LÉIRMHEAS: Turas cumhachtach, machnamhach TG4 ar Camino an tSáile

Saothar suaithinseach, taitneamhach í Camino an tSáile ar TG4 ach is gá nóibhéine a dhéanamh do Dermot Bannon

LÉIRMHEAS: Turas cumhachtach, machnamhach TG4 ar Camino an tSáile

Sa tsraith chumhachtach, mhachnamhach Camino an tSáile (TG4, Dé Domhnaigh) tugtar cuntas ar an iomramh a dhein meitheal fear ó Chorca Dhuibhne is iad ag iarraidh lorg na n-oilithreach a leanúint go Santiago de Compostela.

Deirtear go raibh Éireannaigh ag ardú a seolta leo ón nDaingean go A Coruña i dtuaisceart na Spáinne ar feadh na gcéadta bliain. Sa chéad chlár seo chonaiceamar Breanndán Ó Beaglaoich, Domhnall Mac Síthigh, Liam Holden agus Breanndán Ó Muircheartaigh ag tabhairt faoin gcéad chuid den turas go dtí an Bhriotáin sa Fhrainc.   

Iad ag tosnú amach i mBaile Átha Cliath agus ag rámhaíocht leo síos fan an chósta go Dún Laoghaire, Cill Mhantáin, Baile na Cúirte, Ros Láir agus Trá Carna. Ansin thugadar faoi fharraigí suaite Mhuir Éireann a thrasnú go hOileán Skomer na Breataine Bige agus as sin go Penzance i gCorn na Breataine agus L’Aber Vrac’h na Briotáine.

Ní tuirse agus traochadh go dtí é. Cé go bhfuil seatanna áille den fharraige, den naomhóg agus den tírdhreach ár dtionlacan is léir i gcónaí gur tástáil seasmhachta é seo, idir intinn agus chorp.

Is léir nach bhfuil saol na bhfuíoll á chaitheamh acu in aon chor: uaireanta an chloig ar na maidí, cloig ar a lámha, ag codladh i bpubaill agus ag maireachtaint ar sangwitsí. An t-aon fhaoiseamh atá acu ná bosca ceoil fhear Bhaile na bPoc agus an cinneadh a dheineadar an turas 2,500 ciliméadar a dhéanamh i dtrí chuid thar thréimhse trí bliana.

In ainneoin déine an turais is léir go bhfuil an-taitneamh á bhaint acu as an dúshlán agus tuigeann siad gur lá dá saol é. Is léir i gcónaí an bráithreachas, cuileachta agus comrádaíocht atá eatarthu.

Tá téama Ceilteach ag rith tríd an rud ar fad chomh maith. Fear i gCorn na Breataine ag maíomh gur Ceiltigh, daoine as a meabhair, a thabharfadh faoina leithéid de thuras agus fear na Briotáine ag maíomh gur éinne amháin iad óir gur dream farraige iad. Saothar suaithinseach, taitneamhach.

Nuair a bhíonn tú mar aoi speisialta ar an Toy Show agus go luaitear ag nóibhéine na Gaillimhe tú, tá a fhios agat go bhfuil do chóta bán déanta is tú neadaithe sa chultúr coiteann ar shlí neamhchoitianta.

Is amhlaidh atá le Dermot Bannon, an t-ailtire mór le rá a bhfuil an deichiú sraith dá shaothar mór-ráchairte, Room to Improve (RTÉ1, Dé Domhnaigh) faoi lán seoil.

Gineadh an clár seo le linn ré an Tíogair agus is léiriú é ar ghoile an phobail don phornagrafacht tithíochta gur thug sé na cosa leis ón gcliseadh eacnamaíochta.

An t-aon athrú a deineadh ná gur earcaíodh suirbhéir cainníochta le srathair éigin a chur ar dhiomailt Dermot. Clár uair an chloig ar fhad agus níl uainn ach ‘seat an airgid’ ag an deireadh mar a thaispeántar tigh gléigeal, pioctha, snasta le fallaí leagtha agus fuinneoga móra curtha isteach (tréith a tagraíodh go seanbhlastúil di ag an nóibhéine). 

Tá a phatrún simplí ag an gclár seo; na tnútháin uaillmhianacha ag dul thar fóir le buiséad, argóint faoi fhuinneoga agus/nó fallaí, cinntí á ndéanamh mar nach féidir teacht ar Dermot, achrann, aighneas is tógálaí atá i ndeireadh na feide.

Ag an deireadh, áfach, bíonn gach éinne sona sásta.

Ní fógraíocht ailtireachta go dtí é.

I rith an ama bíonn an gach aon osna ag an lucht féachana is ag taibhreamh faoin lá go bhféadfaidís Dermot a fháil le cuma agus dealramh a chur ar an scioból seo acu féin. Tá a fhios againn ag an bpointe seo go bhfuil roinnt den chur i gcéill i gceist agus go bhfuil an leagan amach imithe chun leadráin ábhairín ach slogfaimid siar é ar aon nós.