Macasamhail ‘Bád Eddie’ le tógáil agus le cur in áit i nGaoth Dobhair

Rinneadh an cinneadh le deireanas nárbh fhiú an t-airgead a chaitheamh ar chaomhnú an bháid agus gurbh fhearr a macasamhail a thógáil agus eolas do thurasóirí a chur léi

Macasamhail ‘Bád Eddie’ le tógáil agus le cur in áit i nGaoth Dobhair

Tá macasamhail ‘Cara na Mara’, nó ‘Bád Eddie’ mar a thugtar uirthi, le cur in áit ag Trá Mhachaire Chlochair i nGaoth Dobhair.

Bhíothas ag súil níos luaithe i mbliana go gcuirfí an maoiniú ar fáil leis an mbád cáiliúil a chaomhnú ach dúirt an Comhairleoir John Shéamais Ó Fearraigh le Tuairisc.ie gur cinneadh nárbh fhiú an t-airgead a chaitheamh ar chaomhnú an bháid mar gheall ar a dhonacht is atá an bhail atá uirthi anois.

Triomaíodh an bád ag tús na 1970idí agus is ar an trá Ghaeltachta atá sí ó shin. Tá fíor-dhrochbhail uirthi anois agus comharthaí sábháilteachta crochta timpeall uirthi ag an gComhairle Contae.

Pléadh roghanna éagsúla a d’fhéadfaí a dhéanamh ag cruinnithe de chuid na Comhairle Contae i gcaitheamh na bliana — caomhnú an bháid agus a mhacasamhail a dhéanamh ina measc.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh le Tuairisc.ie go ndearnadh an cinneadh macasamhail Bhád Eddie a thógáil agus a chur in áit gar don bhád féin.

“Tógfar an mhacasamhail, agus crochfar clár eolais agus pictiúr in aice leis ag an trá. Tá daoine as an áit a dhéanfadh an obair thógála sin, agus dhéanfadh siad scoth an jab de. D’oibrigh siad ar mhacasamhail an Asgard agus rinneadh jab maith di sin.

“Tá sé tábhachtach go ndéanfaí rud inteacht faoin mbád. Sílim go dtosóidh an obair i mí Eanáir nó i mí Feabhra, caithfear é a thosú go luath, má fhágtar bliain eile é beidh fadhbanna ann — tá an bád contúirteach faoi láthair,” a dúirt Ó Fearraigh.

Dúirt sé go gcosnódh an obair ar fad tuairim is €20,000 agus go raibh na foinsí airgid ann lena dhéanamh.

Áirítear Cara na Mara ar cheann de mhórphointí suntais Ghaoth Dobhair, mar aon le Loch Dhún Lúiche agus An Earagail. Tá ‘Bád Eddie’ le feiceáil i bhfíseáin cheoil de chuid Clannad agus U2 agus is iomaí pictiúr a tógadh di i gcaitheamh na mblianta.

Níl sé i gceist ag an gComhairle Contae an bád, atá ar an trá le dhá scór bliain, a bhogadh agus ní léir an nglacann an Chomhairle freagracht aisti. Maireann muintir Eddie Beag, ar leis an bád, fós ach tá comharthaí de chuid na Comhairle crochta timpeall uirthi.

Léireofar scéal an bháid ar chlár speisialta a craolfar ar TG4 go luath. Ba í Sonia Nic Giolla Easpaig a stiúir an clár faisnéise Bád Eddie — L’ami de la Mer.

Fág freagra ar 'Macasamhail ‘Bád Eddie’ le tógáil agus le cur in áit i nGaoth Dobhair'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Chuaigh an bád seo i dtír agus níor tógadh é ón tráigh ariamh. Tá a thréimhse thart anois.

    Nárbh fhearr deireadh a thógáil anois agus an tráigh a fhágáil faoi mar a bhí sí sula raibh bád ar bith uirthi? An tráigh a fhágáil glan, sábháilte do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh?