Léargas ar shaol na nÉireannach i Meiriceá, ach cá raibh na mná?

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní nach ionadh tháinig criothán ar inimircigh mhídhleathacha SAM, nuair a toghadh Trump

Léargas ar shaol na nÉireannach i Meiriceá, ach cá raibh na mná?

‘You can’t just smuggle in, hunker down and wait to be legalised. ’ B’in ceann de roisc chatha an Trumpaigh agus é i mbun feachtasaíochta d’Uachtarántacht Mheiriceá. Ní nach ionadh tháinig criothán ar inimircigh mhídhleathacha na tíre, inimircigh na hÉireann san áireamh, nuair a toghadh é. Is fearr linn féin na hÉireannaigh ‘gan cáipéisí’ a thabhairt orthu, frása a bhfuil roinnt bheag don chur i gcéill ag baint leis. Go deimhin tá an t-imeartas focal sin neadaithe chomh mór sin sa chultúr coiteann go bhfuil sé tar éis guailleáil isteach in focloir.ie.

Tugann an clár The Undocumented (RTÉ, Dé Luain) léargas ar an gcineál saoil atá ag na Éireannaigh atá buailte fúthu i Meiriceá agus iad ag féachaint thar a nguaillí siar de shíor.

Dhá rud a chuir iontas orm agus mé ag féachaint ar an gclár ná an easpa guthanna ban agus easpa eagla na rannpháirtithe labhairt os comhair ceamara.

Bíodh sin mar atá, tráchtann na heisimircigh go mothúchánach ar an gcumha agus an scoiteacht a bhaineann le bheith na mílte míle ó bhaile agus gan a bheith in ann filleadh ar cuairt. Daoine nach bhfuil a dtuismitheoirí feicthe acu le blianta, sochraidí daoine muinteartha á bhfaire acu ar Skype, poist bhréige agus an díbirt ina néal os a gcionn de shíor.

Tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil nasc seanbhunaithe ag Éirinn le Meiriceá agus an bád bán ag seoladh anonn leis na cianta cairbreacha. Ar na saolta seo bíonn daoine ag dul sall ar víosa saoire agus ag fanacht níos faide ná mar a mheasadar. An deasghnáth aistrithe saoil iompaithe ina bhean chéile Mheiriceánach agus leanbh.

Ceann de na tuiscintí a bhí le sonrú go láidir sa chlár ná an tuiscint atá againn mar Éireannaigh go bhfuil stádas speisialta againn sna Stáit Aontaithe agus gur cheart a bheith níos báúla linn dá réir. Go deimhin ba cheart caitheamh linn go fabhrach fiú. Bhí seo le sonrú, ar shlí amháin nó ar shlí eile, ó thús deireadh an chláir. Tá rian den bhuaileam sciath ag baint leis seo ar fad. Nach muid a thóg Meiriceá, arsa duine amháin? Níl aon Éireannach ag fáil cúnamh leasa shóisialaigh, arsa duine eile agus is iad na hÉireannaigh inneall an gheilleagair, arsa duine eile. Ní áit choimhthíoch í an tír seo dos na Gaeil agus is as na tuiscintí agus tuairimí sin ar fad a eascraíonn  an meon a chum an t-imeartas focal.

B’fhiú féachaint ar an gclár le hionchur David ó Thrá Lí a fheiscint. Thrácht an fear óg seo go neamhbhalbh ar a chuid fadhbanna dí agus cearrbhachais mar aon leis an gcumha agus an caidreamh lena theaghlach. D’imigh sé ón bport coiteann is é ag trácht ar chuid de na hÉireannaigh mar an dream is ciníche dá bhfuil ann. Dar leis nár cheart go bhfaigheadh na hÉireannaigh maithiúnas fad is atá na hEaspáinnigh fágtha ar an trá fholamh. ‘Níl ionam-sa ach duine amháin eile atá ag iarraidh an falla a dhreapadh,’ a deir an Ciarraíoch.