LÉIRMHEAS: Clochmhíle sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge é Murdair Mhám Trasna

Tá a fhios agat ón gcéad luí súl gur saothar ar leithligh é Murdair Mhám Trasna, a dhéanann na tréithe is fearr de sheánraí na faisnéise agus na drámaíochta a chniotáil le chéile

LÉIRMHEAS: Clochmhíle sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge é Murdair Mhám Trasna

Ag tosach an dráma faisnéise seo soláthraítear seat teann de chroch nuathógtha taobh le príosún na Gaillimhe. Tugann na fotheidil le fios gur 1882 atá ann agus gurb é an crochadóir William Marwood atá os ár gcomhair agus é ag tiargáil chun crochta. Cuireann fotheideal eile in iúl nach bhfuil ach lá amháin fágtha. Níl focal le clos.

Tá a fhios agat ón gcéad luí súl, mar sin, gur saothar ar leithligh é Murdair Mhám Trasna, dráma faisnéise tarrac ar dhá uair an chloig ar fhad a dhéanann na tréithe is fearr de sheánraí na faisnéise agus na drámaíochta a chniotáil le chéile.  Saothar stuifiúil, tathagach é seo a thugann éachtaint thomhaiste, chuimsitheach ar dhúnmharú cúigear de mhuintir Sheoige i nDúiche Sheoigeach i mí Lúnasa na bliana sin. Ina theannta sin déantar cíoradh ar an iomrall ceartais agus an chorraíl idirnáisiúnta a lean.

Tá an saothar seo bunaithe ar an leabhar Éagóir

le Seán Ó Cuirreáin agus tá an t-iarChoimisinéir Teanga sa mheitheal léirithe taobh leis an stiúrthóir Colm Bairéad agus an léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh. Déanann an t-údar sinn a threorú go deisbhéalach, eolasach i gcaitheamh an chláir. Ina theannta siúd tá réimse leathan agus cumasach de chloigne cainte earcaithe; idir abhcóidí, mhuintir na háite agus ghaolta na rannpháirtithe. Is deas mar a éiríonn leis an gceamara a chinntiú go bhfuil na rannpháirtithe ag stánadh idir an dá shúil orainn agus iad ag caint

Is áit álainn, sceirdiúil, aduain í Dúiche Sheoigeach agus ag tosach an tsaothair tugtar cuntas ar na ceangail fola agus phósta a bhí i measc an phobail dhlúith seo.  Ina ainneoin seo, nó b’fhéidir dá bharr, bhí daoine áirithe i bpíobáin a chéile go fíochmhar. Tá na sloinnte ‘Cathasaigh’ agus ‘Seoighe’ go mór chun cinn agus cinntíonn na fotheidil agus seatanna teanna de chuntanóis na bhfear nach dtéann ainmneacha sa bhfraoch orainn.

Is aighnis phearsanta a chuir sraith eachtraí fuilteacha agus éagóracha sa tsiúl, eachtraí a raibh tionchar forleathan acu. Camastaíl, cúbláil, gadaíocht chaorach, foréigean, an t-uisce fé thalamh, an dearcadh uasal le híseal, an gaol Angla-Éireannach, polaitíocht na hÉireann/Shasana, fianaise bhréagach, brathadóirí, breabanna, séanadh agus éagóir. Tá na téamaí sin ar fad anseo go rábach. Tá an Ghaeilge ina lár istigh agus léirítear an tslí nár thug an córas dlí agus cirt a cheart do dhaoine nach raibh Béarla acu, agus nár thuig siad dá réir an fhianaise a bhí á gciontú. Tá seo le feiscint go paiteanta sna míreanna slachtmhara cúirte.

Tá rian láidir den chiníochas, agus an dearcadh uasal le híseal, le brath i meon agus tuairiscí comhaimseartha na tréimhse agus tagairtí do ‘wretched creatures’ an iarthair. Go deimhin bhí an dearcadh sin ag piardaí Bhaile Átha Cliath a bhí ar an ngiúiré.

I ndeireadh na dála daoradh triúr chun báis agus gearradh príosún saoil ar chúigear eile. An-chuid acu gaolta le chéile, agus gaolta le cuid acu tar éis fianaise a thabhairt ina gcoinne. Cuid acu go hiomlán neamhchiontach, Maolra Seoighe, a crochadh, ina measc.

Is go healaíonta, stuama, sollúnta a chuirtear na nithe casta, suimiúla, tragóideacha seo os ár gcomhair agus tá mír an chrochta truamhéalach agus corraitheach. Cé go bhfuil culaith ghaisce anseo ní dhéantar sinn a bhá iontu agus tugtar an scóip don scéal cumhachtach, ilghnéitheach sinn a shú isteach.

Rud amháin a chuireann pip orm faoi mhíreanna drámaíochta i gcláracha faisnéise ná gur minic go mbíonn siad bacach agus amaitéarach ag féachaint. Sop na drámaíochta taobh le scuab na faisnéise. Ní hamhlaidh atá anseo agus plúr na n-aisteoirí earcaithe lena chinntiú go ndéantar cúram den toise drámaíochta.  Le taispeántais théagartha ó leithéidí Dara Devaney, Phóil Uí Ghríofa agus Eoin Mhic Dhiarmada cinntítear go bhfuil an drámaíocht gob ar ghob leis an toise faisnéise.

Clochmhíle suaithinseach sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Clochmhíle sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge é Murdair Mhám Trasna'

  • Hiy

    Mm agat as an mèid sin a chur ‘nàr làthair chomh paiteanta sin.