Láithreoir RnaG iompaithe ar an mBéarla ‘le teann frustrachais’ agus é ag iarraidh Heather Humphreys a mhealladh

Dúirt Cormac Ó hEadhra, láithreoir Cormac ag a Cúig, go raibh sé ‘imploring’ ar an Aire a chuid iarratas ar agallamh a fhreagairt agus go raibh ‘serious questions’ le cur aige uirthi

Láithreoir RnaG iompaithe ar an mBéarla ‘le teann frustrachais’ agus é ag iarraidh Heather Humphreys a mhealladh

D’iompaigh an craoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra ar an mBéarla ar a chlár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné agus é ag impí ar an Aire Gaeltachta Heather Humphreys glacadh lena chuireadh chun agallaimh.

Léigh Ó hEadhra ar chlár an lae inné an comhfhreagras a bhí idir lucht a chláir agus oifig an Aire le mí anuas maidir le hagallamh a shocrú léi. Thug sé le fios nár glacadh go fóill leis na hiarratais agus nár éirigh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta dáta d’agallamh leis an Aire a thabhairt dó.

Ní hí seo an chéad uair don láithreoir fogha a thabhairt faoi Roinn na Gaeltachta. An bhliain seo caite, léigh Ó hEadhra amach sraith ceisteanna a cuireadh ar an Roinn faoi agallamh a rinne an Coimisinéir Teanga agus dúirt gur “mishmash de bhladar” a bhí i bhfreagra na Roinne.

Níl Gaeilge ar a toil ag Humphreys agus mhínigh Ó hEadhra gur agallamh Béarla a bheadh i gceist agus nach gcraolfaí ar Raidió na Gaeltachta é mar gheall ar rialacha teanga an stáisiúin sin. Dúirt sé go gcuirfí an t-agallamh Béarla ar fáil ar shuíomh idirlín an stáisiúin.

Ba nuair a bhí an comhfhreagras léite aige agus an scéal mínithe aige dá chuid éisteoirí, a d’iompaigh Ó hEadhra ar an mBéarla inné le himpí ar an Aire féin freagra a thabhairt ar a iarratas agallamh a shocrú am éigin amach anseo.

“A Aire Heather Humphreys, má tá tú ag éisteacht, if you’re listening to the programme, please I implore you to do an interview with us, please! There are serious questions to be answered, please! Freagair m’iarratas. Tabhair dom dáta, le do thoil. Go sábhála mac dílis Dé sinn,” arsa Ó hEadhra.

Thug urlabhraí ón gclár le fios do Tuairisc.ie gur le “teann frustrachais” a d’iompaigh an láithreoir ar an mBéarla.

Tá iarratais déanta ag Tuairisc.ie ar agallamh leis an Aire Heather Humphreys ón uair a athcheapadh ina haire í, ach ní raibh an tAire “ar fáil” chun labhairt linn am ar bith ó shin.

Tá ráite ag an Aire Heather Humphreys féin, nach í an té is oiriúnaí chun “plé le hachainí Gaeltachta” toisc go bhfuil an tAire Stáit Seán Kyne “freagrach as na cúrsaí laethúla iomlán a bhaineann leis an nGaeltacht”.

Tugadh an méid sin le fios i ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite faoi líomhaintí nár ghlac an tAire Humphreys le haon chuireadh  bualadh le haon eagraíocht Ghaeilge ó leagadh cúram na Gaeltachta uirthi mar Aire Sinsearach den chéad uair i mí Iúil na bliana 2014.

De réir na reachtaíochta, tá an fhreagracht don Ghaeltacht “tarmligthe” don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, thug an tAire Humphreys a céad chuairt oifigiúil ar an nGaeltacht mar Aire i mí Iúil na bliana seo, dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin. Le linn na cuairte sin bhí cruinniú ag an Aire Humphreys le hÚdarás na Gaeltachta agus chas sí le foireann a Roinne sna Forbacha den chéad uair.

Sa ráiteas a d’eisigh an Roinn mar fhreagra ar cheist faoi líon na gcruinnithe a bhí ag an Aire le grúpaí Gaeilge ó 2014, dúirt sí go mbuaileann sí lena leithéid de ghrúpaí “ó am go chéile” in éineacht leis an Aire Kyne.

