Leabhar seolta in Ard Mhacha a phléann le fuascailt na Gaeilge ó ‘narrow divisive boxes’

Seoladh 'Aspects of a Shared Heritage' ag Scoil Idirnáisiúnta John Hewitt i gCathair Ard Mhacha

Seoladh Aspects of a Shared Heritage ag Scoil Idirnáisiúnta John Hewitt i gCathair Ard Mhacha. Tá an leabhar nua bunaithe ar obair thrasphobail de chuid Gael Linn a thosaigh sna nóchaidí agus a raibh d’aidhm aici míthuiscintí idir an dá mhórphobal ó thuaidh a mhaolú.

Sa leabhar seo, Aspects of a Shared Heritage, déanann Peter Collins plé ar an traidisiún Protastúnach Gaelach agus tugann Gordon McCoy léargas ar thaithí fhoghlaimeoirí Protastúnacha na Gaeilge.

In alt le Linda Irvine dar teideal ‘Our Land, Our Language’, scríobhann sí:

‘As a people we are culturally rich yet instead of embracing that wonderful cultural mix, we separate it into narrow divisive boxes and deny ourselves access to very things that make us who we are.’

In alt leis an Dr. Art Hughes, tugtar samplaí den Ghaeilge atá i bhfolach i mBéarla na hÉireann.

Tá aistí in Aspects of a Shared Heritage chomh maith a phléann leis na mílte logainm agus na céadta sloinne a thagann chugainn ón nGaeilge.

Ina dhán ‘Ulster Placenames’, scríobh John Hewitt féin faoi thábhacht na logainmneacha.

‘The names of a land show the heart of the race; they move on the tongue like the lilt of a song.’

Chuir Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do Aspects of a Shared Heritage.

Fág freagra ar 'Leabhar seolta in Ard Mhacha a phléann le fuascailt na Gaeilge ó ‘narrow divisive boxes’'