Leo Varadkar ina Pop Up Taoiseach agus gan aon Ghaeilge ag Aire na Gaeltachta

Phreab an Taoiseach aníos ag an Pop Up Gaeltacht an lá ceannann céanna ar cheap sé duine eile gan Ghaeilge mar Aire sinsearach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Leo Varadkar ina Pop Up Taoiseach agus gan aon Ghaeilge ag Aire na Gaeltachta

Pictiúr: Pop Up Gaeltacht/Twitter

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar i láthair ag an Pop Up Gaeltacht a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath aréir.

Is léir ó na teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta, agus ón ráchairt mhór a bhí ar an ngiolc a chuir cuntas oifigiúil an Pop Up féin amach ar Twitter, go ndeachaigh cuairt an Taoisigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine.

Feictear domsa, áfach, nach bhfuil ann ach tuilleadh den chur i gcéill agus léiriú eile ar bhailíocht tuairimí Mháire Ní Fhinneadha faoin mbaol a bhaineann le leithéidí Bhliain na Gaeilge don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Phreab an Taoiseach aníos ag an Pop Up Gaeltacht an lá ceannann céanna ar cheap sé duine eile gan Ghaeilge mar Aire sinsearach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is maith leis an Taoiseach an Ghaeilge, is cosúil. Is maith leis í a labhairt ar Twitter agus bíonn Gaeilge aige i gcuid dá óráidí poiblí. Is maith leis freastal ar ranganna Gaeilge — bhain sé teastas amach le Gaelchultúr níos luaithe i mbliana agus is cosúil go bhfuil spéis aige cúrsaí eile a dhéanamh leo. Is maith leis a rá gurb í 2018 Bliain na Gaeilge agus go mbeidh deis ag gach uile dhuine níos mó Gaeilge a labhairt an bhliain seo chugainn. Is maith leis freastal ar an Pop Up Gaeltacht.

Ní heol dom go raibh an Taoiseach i láthair ag aon imeacht sa Ghaeltacht ó ceapadh é nó an bhfuil a fhios aige gur cothrom an ama seo deich mbliana ó shin a d’fhógair saineolaithe teanga go raibh an Ghaeltacht ar an dé deiridh.

Ar ndóigh, chuir eagraithe an Pop Up Gaeltacht fáilte roimh theacht an Taoisigh agus thapaigh an deis sin poiblíocht a fháil agus ní fhéadfaí aon locht a fháil orthu dá bharr.

Ach thapaigh an Taoiseach an deis phoiblíochta freisin. Thapaigh sé an deis ‘dea-scéal’ a thabhairt do phobal na Gaeilge agus aird a tharraingt ón gceapachán a rinne sé cúpla uair an chloig roimhe sin agus thapaigh sé an deis a thabhairt le fios do phobal na Gaeilge gur spéis leis iad.

“Briolla brealla agus mugadh magadh,” mar a dúirt an t-iar-choimisinéir teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Tá an baol ann, mar a dúirt Máire Ní Fhinneadha, go mbainfidh an an t-aos polaitíochta leas as Bliain na Gaeilge le leanacht ar aghaidh leis an gcur i gcéill agus an chuma a chur ar an scéal go bhfuil gníomh fónta á dhéanamh acu faoi chás na teanga.

Ba léiriú í cuairt an Taoisigh ar an Pop Up Gaeltacht aréir go bhfuil údar maith lena himní agus an baol ann go mbeidh an rialtas ag tabhairt buille den dorn clé don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a fhad is atá an lámh dheas ag breith leathbharróg orthu.

Ó fógraíodh inné go raibh Josepha Madigan, nó Seosaimhín Ní Mhadagáin mar a thug cuntas oifigiúil de chuid Fhine Gael uirthi ar Twitter, le ceapadh ina hAire Gaeltachta, tá ceisteanna á cur ag lucht na teanga faoina cumas sa Ghaeilge agus a tuiscint ar chúrsaí Gaeltachta.

An bhfágfaidh sí an cúram ar fad faoin aire stáit mar a rinne Heather Humphreys roimpi, nó an bhfuil  ‘Seó Josepha agus Joe’ chugainn?

Tá teachtaireachtaí Facebook agus Twitter faighte aici ó chainteoirí agus ó eagraíochtaí Gaeilge a fiafraí faoin scéal — teachtaireachtaí nár freagraíodh go fóill — agus tá mé cinnte go bhfuil neart ríomhphost faighte ag foireann a hoifige faoin ábhar céanna.

Is í Madigan an tríú haire sinsearach Gaeltachta as a chéile a ceapadh nach raibh cumas sa Ghaeilge aici. Ceapadh an Ciarraíoch Jimmy Deenihan in 2011, nuair a tháinig Fine Gael i gcumhacht ar dtús, agus ceapadh an Muineachánach Heather Humphreys in 2014 Rinne Deenihan iarracht éigin an beagán Gaeilge atá aige a labhairt ag ócáidí ó am go chéile ach níor léirigh Humphreys spéis dá laghad sa teanga ó ceapadh í.

Fágadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fad nach mór ar na hairí stáit— Dinny McGinley as Gaeltacht Thír Chonaill, Seán Kyne as Maigh Cuilinn, i nGaillimh, agus Joe McHugh, a chuaigh ar “thuras teanga” agus a chaitheann go leor dá chuid ama mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta “ag spreagadh na ndaoine” Gaeilge a labhairt. Nó ‘labhairt Gaeilge’, mar a déarfadh sé féin. Go deimhin, athraíodh teideal an aire le déanaí agus tá tús áite anois ag an ‘Gaeilge’, agus a ‘spreagadh ar fud na tíre’, is dócha, ar an nGaeltacht. An tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, atá anois mar theideal oifigiúil ar Joe McHugh.

D’éiligh Conradh na Gaeilge, agus grúpaí eile, go mbeadh Aire sinsearach le Gaeilge freagrach as cúrsaí Gaeltachta le linn Olltoghchán 2016. Fuair muid Heather Humphreys arís.

Dúirt an Conradh féin gur léir gur beag dul chun cinn is féidir a dhéanamh nuair nach bhfuil Aire sinsearach ag troid ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge ag Bord an Rialtais agus in ainneoin go ndéanann na hairí stáit iarracht brú a chur ar Humphreys faoi rudaí áirithe, b’fhearr i bhfad dá mbeadh spéis ag an aire sinsearach sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht agus dá mbeadh an t-aire sinsearach in ann labhairt le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ina dteanga féin.

Bhí deis ag ‘Leo de Varad’ inné beart a dhéanamh de réir na mbriathar a mhúin Gaelchultúr go maith dó agus duine den naonúr Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael, a deir go bhfuil Gaeilge acu, a cheapadh mar aire sinsearach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ach ní dhearna sé é sin.

Ach nach cuma? Bhí sé ag an Pop Up. Is é an Pop Up Taoiseach é.

Fág freagra ar 'Leo Varadkar ina Pop Up Taoiseach agus gan aon Ghaeilge ag Aire na Gaeltachta'

  • Seanán Mac Aoidh

    Hahaha. Cha dtiocfadh leat é a chumadh! Thar a bheith slítheanta ag Leo.

  • Brendan Keane

    Maitiú Ó Coimín Fíor-tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin

  • Ben Ó Ceallaigh

    100% cruinn. Ach cé a stopfas anois é! Tá sé in ann imeacht an De Varad seo agus chuile chleas poiblíochta aige.

    Tá súil go mór agam go raibh sé de dhánacht agus de chiall ag duine eicintí idé béil a thabhairt dhó faoi seo aréir, ach ní cheapfainn gur thug…cúpla féinín, cúpla giolc agus píosa craic.

    Go bhfoire Dia orainn…

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Píosa craic sa teach tabhairne é an Ghaeilge anois agus gan náire ar bith ar Áire eile gan Ghaeilge a cheapadh.
    Cleasaíocht íseal méachain mara gceanna leis an tslí a lábhsáil sé cás Francis Fitzgerald.
    Is olc an scéal don Ghaeilge nuair a úsaidtear é chun cic sa tóin a thabhairt don Tiarna Ross i nDún Laoghaire Rath an Duin.
    Ach ná bac, nach bhfuil Josepha an -ghnéasach fiú muna bhfuil meas aici ar an lucht siúil.

  • Ruairí

    Ní “piece o’crack” sa bpub áitiúil í an Ghaeilge a thuilleadh mar tá sé sin sin dúnta le blianta ar nós go leor pubanna Gaeltachta eile. Bhíodh nath cainte ann fadó ag muintir Eachréidh na Gaillimhe “blow ins – blow out”agus is dóigh liom gur “pop-ups pop-out”atá againn i mBAC. Pólannais – sin an dara teanga ceart sa nGalltacht. Sé fírrinne an scéil gur in anneoin 125 bhliain de Chónraitheoirí BAC ag bladaireacht faoi “phobal na Gaeilge” is é an pobal is ciúine ar chlár na crunne é mar nach bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ar shráideanna BAC. Tá teangacha eile beo beathach ar sráideanna BAC agus ní theastaíonn Popuppers ná Fat Frogs \ vodka redbulls chun na teangacha sin a labhairt.

  • J. Dubh

    A chairde, an féidir iontas a bheith orainn faoin méid seo? Polaiteoir ag déanamh polaitíochta is ea é. Ach i ndáiríre, is iad peispictíocht agus fealsúnacht an chórais ina bhfuilmid go léir is cúis leis an neamhaird a dhéantar ar ár dteanga dúchais: mura bhfuil buntáiste láthreach eacnamaíochta le feiceáil i rud, déanann na daoine sin é a chur ar lár, go neamhthrócaireach. Caithfear an córas smaointeoireachta seo a athrú nó an Ghaeilge a fhágáil le heagrú phobal na Gaeilge. Tá an córas agus an fhealsúnacht eacnamaíochta ina bhfuilmid naimhdeach leis an nGaeilge agus má chuireann muid ár ndóchas ann, tá muid ag fágáil chinniúint na teanga i lámha a scriostóirí. Tá an caidreamh idir feachtas sabhála na teanga agus an stát thart, agus níl ann ach sinne , ár ngrá agus ár bpaisean.