Ní raibh tagairt sa ráiteas d’aon chruinniú dá leithéid le heagraíocht Ghaeilge seachas an cruinniú sin le hÚdarás na Gaeltachta i mí Iúil na bliana seo. Chas an tAire go neamhfhoirmeálta le Conradh na Gaeilge inné ag ócáid stocaireachta a bhí ag an eagraíocht do Theachtaí Dála agus Seanadóirí.

Dúradh ráiteas na Roinne an mhí seo caite go bhfuil an tAire Humphreys ina “ball gníomhach” den Choiste Comh-Aireachta Gaeilge agus go bhfreastalaíonn sí ar an gcoiste seo in éineacht leis an Aire Stáit Seán Kyne. Is ar an 30 Márta 2015, bliain go leith ó shin, a bhí an cruinniú deireanach ag an gcoiste sin, ach tá cruinniú eile beartaithe ag an gcoiste don tseachtain seo chugainn.

Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta d’iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas faoi iarratais ar chruinnithe leis an Aire Humphreys ó eagraíochtaí Gaeilge.

Dúradh go raibh an t-eolas sin “ar fáil san fhearann poiblí” cheana féin. Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar an eolas sin go fóill.

Fág freagra ar 'Láithreoir RnaG iompaithe ar an mBéarla ‘le teann frustrachais’ agus é ag iarraidh Heather Humphreys a mhealladh'

  • Breá Sásta

    Ní daoine mionchráiteacha muidne, lucht labhartha na Gaeilge. Táimid breá sásta éisteacht le hagallamh Béarla le Heather Humphreys Uasal beo ar RnaG. Tá mé cinnte go bhfuil plean meáite, uaillmhianach ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chothú agus a thabhairt slán, agus ba bhrea linn é a chloisteáil, cibe cén teanga ina bhfuil sé.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-aon craoltóir náisiúnta Gaeilge atá againn, eagraíocht stáit….agus a gcomhfhreagrais á dhéanamh i mBéarla acu le rannóg stáit a bhfuil cúramaí Gaeltachta orthu???

    An mbeadh siad ag cruthú postanna do Ghaeilgeoirí dá ndéanfadh siad a gcomhfhreagrais i nGaeilg??

    Caidé’n cineál dea-shampla é seo do choistí pobail/deonacha agus do dhaoine aonar sa Ghaeltacht atá ag streachailt ag cuartú seirbhísí trí Ghaeilg ó eagraíochtaí stáit AR BHUN LAETHÚIL?

    Cá mhéad ‘eagraíochtaí Gaeilge’ eile sa stáit seo a bhfuil sé de ghnás acu an rud céanna a dhéanamh? Cumarsáid agus comhfhreagrais i mBéarla a dhéanamh le ranna stát eile – is cuma cén rannóg iad?

    Tá go leor agallaimh Béarla le cluinstin againn ar achan meán cumarsáide eile – níl sé de dhith ó Raidió na Gaeltachta chomh maith go raibh maith agat!

  • Pól Ó Braoin

    Aontaím go huile agus go hiomlán leis an té atá ‘breá sásta’ gur dheas an rud é Heather Humphries a chloisteáil i mbéarla nó i nGaeilge ar RnaG. Níl mé róchinnte faoi aon phlean meáite, uaillmhianach nó eile a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialtas céanna an Ghaeilge a chothú, ach ní dhéarfaidh mé níos mó faoi sin. Cuirigí an tAire Humphries ar RnaG agus éistfidh muid léi cibé cén teanga a labhróidh sí linn; ach labhraíodh sí linn ar son Dé!

  • brian ó daimhín

    Cad ba cheart dom a rá! Is léir níl suim da laghad aici sa Ghaeilge.

  • Niall

    Níl aon meas ag an tAire Humphreys ar an teanga nó ar mhuintir na Gaeltachta. Thug sí céad chuairt oifigiúil ar an nGaeltacht mar Aire i mí Iúil na bliana seo, dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin.

  • Traolach

    Aontaím go hiomlán le Cordelia. Is scanallach an rud é go bhfuil RnG agus Roinn na Gaeltachta ag seoladh ríomhphost le chéile trí mheán an Bhéarla.