Lugs – léargas cumasach, oibiachtúil ar dhuine ar leithligh

Duine faoi leith ba ea an Garda Jim Branigan, nó ‘Lugs’ mar a baisteadh air, fear a d’fhág a lorg ar an bpríomhchathair i ré eile agus ar tugadh a cheart dó ar chlár nua ar TG4

Lugs_Brannigan

Tagann veain dubh le scuad na círéibe de dhroim an chúinne ar luas lasrach. Tá tuairim is 400 leámharaic i bpíobáin a chéile i gCearnóg Parnell. Éiríonn Lugs amach aisti, téann ar dhíon cairte agus baineann lán a chuid súl as an gcipeadraíl atá roimis amach.

Nuair a aimsíonn sé iad siúd atá ar thosach cadhnaíochta, déanann sé a shlí a ghuailleáil a fhad leo agus ceansaíonn sé iad, agus an tslua, ar a shlí shainiúil féin. Fágann sé duine gan aithne gan urlabhra.

Duine faoi leith ba ea an Garda Jim Branigan, nó ‘Lugs’ mar a baisteadh air; fear a d’fhág a lorg ar an bpríomhchathair i ré eile.

I bhfianaise na ngníomhartha thuas, ní haon iontas go raibh Lugs sna Táin ar shráideanna Bhaile Cliath ag an am agus, go deimhin, go dtí an lá atá inniu ann.

Tugann an clár Lugs (TG4, Dé Máirt) éachtaint ar a shaol oibre, agus an meas a bhí air, mar aon leis an drochmheas a bhí ag daoine eile air agus a chuid modhanna oibre.

Fathach fir agus dornálaí cumasach ba ea  Branigan a raibh an lámh láidir mar an modh oibre ab ansa leis. Fear neamheaglach, diongbháilte nár chúlaigh ó dhuine ar bith agus a chaith tuairim is 40 bliain mar Gharda ag maoirsiú shráideanna na príomhchathrach ós na daichidí go dtí na seachtóidí.

Ghin a ghníomhartha gaisce miotaseolaíocht agus finscéalta dá gcuid féin. Lena cheart a thabhairt do mheitheal an chláir, ní ghéilleann siad an iomarca don laochadhradh agus déanann siad iarracht scéal an phearsa seo a insint, idir chraiceanna agus chnámha.

Tugann na cloigne cainte, a bhformhór mór ag labhairt i mBéarla, siar ar bhóithrín na smaointe sinn, agus iad labhairt go maoithneach faoin meas a bhí air, an teagmháil phearsanta a bhí aige leis an bpobal agus tslí gur chinntigh an buille i bpoll na cluaise nach mbeadh taifead coiriúil ag pacanna sráide. Ní haon ionadh mar sin go mbíonn an mana ‘bring back Lugs’ le cloisint nuair bhíonn cuntais sna meáin ar an uafás coiriúlachta is déanaí.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach agus bhí mionlach suntasach de na cloigne cainte a mhaígh nach raibh ann ach bulaí brúidiúil.

Ba dheas mar a dhein cainteoir amháin anailís ar an maoithneachas agus an gean atá ann i gcónaí don ‘fear láidir’ seo.

Maíonn sé go mbaineann an íomhá de Lugs leis an íomhá de Bhaile Átha Cliath sna ‘rare ould times.’ Tréimhse agus cathair nárbh ann riamh dó.

Cinnte, bhí an saol sna daichidí agus sna caogaidí níos simplí; b’fhéidir go raibh an saol níos réchúisí ach ní raibh mil ar chuiseogach i ngach áit. Tá an chumha mhaoithneach chéanna ann maidir le Lugs agus a fhisiciúlacht á móradh, ach ag an am céanna, díobháil an fhoréigin i scoileanna agus in institiúidí eile i rith na tréimhse céanna á ligean i ndearmad.

Ba charachtar faoi leith é an duine seo agus tá sé deacair léamh ar an meas atá air agus ar an ómós atá ann dó i gcónaí, blianta tar éis a bháis.

Bhí macántacht ag baint lena chuid ráiteas sa chúirt is é ag fógairt gurbh é a bhí déanta aige le dul amú éigin ná ‘tap him with my baton.’

Léargas cumasach, oibiachtúil ar dhuine ar leithligh.

Fág freagra ar 'Lugs – léargas cumasach, oibiachtúil ar dhuine ar leithligh'