Mícheál Ó hÉanaigh ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta

Ba é Ó hÉanaigh ba mhó a bhí á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh ó tuairiscíodh i mí Feabhra go mbeadh Steve Ó Cúláin ag éirí as an gcúram

Mícheál Ó hÉanaigh ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta

Micheál Ó hÉanaigh, ar chlé, le Steve Ó Cúláin, an té a thiocfaidh sé i gcomharbacht air mar Phríomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

Tá Mícheál Ó hÉanaigh, as an Lochán Beag i gCois Fharraige, ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Tá Ó hÉanaigh ina Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine san Údarás faoi láthair.

Chaith sé tamall ag obair don eagraíocht in Ard-Oifig an Údaráis sna Forbacha i gConamara roimhe sin, ach d’fhág sé an eagraíocht ar feadh tamaill le bheith ina stiúrthóir seirbhísí i gComhairle Contae Dhún na nGall. D’fhill sé ar an Údarás in 2015.

Ba é Ó hÉanaigh ba mhó a bhí á lua le post an Phríomhfheidhmeannaigh ó tuairiscíodh i mí Feabhra go mbeadh Stiofán Ó Cúláin ag éirí as an gcúram.

Is conradh cúig bliana ar théarma seasta atá i gceist leis an bpost agus tuarastal €128,000 sa bhliain atá luaite leis.

Tháinig deireadh le conradh Steve Ó Cualáin mar Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an 31 Bealtaine, ach bhí moill ar bhunú an phróisis earcaíochta le teacht ar a chomharba nuair a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in iúl don eagraíocht fiontraíochta nach mbeadh ar a gcumas an próiseas a láimhseáil “an iarraidh seo”.

Ceapadh an comhlacht earcaíochta Sigmar Recruitment ina dhiaidh sin chun an próiseas a reáchtáil. Tuigtear do Tuairisc.ie gur seisear a cuireadh faoi agallamh don phost agus gur beirt a bhí san iomaíocht sa deireadh.

Ghlac Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, buíochas le Steve Ó Cúláin, inniu.

“Tréimhse chinniúnach chorraitheach don Údarás a bhí ann, le cúraimí breise, laghduithe buiséid agus éiginnteacht. Ach tháinig an eagraíocht slán faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh agus tá sí réidh le tabhairt faoi na dúshláin nua atá roimpi le huchtach agus le dóchas. Tá an Bord, foireann an Údaráis,  pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige.”

“Ar deireadh, ba mhaith liom, ar mo shon féin agus ar son an Bhoird, comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh le Mícheál Ó hÉanaigh agus gach rath agus sonas a ghuí air agus é i mbun a chuid dualgaisí nua,” a dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord an Údaráis.

Micheál Ó hÉanaigh, ar chlé, le Steve Ó Cúláin, an té a thiocfaidh sé i gcomharbacht air mar Phríomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

Ní beag na dúshláin a bheidh roimh Mhícheál Ó hÉanaigh ina phost nua. Bhí 7,963 post sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite a raibh Údarás na Gaeltachta ag tacú leo agus cé gur glanmhéadú 80 post a bhí i gceist ansin, tá go leor ceantar Gaeltachta fós ag teacht chucu féin i ndiaidh na géarchéime eacnamaíochta.

Tá laghdú mór tagtha ar bhuiséad caipitil an Údaráis chomh maith le deich mbliana anuas, cé go bhfuil ardú beag ann i mbliana.

Tá cúram na pleanála teanga anois ar Údarás na Gaeltachta chomh maith agus de réir mar a léirigh na figiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016, ní beag an dúshlán ach an oiread a bhaineann leis an réimse sin d’obair na heagraíochta fiontraíochta.

Tá athruithe tagtha chomh maith ar struchtúr bainistíochta an Údaráis le bliain anuas, athruithe a bhí ina gcnámh spairne idir lucht ceardchumainn agus lucht bainistíochta anuraidh. Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, mhaígh Bainisteoir Réigiúnach an cheardchumainn Unite i litir a scríobh sé chuig príomhfheidhmeannach na heagraíochta Gaeltachta an bhliain seo caite go raibh an caidreamh idir foireann agus bainistíocht an Údaráis “at an all-time low” agus “on the brink of collapse”.

Tá sé á mhaíomh le tamall ag an eagraíocht chomh maith go bhfuil an bonneagar gnó seanchaite atá acu ina bhac roimh chruthú fostaíochta.

Fág freagra ar 'Mícheál Ó hÉanaigh ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta'