Leabhair a léigh mé feadh na slí

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an údar Alan Titley atá an rogha.

Rupert-Bear

AN CHÉAD LEABHAR A LÉIGH MÉ LE DÚIL MHÍCHUÍOSACH AGUS MO THEANGA AMUIGH

Rupert the Bear: Ní hé go bhfuil aon chuimhne spesialta agam ar aon scéal faoi leith a bhaineann leis an Rupert céanna, agus is deimhnitheach nach bhféadfainn achoimre a dhéanamh ar cheann ar bith díobh anois. Ach bhí siad dathannach agus spiagach agus eachtrúil, agus bhí carachtair éagsúla buile ann. B’fhéidir gurbh é an geansaí dearg a mheall mé, ach bhíos eolach air i bhfad sular thuigeas go raibh Corcaigh i bhfad chun tosaigh ar gach contae eile in eachtra na hiomána, mar a bhí. Bhí samhlaíocht ag baint leis na scéalta a sheol go tíortha in imigéin mé, tíortha a bhí chomh hiontasach leis an ngairdín ar chúl an tí. Thosnaíodh gach scéal in Nutwood, ainm ar cheapas riamh í a bheith chomh hoiriúnach le háit ar bith eile ar chlár an domhain aonair seo. Ina choinne sin, seans gurb í sin an chúis nach dtugtar Rupert ar dhuine ar bith níos mó.

VANITY FAIRAN CHÉAD LEABHAR A MHÚIN DOM NÁR CHEART SCRÍOBH AR AN gCUMA SEO 

Vanity Fair le William Thackery:  Léitheoirí ba ea m’athair is mo mháthair, cé nach raibh aon ‘oideachas’ foirmeálta puinn acu, seachas oideachas bunscoile. Bhí leabhair timpeall an tí agus bhítí ag tathaint orainn iad a léamh. Léigh mé Dickens le fonn, Corkery (an gearrscéalaí) mar dhualgas, agus leabhair taistil go leor, ach tuigeadh dom gur cheart tabhairt faoi Thackerey, óir b’fhear mór de chuid úrscéal an 19ú haois é. Bhí sé leamh, agus trom, agus tuirsiúil, agus b’é an sampla ab fhearr é den saghas scríbhneoireachta nár cheart do dhuine ar bith a thriail go dtí gur tháinig mé ar Trollope, ar Kickham, agus go háirithe is go speisialta, is go sonrach, is go neamhbhalbh ar an eiseamláir is leimhe scríbhneoireacht agus is neamhthábhacht mheoin, Jane (líontar isteach na maslaí) Austen í féin.

Peadar_Ua_LaoghaireAN CHÉAD LEABHAR A CHUIR SCEIMHLE ORM AGUS A LEAN MÉ Ó  SHIN

Séadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire: Bhí múinteoir iontach agam i rang a haon sa bhunscoil i Scoil Chríost Rí, Crosaire Tuirnéara chathair Chorcaí, a d’insíodh scéalta dúinn gach tráthnóna Dé hAoine. Scéalta Aesoip ba ea go leor, agus cuid eile anoir faoi Ali Baba (cé a dúirt go raibh an t-oideachas cúng?), ach lá amháin chrom sé ar scéal Shéadna a insint dúinn, seachtain i ndiaidh seachtaine. Chuir sé an cac trasna orm féin ionas nár chodlaíos istoíche. Shíl mé go raibh An Fear Dubh timpeall gach tarna cúinne, agus b’éigean do mo mháthair bhocht, nár ghearáin i gcaitheamh a saoil, dul chun na scoile d’fhonn mo chás a chur i láthair an mhúinteora. Ina dhiaidh sin, lean Séadna mé chun na meánscoile agus chun na hollscoile agus ina dhiaidh ionas go bhfuil cuid de fhriotal an Athar Pheadair dingthe im mheabhair agus ní féidir liom é a ruagairt.

AN CHÉAD LEABHAR A MHÚIN DOM GO RAIBH AN EORAIP AR FAD CÚNGAIGEANTA AGUS CINÍOCH.

Things Fall Apart le Chinua Achebe: B’fhéidir go raibh seo ar eolas agam ó dhúchas, mar ar scoil tuigeadh riamh dom go raibh stair na hEorpa leamh. Ba chuma liom má bhí Scleisbhig Holstaidhn ag athrú soir siar i gcogadh éigin a bhain le himpire éigin nach raibh mac éigin nár phós banphrionsa éigin aige. Úrscéal é seo a bhaineann leis an athrú cultúir in Iarthar na hAfraice nuair a tháinig an fear geal agus ar geall é, dar liom ní foláir, le teacht na Críostaíochta in Éirinn de cheal an ghunna agus na bagairte. Bíodh gur i mBéarla atá sé, bhain leas as gach ciúta teanga ar bhain úrscéalaithe Bhéarla na hÉireann as sa 19ú haois chun ‘ionracas’ agus ‘dúchas’ a léiriú. Siúd is nach maith liom gur i dteangacha an choncais atá cuid de litríocht na hAfraice á scríobh, is maith mar a léiríonn siad don domhan conas mar a bhí an saol acu féin ón taobh istigh – agus tá, a bhuíochas le feachtas Ngugi Wa Thiong’o, i bhfad níos mó de scríbhneoirí na hilchríche ag filleadh ar a dteangacha féin de réir mar a fhásann litearthacht iontu. Solaoid é an t-úrscéal seo ar an mbeatha dhaonna lasmuigh de chúinge na hEorpa.

breith2bb25c325a1is2bar2beagna25c325ad0001

AN CHÉAD LEABHAR A MHÚIN DOM GO RAIBH MAITHEASAÍ LE FÁIL I bPACÁISTÍ BEAGA.

Breith Báis ar Eagnuidhe le Seoirse Mac Laghmainn: Aistriúchán é seo ar thrí comhráite le Platón ar chuir Seoirse Mac Thomáis, an Sasanach léannta, orthu agus a foilsíodh sa bhliain 1929. Is chun go bhfoghlaimeodh muintir an Bhlascaoid beagán gaoise a d’aistrigh sé dóibh é, bíodh go gcuirfeadh sé iontas orthu féin go raibh puinn gaoise ag teastáil uathu. B’é a bhí ann domsa, áfach, nach den Bhlascaod mé go tiomanta, ná go rabhthas in ann Gaeilge chruinn shlachtmhar álainn mhachnamhach a chur ar smaointe gnáthchasta an tsaoil laethúil a raibh Socraitéas amach orthu. Bíodh gur dóigh liom féin gur cul-de-sac nó cloch-gan-chaitheamh nó scamall-gan-chorp nó adharc-gan-bhoin nó prumpa-gan-pholl í fealsúnacht na Gréige (ar seisean le gaois is le lántuiscint), is iontach an ionramháil atá déanta sa leabhar ar smaointe in aice láimhe nár ardaíodh chun na glúine féin. Nuair a bhí sé á léamh agam, shíleas gur ar aonach na hAtéin a bhíos seachas ar mhaoilinn sléibhe ar an Oileán Tiar – lasmuigh den bháisteach gan amhras, is na coiníní, is méileach na dturasóirí ar oilithreacht Pheig Sayers.