Lá fuilteach brónach eile ab ea an Domhnach i mBaghdad…

Tá an Iaráic i mbéal an phobail arís mar gheall ar fhoilsiú Thuarascáil Chilcot ach tá an tír ina cíor thuathail ó cuireadh tús leis an gcogadh in 2003

IRAQ-CONFLICT

Lá fuilteach brónach eile ab ea an Domhnach i mBaghdad na hIaráice nuair a maraíodh os cionn 250 duine agus iad i mbun siopadóireachta ag margadh poiblí.

ISIS a bhí freagrach as an sléacht agus an chuma ar an scéal gur fonn díoltais ba chúis leis an ionsaí i ndiaidh athghabháil chathair Fallujah ag arm na hIaráice. Níl Fallujah ach 60 km ó Baghdad, príomhchathair na tíre agus dá bharr sin b’údar mór gaisce do ISIS seilbh a fháil ar an gcathair mhór sin in 2014.

Tá Fallujah suntasach freisin toisc gur shiombail a bhí ann den seasamh a thóg sciar mór de phobal na hIaráice in aghaidh fhórsaí Mheiriceá agus na Breataine ó 2003. Chomh maith leis sin, is cathair Sunni í Fallujah, i dtír ina mbaineann an móramh leis an traidisiún Shia. Is cuid lárnach é de straitéis ISIS agus a leithéid go mbeadh lucht na gcreideamh éagsúil agus dreamanna éagsúla eile in adharca a chéile maidir le haontacht tíortha ilchultúrtha ar nós na hIaráice agus na Siria.

Níor chomhtharlú é go ndearnadh an t-ionsaí uafásach seo i gceantar Shia i mBaghdad an tseachtain chéanna gur cuireadh ar gcúl ISIS in Fallujah. Bhaineadar díoltas amach sa bhealach céanna tar éis chath Kobani i dtuaisceart na Siria in 2015.

An uair sin, tar éis léigear fada, uafásach thug grúpaí míleata Coirdíneacha bata agus bóthar do Isis ach d’fhill roinnt beag buamadóirí féinmharaithe agus míleataigh agus mharaigh siad os cionn 220 sibhialtach.

Is amhlaidh go bhfuil na Meiriceánaigh agus rialtas na hIaráice ag déanamh a ndícheall buachan glan ar ISIS san Iaráic agus is ag díriú ar Mosul a bheidh siad anois, cathair ina mbíodh 2.5  milliún duine ina gcónaí roimh thús an chogaidh seo. Má chailleann ISIS seilbh ar Mosul freisin, beidh siad ar an dé deiridh san Iaráic. Léirigh an t-ionsaí i mBaghdad, áfach, go n-íocfar go daor as aon iarracht ISIS a chur dá bhuille.

USMarineTankinBaghdad

Tá an rialtas i mBaghdad i gcruachás ceart, ní hamháin mar gheall ar an sceimhlitheoireacht ach toisc go bhfuil an chosmhuintir ar tí éirí amach freisin. Le roinnt míonna anuas, bíonn agóidí fíochmhara ar shráideanna na príomhchathrach gach Aoine. Mhaígh an cléireach Moqtada al-Sadr, ceannaire lucht na n-agóidí, go mbeadh oll-léirsiú ann a mbeadh milliún duine páirteach ann ag deireadh Ramadan mura gcuirfeadh an Príomh-Aire, Haider al-Abadi beartais in aghaidh an tseicteachais agus na caimiléireachta i bhfeidhm láithreach bonn.

Mar sin, tá an Iaráic ina cíor thuathail fós agus gan mórán feabhais tagtha ar an scéal ó cuireadh tús leis an gcogadh in 2003. Léirigh tuarascáil Chilcot, a foilsíodh Dé Céadaoin, don saol mór go ndearna Tony Blair botún ollmhór nuair a chinn sé páirt a ghlacadh san ionradh. Cinneadh ab ea é a bhí bunaithe ar fhianaise mhícheart, nó bréagach.

Ach an botún nó coir chogaidh a bhí i gceist leis an ionradh a d’fhág na céadta míle marbh? Agus níos tábhachtaí fós, an bhfuil aon cheacht foghlamtha ag lucht Washington DC agus Londain?

Tony-Blair

Rinne David Cameron mórán an rud céanna sa Libia in 2011 agus theastaigh uaidh an t-arm a chur chuig an tSiria in 2013 sular chuir an Pharlaimint stop leis. Ag breathnú ar na hiarrthóirí, ní dócha go mbeidh an chéad cheannaire eile ar na Tóraithe, nó an chéad uachtarán eile ar Stáit Aontaithe Mheiriceá aon phioc níos síthiúla.

Ar ndóigh, is i mBaghdad, Aleppo agus Tripoli a mhothaítear iarmhairtí na ‘mbotún’ sin. Tá saol an mhadra bháin go fóill ag leithéidí Bush, Blair.

Agus beidh nó go dtabharfar os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Mura dtarlaíonn a leithéid is beag seans go mbeidh athrú poirt sa Teach Bán nó ar Shráid Downing.