní raibh Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta sásta toisc gur RTÉ a bheadh i gceannas air in ainneoin gur faillí na heagraíochta úd i dtaobh na Gaelainne agus na Gaeltachta an chúis gur bunaíodh raidió bradach sa Ghaeltacht an chéad lá.

Bhí cuid de mhuintir na Gaeltachta cáinteach toisc go raibh, dar leo, an iomarca béime ar cheisteanna Gaeilge agus Galltachta, agus cuid de mhuintir na Galltachta á rá go raibh an tseirbhís nua rópharóistiúil agus ró-áitiúil.

Go deimhin, bhí roinnt daoine i gCorca Dhuibhne míshásta gur bunaíodh an stáisiún in aon chor nuair nach raibh éileamh ar a leithéid i measc an phobail agus gur córas séarachais i mbailte beaga na dúiche a bhí uathu. 

Ina theannta sin. bhíodh leagadh á dhéanamh de shíor ar chaighdeán teanga na gclár-reachtairí agus na léitheoirí nuachta.

Mhol údar Gaeilge mór le rá i 1981 go gceapfaí daoine nach mbeadh de dhualgas orthu ach a bheith ag éisteacht leis an raidió agus ‘nótaí a thógáil’ de na botúin teanga agus an ‘t-aistriúchán lom ón ndroch-Bhéarla’ a bhí á dhéanamh ag foireann an raidió (d’fhéadfaí a rá gan amhras gur aistriúchán lom ón droch-Bhéarla é ‘nótaí a thógáil’, ach sin scéal eile). 

Braithim gur cheart dom an raidió a chosaint, cé go n-admhaím go bhfuilim claonta; duine is ea mé a tógadh le RnaG – bhíodh sé ar siúl sa tigh agus sa mhótar againn ó dhubh dubh agus mé ag éirí aníos, agus chaith m’athair sé bliana déag ag obair sa raidió. Go deimhin dhuit a dhuine, bhí teidí agam agus mé im’ gharsúinín darbh ainm Máirtín Jamesie.

Is mó babhta a bhíos i dtacsaí ag teacht abhaile ón Daingean i lár na hoíche agus ní haon phort ón Top 30 a bhíodh á phortaireacht ag an mbuíon a bhí ar deargmheisce istigh inti ach port aitheantais An Saol Ó Dheas.

Bhí an raidió fite fuaite tríd ár saol agus fiú sa lá atá inniu ann bíonn RnaG ar siúl agam a sé nó a seacht d’uaireanta a’ chloig i rith an lae.

An cheist is mó ar cheart a chur maidir leis an raidió ná cá mbeadh ár bpobal, ár gcultúr agus ár dteanga dá cheal? Murach an raidió, an mbeadh ardán tugtha do cheoltóirí, amhránaithe, scéalaithe, seanchaithe agus pobail na Gaeltachta chun a gceirdeanna a chleachtadh? An mbeifí tar éis a léiriú go bhféadfaí clúdach cuimsitheach, cumasach, nuálaíoch a dhéanamh ar chúrsaí reatha, nuachta agus polaitíochta sa teanga seo ‘gainne?

An gceapfadh bunadh óg na Gaeltachta nach raibh an Ghaelainn maith a dóthain mar theanga le húsáid ar mhórócáidí spóirt ar nós troid Sheáin Mannion i nGairdín Cearnógach Mhadison nó le linn éachtaí Khatie Taylor ag na Cluichí Oilimpeacha?

Is beag stáisiún raidió atá chomh fite fuaite leis an bpobal ar a bhfuil sé ag freastal is atá RnaG, agus seans go bhfuilimid mar phobal tar éis dearúd a dhéanamh ar an tseirbhís atá curtha ar fáil acu dúinn le daichead éigin bliain.

Mar sin féin, is dócha go raibh cuid den fhírinne ag Cian agus ag Lorcán. Is cinnte go bhfuil focail agus téarmaí allúracha ag éalú isteach sa chaint, ní hamháin ar an raidió ach i ngnáthchaint na ndaoine. Nach minic a chloisfeá go raibh duine díreach tar éis teacht back ó town agus go rabhadar aidleálta d’iarraidh an motor a pharkáil sa charpark? Cad fé na daoine a bhíonn ag meetáil sa phub i gcomhair game pool? Gan dabht, caithfear caighdeáin teanga ní ba airde a choimeád i dtaobh craoltóirí nó iriseoirí, ach nuair a cuirtear caint fhoireann an raidió i gcomparáid le caint fhormhór mhuintir na Gaeltachta, is geall le file gach aon duine acu.

Bhí scata den fhírinne á rá ag an gCinnéideach chomh maith. Dúirt sé, mar shampla, gur cheart don raidió taighde a dhéanamh ar an lucht éisteachta d’fhonn seirbhís ní ba oiriúnaí a chur ar fáil dóibh, agus nach raibh an múnla ar a bunaíodh an raidió i 1972 oiriúnach a thuilleadh. Fé mar a dúrt anso cheana tá pobal na Gaeltachta athraithe go mór ó 1972, agus is deacair d’aon stáisiún amháin freastal ar riachtanais éisteachta an phobail anois. Tá an Ghaeltacht féin athraithe, agus níos mó fáis agus forbartha ag teacht ar an nGaeltacht ar-líne ná mar atá ar an nGaeltacht fhisiceach thraidisiúnta. Ní féidir gach éinne a shásamh an t-am ar fad – múchann fiú an t-éisteoir is dílse an raidió nuair a bhíonn ábhar nach suim leo á phlé.

Bunaíodh RnaG ar mhúnla Raidió Éireann, agus b’fhéidir go bhfuil nod i bhforbairt na heagraíochta sin le blianta beaga anuas do RnaG, go háirithe sa tslí a chuireann an eagraíocht san an nua-theicneolaíocht ag obair ar a son.

Chomh maith le Radio 1, 2FM, RnaG agus Lyric, tá roinnt mhaith stáisiúin ar-líne ag RTÉ anois – leithéidí 2XM, Junior, Gold & Chill. Nach mbeadh deis ag RnaG, fé mar a mhol Lorcán, earraíocht a bhaint as an gcur chuige sin chun cláracha bunaithe ar ghnéithe éagsúla de shaol na linne seo a chraoladh – cláracha faoi chúrsaí ceoil, iascaigh, feirmeoireachta, ealaíne, drámaíochta, siamsaíochta, óige, nó an t-iliomad ábhar eile? Nach bhféadfaí freastal ar an bpobal sa tslí sin, ar chostas réasúnta, agus Raidió na Gaeltachta a bheith mar mháthaireagraíocht?

Tiocfaidh athrú ar Auntie RnaG, fé mar is dual d’aon eagraíocht atá ag freastal ar phobal ar leith, ach tá súil agam go mbeidh sí fós beo beathaíoch agus leathchéad agus nó céad bliain á cheiliúradh aici.