Is é inniu La Diada, Lá Náisiúnta na Catalóine agus tá ag géarú ar an aighneas faoi neamhspleáchas

Léiríonn géarchéim na Catalóine go bhfuil teipthe ar fad ar an Spáinn glacadh leis gur stát ilchultúrtha agus ilnáisiúnta é agus go ndéantar beag is fiú d’fhéiniúlachtaí eile seachas an dearcadh aontachtach españolista

Is é inniu La Diada, Lá Náisiúnta na Catalóine agus tá ag géarú ar an aighneas faoi neamhspleáchas

Tá Catalónaigh ar an gcoigríoch – Éire san áireamh – ag vótáil cheana féin i reifreann neamhspleáchais a bhfuil tréaniarrachtaí ar bun ag rialtas na Spáinne stop a chur leis. Is é inniu La Diada, Lá Náisiúnta na Catalóine, agus táthar ag súil le hagóidí móra ar son an neamhspléachais in Barcelona agus i gcathracha Catalónacha eile. Tá sé ina dheargaighneas idir rialtas na Catalóine, an Generalitat, agus rialtas na Spáinne mar gheall ar an reifreann agus ní fios fós cad a tharlóidh ar an 1 Deireadh Fómhair, an lá a bhfuil sé beartaithe é a reáchtáil. Chuaigh an ghéarchéim pholaitiúil in olcas an tseachtain seo caite nuair a rith parlaimint na Catalóine acht chun an reifreann a cheadú go hoifigiúil. Tá móramh sa pharlaimint ag na grúpaí polaitiúla Junts Pel Sí (Le Chéile ar son Tá) agus Candidatura d’Unitat Popular (Feachtas ar son Aontas an Phobail), a thacaíonn le poblacht neamhspleách.

Láithreach bonn dhein Príomh-Aire na Spáinne, Mariano Rajoy, gearán leis an gCúirt Bhunreachtúil agus mhóidigh sé nach mbeadh aon reifreann ann. Chealaigh an Chúirt an t-acht, ach dúirt Uachtarán an Generalitat, Carles Puigdemont, go raghfaí ar aghaidh leis an reifreann agus nach bhféadfaí ‘tsunami an daonlathais’ a chloí.

Ar na meáin shóisialta, mheabhraigh lucht tacaíochta an neamhspleáchais gur cealaíodh dlíthe uile na Catalóine nuair a tháinig Franco i gcumhacht. Tá tús curtha ag an Ionchúisitheoir Poiblí le cúisimh i gcoinne bhaill uile an Generalitat agus na gcéadta méara ar fud na Catalóine a thacaíonn leis an reifreann. Dé Sathairn cuireadh an lasair sa bharrach ar fad nuair a d’ordaigh an tArd-Aighne go ngabhfaí boscaí ballóide agus dhein an Guardia Civil ruathar faoi thigh foilsitheoireachta gar do Tarragona.

Dhein Catalónaigh na hÉireann ceiliúradh ar an Diada inné i mBaile Átha Cliath inné.

“Do phobal na Catalóine a thacaíonn leis an neamhspleáchas, ciallaíonn an Diada saoirse agus dínit,” a dúirt Gemma Tarrés Colom, urlabhraí an Assemblea Nacional Catalana (Tionól Náisiúnta na Catalóine) in Éirinn, le Tuairisc.ie. “Ciallaíonn sé chomh maith gur féidir linn a bhfuil ag teastáil uainn maidir le todhchaí na Catalóine a chur in iúl. Neartaíonn an Chúirt Bhunreachtúil  an chumhacht pholaitiúil ar son an neamhspleáchais,” a dúirt sí.

Na hionsaithe agus an neamhspleáchas

Tá an Chatalóin ina cíor thuathail ag an aighneas faoin neamhspleáchas agus níl de phlé polaitiúil eile ann ach é. Ní fhéadfaí éalú ón gceist le linn na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a deineadh ar Barcelona cúpla seachtain ó shin. Ghlac Rajoy agus an Rí Felipe páirt sa slógadh síochána a reáchtáladh tar éis na n-ionsaithe ach dhírigh teilifís na Spáinne TVE a cheamaraí orthusan amháin, cé go raibh Puigdemont, méara Barcelona agus baill eile den Generalitat ina seasamh taobh leo.

Ba mhór idir é agus clúdach TV3, teilifís phoiblí na Catalóine – dhá phlainéad éagsúla iad na meáin Chatalónacha agus Spáinneacha go minic. Sna grianghraif a d’fhoilsíodar, cheil go leor de nuachtáin aontachtacha Mhaidrid na mílte bratach Chatalónach (estelades) a bhí ar foluain laistiar de Rajoy agus Felipe agus scaip an Pálás Ríoga físeán ina cuireadh dath bán ar na estelades chéanna. Ní mó ná sásta a bhí cuid den phobal leis na pictiúir a craoladh ar fud an domhan den Rí agus é sna hospidéil ar cuairt ar na daoine a gortaíodh, a fhaid agus a bhí na seirbhísí éigeandála agus na póilíní ag strácáil ar an dtalamh.

