Moill ar thuarascáil na gceadúnas feilméarachta mara de bharr ualach na hoibre

Tá lucht na feilméarachta éisc agus cladaigh ag súil go réiteoidh an tuarascáil seo an bealach do chóras ceadúnas a bheidh níos éifeachtaí agus níos sciobtha

Moill ar thuarascáil na gceadúnas feilméarachta mara de bharr ualach na hoibre

Beidh sé coicís eile, ar a laghad, sula gcuirfidh an Coiste Neamhspleách atá ag déanamh meastóireachta ar an gcóras ceadúnas d’fheilméaracht na mara a dtuarascáil faoi bhráid an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara.   Bhí an tuarascáil seo ceaptha a bheith ullmhaithe roimh thús na Bealtaine ach tá síneadh ama tugtha don Choiste de bharr a bhfuil d’obair i gceist.  Idir an dá linn, tá lucht na feilméarachta éisc agus cladaigh ag súil go réiteoidh an tuarascáil seo an bealach i dtreo córas ceadúnais a bheidh níos éifeachtaí agus níos sciobtha.

Tá Marine Harvest Ireland – an comhlacht feilméarachta bradán is mó sa tír seo –  ina measc siúd atá bearránach faoin gcaoi a bhfuil iarratais ar cheadúnais dá láimhseáil. ’Sí an chonspóid a bhaineann leis an suíomh atá acu i  gCuan Bheanntraí – Shot Head – an rud is mó atá ag cur as dá bpleananna forbartha faoi láthair.    Cé gur tugadh cead oibre dóibh ansin i mí Mheán Fómhair 2015 – tar éis próiseas a lean ar feadh ceithre bliana – rinneadh achomharc ina n-aghaidh.  Bhí éisteacht phoiblí ann cúpla mí ó shin, ach tuigtear anois nach bhfógrófar an toradh air sin go dtí an fómhar.  Fiú agus dá n-éireodh le Marine Harvest Ireland an ceadúnas a choinneáil ní fhéadfaidís a dhul ag obair ar an suíomh go ceann bliana ina dhiaidh sin de bharr na gcoinníollacha atá ag baint leis an gcóras.  “Is deacair  gnó a choinneáil ag imeacht nuair atá an córas chomh casta agus chomh mall seo,” a deir foinse i Marine Harvest Ireland.

Triúr a cheap an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed i mí na Nollag seo caite ar an gCoiste Neamhspleách atá ag scrúdú chóras na gceadúnas feilméarachta mara – Lorcán Ó Cinnéide, Príomhfheidhmeannach ar Chumann Lucht Próiseála agus Easpórtála Éisc in Éirinn; Ken Whelan, ollamh agus saineolaí ar bhradáin agus Cathaoirleach an choiste, Mary Moylan, iar-rúnaí cúnta sa Roinn Comhshaoil. Cuireadh teorainn sách géar le hobair an choiste – tuarascáil a bheith istigh acu roimh an gcéad lá de Bhealtaine.  Tugadh deis don phobal aighneachtaí a chur isteach.

Léiríodh suim mhór san obair agus cuireadh 380 aighneacht faoi bhráid an Choiste.  De réir scéil, tá os cionn 75% de na haighneachtaí sin fabhrach a bheag nó a mhór le tionscal na feilméarachta mara agus cladaigh.

Tá mionscrúdú á dhéanamh ar na haighneachtaí agus ar fhoinsí eile eolais. Níor éirigh leis an gCoiste cloí leis an teorainn ama, ach tá sé i gceist acu an beart a bheith déanta i dtús an Mheithimh. 

Tá go leor ag brath ar thoradh obair an choiste, a deir lucht thionscal na feilméarachta mara.  Dúirt ceann na rannóige feilméarachta mara i gCumann na bhFeilméaraí, Ritchie Flynn, go bhfuil sé dochreidte go bhfuil os cionn 600 iarratas ar cheadúnas feilméarachta mara “ina dtranglam” in oifigí Roinn na Mara. Tá blianta caite sa gcóras meastóireachta ag cuid de na hiarratais seo.   “Tá súil againn go leagfar an bhunchloch anois le haghaidh córas meastóireachta ceadúnas a mbeidh teorainn réadúil leis agus a bheidh soiléir do chuile dhream,” a deir an tUasal Flynn.

Beidh aird ar leith freisin ar thoradh an scrúdaithe seo in Údarás na Gaeltachta ó tharla go bhfeictear dóibh go bhfuil tionscal na feilméarachta mara ar cheann de na bealaí a bhféadfaí lear mór postanna a chur ar fáil i gceantracha atá scoite amach.  Sa nGaeltacht atá go leor den 300 duine atá ag obair do chomhlacht feilméarachta éisc Marine Harvest Ireland agus tá baint ag an Údarás féin leis an gcomhlacht Bradán Beo Teo. – comhlacht a bhfuil ag éirí go maith leis ar chósta Chonamara le cúpla bliain.

Bhítí ag táirgeadh 24,000 tonna bradán feilme in Éirinn cúig bliana fichead ó shin ach laghdaigh sé sin de réir a chéile.  D’ísligh sé go 9,000 tonna faoin mbliain 2010 ach tá sé tagtha ar ais go dtí 16,000 tonna anois.  Tá glaoch láidir ar bhradáin na hÉireann thar lear anois agus praghas chomh hard le €1,000 an tonna dá íoc orthu.

D’fhéadfadh sé go mbraithfeadh go leor anois ar a bhfuil i ndán don tionscal ar an tuarascáil a chuirfear faoi bhráid an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed go gairid.  Tuigtear go gcuirfear an tuarascáil féin ar fáil go poiblí chomh maith leis na haighneachtaí a cuireadh isteach.