Leath de phríomhfheasachán Gaeilge RTÉ Radio One le gearradh

Maireann nuacht na Gaeilge ag 21.50 tuairim is ocht nóiméad faoi láthair ach ní bheidh ach ceithre nóiméad sa phríomhfheasachán Gaeilge nuair a athrófar go dtí 20.00 é ón Luan ar aghaidh.

Radio

Tá ceithre nóiméad le baint de phríomhfheasachán nuachta Gaeilge RTÉ Radio One a chraoltar ag 9.50 san oíche faoi láthair ach a chraolfar ag a hocht a chlog tráthnóna feasta.

Tá an t-athrú seo ar am craolta na nuachta Gaeilge ina chuid de bheartais RTÉ an Ghaeilge a chur chun cinn ar a chuid seirbhísí.

Tá súil ag RTÉ go mbeidh níos mó daoine ag éisteacht leis an bhfeasachán tráthnóna nuair a bhogfar Dé Luain seo chugainn é go dtí a hocht a chlog. Tá ceithre nóiméad, áfach, le baint ón bhfeasachán féin.

Maireann nuacht na Gaeilge ag 21.50 tuairim is ocht nóiméad faoi láthair ach ní bheidh ach ceithre nóiméad sa phríomhfheasachán Gaeilge ón Luan ar aghaidh.

Tá amanna craolta na bhfeasachán nuachta Gaeilge uile ar Radio One le hathrú Dé Luain. Is ar bhuille na huaire a chraolfar na ceannlínte nuachta Gaeilge feasta; ag meán lae, ag a ceathair a chlog agus ag a hocht a chlog. Chraoltaí ar bhuille na leathuaire na feasacháin Ghaeilge go dtí seo, ag 12.30, 13.30 agus 15.30. Ní athrófar am an fheasacháin a chraoltar ag 13.30.

Tá na hathruithe le teacht i bhfeidhm ag tús na seachtaine seo chugainn  mar chuid de Sheachtain na Gaeilge atá á ceiliúradh ag an gcraoltóir poiblí faoi láthair.

Mar chuid den cheiliúradh sin, beidh An Béal Bocht le Myles na gCopaleen ar an leabhar a bheidh ar The Book on One idir an 14 agus an 18 Márta agus Tomás Ó Canainn á léamh.

Idir an dá linn, tá leagan Gaeilge den Irish Radio Player seolta ag RTÉ agus an IBI. Tá teacht anois ar na stáisiúin Ghaeilge ar fad  in Éirinn – RTÉ RnaG, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte –ar aon aip amháin.

Ba é Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, a sheol an aip atá ar fáil anois ar an App Store agus an Google Play Store,.

“Ba athrú mór i raidió na hÉireann a bhí i seoladh an Irish Radioplayer agus níl aon cheist ach gur amhlaidh a bheidh le seoladh An Seinnteoir Raidió.

“Leis na stáisiúin raidió Ghaeilge ar fad in aon áit amháin, beidh sé níos éasca ag an éisteoir tiúnáil isteach, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ag ár lucht éisteachta teacht ar raidió Gaeilge,” a dúirt Lisa Ní Choisdealbha, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an IBI.

Dúirt sí freisin gur léiriú é ‘An Seinnteoir Raidió’ ar ar féidir a dhéanamh nuair a “chuireann craoltóirí a gcuid iomaíochais” ar leataobh.

Fág freagra ar 'Leath de phríomhfheasachán Gaeilge RTÉ Radio One le gearradh'