Moladh faoi riachtanas Gaeilge ollscoile tarraingthe siar

Cumann na nOllscoileanna Éireannacha anois ag rá gur ceist é d’Ollscoil na hÉireann cé acu ar cheart nó nár cheart riachtanas Gaeilge a bheith ann chun áit a bhaint amach ar chúrsaí ollscoile

Close up of a graduation cap and a certificate with a ribbon

Tá cúlú á dhéanamh ag Cumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) ar a moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile agus iad ag rá anois gur faoi Ollscoil na hÉireann (NUI) atá sé cinneadh a dhéanamh faoin gceist.

Mar a tuairiscíodh anseo ar dtús, moladh i dtuarascáil le tascghrúpa de chuid an IUA nár cheart go mbeadh an Ghaeilge riachtanach do mhic léinn ach amháin i gcomhair na gcúrsaí ollscoile a bheidh á gcur ar fáil trí mheán na teanga sin.

Ach chuir an IUA ráiteas ar fáil do Tuairisc.ie aréir a léiríonn go bhfuil an moladh faoin nGaeilge á tharraingt siar acu. Sa ráiteas ón IUA, dúradh go mbeadh “tagairt” sa dréacht deireanach den tuarascáil don Ghaeilge i measc teangacha nua-aimseartha eile.

“The final draft of the IUA report, when complete, will contain reference to promoting engagement with modern languages, including Irish…” a deirtear sa ráiteas a eisíodh do Tuairisc.ie.

In áit mholadh an tascghrúpa go bhfaighfí réidh le riachtanas na Gaeilge mar ábhar iontrála, tá an IUA anois ag rá go bpléifear cé acu “whether or not a matriculation requirement is an appropriate mechanism to promote such engagement”.

Dúradh nach mbaineann riachtanas máithreánachais na Gaeilge ach leis an gceithre ollscoil atá faoi scáth Ollscoil na hÉireann agus, dá bharr sin, gur ceist don NUI í ceist an riachtanais Gaeilge. Níl an Ghaeilge ina hábhar riachtanach iontrála ach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá ionadaíocht ag na seacht n-ollscoil sa Phoblacht ar an tascghrúpa an ‘Task Group on Reform of University Selection and Entry’ (TGRUSE), a rinne an moladh go gcuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge.

Is cosúil go bhfuil athmhachnamh anois á dhéanamh ar an moladh sin, a tháinig chun solais ar dtús de bharr iarratais a rinne Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI).

Ar fhoilsiú an scéil ar an suíomh seo, rinne idir pholaiteoirí agus eagraíochtaí teanga cáineadh láidir ar an moladh faoin nGaeilge.