Bhain aighneas polaitiúil le póilíní na Catalóine – Mossos d’Esquadra – nár tuigeadh nó nár luadh in an-chuid de na meáin Bhéarla. Tuairiscíodh sna meáin Chatalónacha gur dhiúltaigh Aireacht Intíre na Spáinne faisnéis ó Europol a roinnt leis na Mossos, rud a d’fhág go rabhadar faoi mhíbhuntáiste agus iad i ngleic leis an sceimhlitheoireacht. Go deimhin, thug RTÉ agus meáin Éireannacha eile ‘Spanish police’ ar na Mossos go ceann seachtaine tar éis na n-ionsaithe, in ainneoin nach bhfuil údarás ag fórsaí póilíneachta na Spáinne amhail an Guardia Civil sa Chatalóin féin. Níor íoróin go dtí é – aitheantas á thabhairt do phóilíní na Spáinne as gníomhartha nach raibh baint dá laghad acu leo – agus míthuiscint bhunúsach den teannas polaitiúil. Sa Chatalóin féin tugadh na gártha molta do na Mossos, leagadh bláthanna ar a gcuid gluaisteán agus tá gradam speisialta sibhialta le bronnadh orthu inniu mar chuid den Diada.

Dar ndóigh ní fhéadfaí polaitíocht na teanga a sheachaint ach an oiread. Scaip na Mossos eolas faoi na hionsaithe i gceithre theanga – Catalóinis, Spáinnis, Fraincis agus Béarla. Ba dhóigh le duine go mbeadh polasaí dá leithéid le moladh go hard i bhfianaise an oiread daoine ón gcoigríoch ar chuir na huafáis isteach orthu ach thug ceann de nuachtáin na heite deise Spáinní La Razón ‘mugadh magadh teangeolaíoch air’. Deineadh laoch d’urlabhraí na Mossos, Josep Lluís-Trapero, nuair a shiúil iriseoir amach as preaschomhdháil toisc gur fhreagair Trapero ceist a cuireadh air i gCatalóinis sa teanga chéanna. ‘Bueno, pues molt bé, pues adios!’ (‘Tá go maith, bhuel an-mhaith, bhuel slán!’) a dúirt Trapero leis an iriseoir, idir Spáinnis agus Chatalóinis, agus níorbh fhada go raibh #buenopuesmoltbepuesadios ina haischlib ar fuaid Twitter. Tá t-léinte le haghaidh Trapero agus a ráiteas orthu ar díol ó shin agus an-cheannach orthu.

Dlisteanacht na Spáinne

Tá ceist níos tábhachtaí laistiar de na hachasáin agus an nimh sa bhfeoil ar fad, is é sin go léiríonn géarchéim na Catalóine go bhfuil teipthe ar fad ar an Spáinn glacadh leis gur stát ilchultúrtha agus ilnáisiúnta é agus go ndéantar beag is fiú d’fhéiniúlachtaí eile seachas an dearcadh aontachtach españolista. ‘I often encounter systematic incomprehension of the Catalanist movement, even at the basic factual level’, a scríobh an sochtheangeolaí aitheanta Kathryn Woolard, ar saineolaí ar pholaitíocht teanga na Catalóine í, ina leabhar nua Singular and Plural in 2016. Beag beann ar do mheon faoi pholaitíocht David Cameron, ar a laghad thug sé rogha do mhuintir na hAlban vótáil ar son an neamhspleáchais nó an aontais.

A fhaid is a bheidh sé ina Phríomh-Aire, mhóidigh Rajoy nach dtabharfaí a leithéid do rogha do phobal na Catalóine. Cuireann ráitisí ar nós Somos todos españoles (‘is Spáinnigh sinne go léir’) – a chloistear go minic ó pholaiteoirí de chuid an PP go háirithe – an conach dearg ar na Catalónaigh, agus cé a thógfadh orthu é? Tarraingíonn na Catalónaigh agus na Spáinnigh araon ar dhioscúrsa an daonlathais agus maíonn siad go bhfuil an daonlathas sáraithe ag an dtaobh eile ach dar leis na pobalbhreitheanna is déanaí, tá móramh de phobal na Catalóine ar son reifreann a bheith ann, cé nach léir an dtacaíonn móramh glan leis an neamhspleáchas féin. Chomh maith leis sin, is léir go mbraitheann go leor Catalónach nach stát dlisteanach í an Spáinn a thuilleadh agus nach bhfuil dílseacht acu di.

Is éileamh dlisteanach é go dtabharfaí cead do na Catalónaigh rogha a dhéanamh idir dhá thodhchaí pholaitiúla,an Spáinn féin nó poblacht na Catalóine. Mar a scríobhadh i gceann de na hailt anailíse ba ghéarchúisí a foilsíodh le déanaí faoin gceist, dhá thír agus dhá réaltacht (dos países, dos realidades) atá ann tar éis na n-ionsaithe agus níl dul siar uaidh sin.

– Léachtóir Gaeilge in OÉ Gaillimh is ea an Dr John Walsh. Caitheann sé tréimhsí taighde sa Chatalóin