Is beag seans go mbeidh bua gan choinne i bPáirc an Chrócaigh inniu

Cuirfidh Ciarraí agus an Ghaillimh deireadh haistir dhiamhair an Chláir agus Thiobraid Árann

Is beag seans go mbeidh bua gan choinne i bPáirc an Chrócaigh inniu

Ciarraí v An Clár, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Cé nach bhfuil ach sé seachtaine caite ó bhuaigh Ciarraí go bog ar an gClár i gCraobh na Mumhan, is cinnte go bhfuil a lán rudaí foghlamtha ó shin ag foireann Colm Collins.

Agus buanna faighte acu ar Laois, ar Shligeach agus ar Ros Comáin, tá áit bainte amach ag an gClár i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann den chéad uair. Gaisce ar leith don chontae an méid sin, ach ní bheidh siad ag iarraidh ach an oiread go dtiocfaidh deireadh lena bhfeachtas ar an Domhnach.

Is buntáiste breise dóibh fógra na seachtaine seo mbeidh Cathal O’Connor in ann imirt agus an cárta dearg a bronnadh air in aghaidh Ros Comáin curtha ar ceal. Agus O’Connor ag imirt taobh leis an ngaiscíoch Gary Brennan i lár na páirce, tá sé ríthábhachtach go rachadh siad beirt i bhfeidhm ar an imirt.

B’iad cúil Stephen O’Brien agus Colm Cooper luath i gcluiche na Mumhan sé seachtaine ó shin a d’fhág go raibh bua bog go leor ag an bhfoireann baile i gCill Airne agus bí cinnte go mbeidh Éamonn Fitzmaurice ag súil go gcuirfidh siad tús maith arís leis an gcluiche inniu.

Seans gur ábhar imní do Fitzmaurice go mbainfeadh Ciarraí cluiche leathcheannais na hÉireann amach agus gan aon scrúdú ceart curtha orthu, ach níl aon neart acu air sin. Is beag seans go bhfeicfidh muid bua gan choinne sa chluiche seo i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Imreoir na Gaillimhe, Eamon Brannigan. INPHO/James Crombie
Imreoir na Gaillimhe, Eamon Brannigan. INPHO/James Crombie

Gaillimh v Tiobraid Árann, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Foireann eile iad Tiobraid Árann atá ag imirt i gcluiche ceathrú ceannais peile na hÉireann den chéad uair. Bhí an-bua acu ar Dhoire i gcluiche den scoth i mBabhta 4 agus iad anois ag iarraidh curaidh Chonnacht a dhíbirt ón gCraobh.

Tá aithne mhaith ag na foirne seo ar a chéile agus is é cluiche an lá inniu an tríú huair go gcasfaidh siad ar a chéile sa chraobh ó 2013. B’iad na Gaillimhigh a thug an lá leo sa dá chluiche roimhe seo agus iad mar rogha na coitiantachta chun an beart a dhéanamh arís i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Bhí biaiste scórála aisteach ann nuair a chas siad ar a chéile i mBabhta 4 in 2014 nuair a fuair fir an iarthair an ceann is fearr ar na Tiobradaigh 4-17 in aghaidh 4-12. Is beag seans go mbeidh an méid sin scórála ann inniu. Tá an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh i mbliana bunaithe ar dhian-chosaint agus beidh siad ag iarraidh leithéidí Conor Sweeney, Maurice Quinlivan agus Kevin O’Halloran a choinneáil faoi chois.

Ar an lámh eile, tá scóranna á géilleadh beagáinín ró-éasca ag Tiobraid Árann. Scóráladh 2-16, 3-17 agus 2-17 ina n-aghaidh i gcoinne Chorcaí, Chiarraí agus Dhoire faoi seach. Má thugtar an spás céanna do Damien Comer agus Danny Cummins, d’fhéadfadh siad damáiste a dhéanamh, mar a chonaiceamar in aghaidh Ros Comáin san athimirt.

Má éiríonn le Gaillimh taispeántas den chineál céanna a thug siad uathu sa chluiche sin, tá deis iontach acu a gcéad bhua a fháil i bPáirc an Chrócaigh ó 2001.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Is beag seans go mbeidh bua gan choinne i bPáirc an Chrócaigh inniu'

  • Pól Réamonn

    An bhfuil tú cinnte faoi seo?

  • Pádraig Ó Baoill

    Cad a deir tú anois?