LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Éachtaint gheanúil TG4 ar athbheochan thraidisiún an phoitín

Tá déanamh an phoitín sa bhfuil ag muintir Phádraic Uí Ghriallais agus níorbh aon iontas mar sin gur thug sé leis an dúil sa cheird…

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Éachtaint gheanúil TG4 ar athbheochan thraidisiún an phoitín

Ba léir ón tús gur  ábhar ar leithligh a bheadh idir chamáin sa chlár seo. An tlú á shá isteach sa tine mhóna agus tú in ann boladh na móna d’fháil nach mór. Ceol traidisiúnta, ceardaíocht láimhe agus buicéad stáin. Léargas ar shaol eile ar fad, saol an phoitín, a bhí romhainn amach sa saothar geanúil, suimiúil seo.

Tá déanamh an phoitín sa bhfuil ag muintir Phádraic Uí Ghriallais agus níorbh aon iontas mar sin gur thug sé leis an dúil sa cheird. ‘Briseann an dúchas trí shúile an chait,’ faoi mar a dúirt a sheanathair Jimmí Chearra, fear a bhfuil an ceithre scór cnagtha aige.

Sa chlár seo leanamar Pádraic, gur ón Lochán Beag in Indreabhán dó, agus é ag iarraidh a ghnó féin a bhunú leis an tseancheird seo a athbheochan.  Murab ionann agus a shinsir, áfach, déanfar an poitín seo ‘go dleathach’ fé mar a deir sé féin agus aoibh an gháire air.

Seo an séú glúin den chlann atá ag plé leis an stiléireacht ar shlí amháin nó ar shlí eile. Go deimhin, fuair a shin-sin-sin-seanathair, Micil, cead ó na húdaráis an poitín á tháirgeadh go dleathach. Tá an poitín ainmnithe in ómós don cheannródaí úd. I gcaitheamh an chláir chonaiceamar máthair Phádraic, Máirín agus Jimmí ag cur comhairle a leasa air. Go deimhin, ba iad na radharcanna i gcuideachta na beirte seo, lena gcaint dheisbhéalach i nGaeilge shaibhir na háite, buaicphointe an chláir ar mhórán slite. Níor mhiste a lua chomh maith go raibh an clár ar fad nach mór as Gaeilge.

Radharcanna deasa den seanfhondúir agus an fear óg i bhfochair a chéile. Iad ag tabhairt faoin bportach leis an mbáchrán a fháil, planda a chuireann blas ar leithligh ar tháirge an teaghlaigh seo. Tá Jimmí bródúil go bhfuil Pádraic ag glacadh go fonnmhar leis an gceird a fágadh le huacht aige.

I rith an ama soláthraítear seatanna aeir a thugann éachtaint dúinn ar sceirdiúlacht agus áilleacht na dúthaí ar a oiriúnaí is a bhí an tírdhreach don stiléireacht ar chúla téarmaí.

Cuireadh abhaile orainn arís agus arís eile an cheardaíocht agus an phointeáilteacht a bhaineann leis an gceird agus Pádraic go hiomlán gafa léi agus ag tabhairt fúithi le cúram agus díograis. An post mar mhúinteoir caite thar claí aige lena bhrionglóid féin a fhíorú.

‘Bhí draíocht ag baint leis an bpróiseas agus an trealamh ar fad. Bhí mistéir áirid ag baint leis,’ a deir Máirín, í bródúil as gaisce a mic agus údar aici.

Ba chuí an iarracht a deineadh an drioglann a chur ar bun ar an Lochán Beag, ach ar an drochuair chuathas in aimhréidh na ndlíthe pleanála. Fuaireas féin drochbhlas ar achomharc suarach An Taisce. Ar deireadh b’éigean dó tabhairt faoin gcathair.

Beidh driseacha cosáin go leor roimh an gcomhlacht seo agus é ag iarraidh a shlí a ghuailleáil isteach i lár an aonaigh. Ní fios cad atá roimhe. Ach faoi mar a dúirt Pádraic go fealsúnach ag deireadh an chláir, ’sé an t-ábhar buartha is mó a bhíonn ag daoine i ndeireadh a saoil ná na hiarrachtaí nár deineadh.