Iompaithe i dtreo an bhalla a bhíonn deasc an scríbhneora stuama

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ba bheag nár tháinig cathú ar ár gcolúnaí ionad oibre foirfe a mhalartú ar ionad oibre nach ndéanfadh sé obair ar bith ann.

Iompaithe i dtreo an bhalla a bhíonn deasc an scríbhneora stuama

Chabhraigh mé le cara de mo chuid a bhí ag bogadh tí an tseachtain seo, agus thit mé i ngrá leis an radharc óna árasán nua. Tá an t-árasán sin díreach cosúil leis an gceann ina bhfuil cónaí orm féin; níl ach leathnóiméad siúil idir an dá bhloc. Ach is é an chaoi go bhfuil cónaí ormsa ar an dara hurlár agus nach bhfuil de radharc agam ach na bloic ar aghaidh agus ar chúl mo bhloic féin, agus go bhfuil árasán nua mo chara ar an gceathrú hurlár – an ceann is airde – agus nach bhfuil aon fhoirgneamh eile amach os a chomhair.

Lena chois sin, tá an bloc ina bhfuil a árasán ar bharr cnoic.

Ó fhuinneog an tseomra chodlata bhig, an seomra atá in úsáid mar oifig agam i m’árasán féin, tá radharc ag mo chara ar chuid mhór de chathair Salvador, an chathair sa Bhrasaíl mar a bhfuil cónaí orm. Murar leor sin, tá crann díreach in aice leis an bhfuinneog sin ina bhfuil moncaithe beaga, dordéiníní gorma agus féileacáin mhóra bhuí.

Bhí mé ar tí tairiscint a dhéanamh do mo chara. Cá bhfios nár mhaith leis árasáin a mhalartú? Ag deireadh an lae, tá an cíos a íocaimse caoga euro níos ísle ná an cíos a bheidh á íoc aigesean san árasán nua leis an radharc álainn…

Rug mé greim orm féin díreach in am. Ar éigean a d’éireodh liom obair scríbhneoireachta ar bith a dhéanamh agus an radharc sin ar an gcathair amach os mo chomhair – gan trácht ar na moncaithe, na dordéiníní agus na féileacáin sin a bheith ag pocléim, ag faoileáil agus ag eitilt idir géaga an chrainn.

Chuimhnigh mé ar m’oifig bheag féin ansin, an seomra beag sin nach bhfuil le feiceáil tríd an bhfuinneog ann ach balla lom an chéad bhloc árasán eile. Chuimhnigh mé nach faoin bhfuinneog atá mo dheasc, ach iompaithe i dtreo an bhalla. Balla bán, gan aon phictiúir crochta air.

Agus chuimhnigh mé go ndearna mé sin d’aon ghnó.

Is iomaí áit a bhfuil mé tar éis peann a chur le páipéar ann, síos tríd na blianta. Seomraí suí, seomraí leapan, oifigí. Tithe caife agus tithe óil. Traenacha agus báid. Sa choill agus ar an trá. Ach cé go gcreidim go láidir gur buntáiste don scríbhneoir a bheith in ann a cheird a chleachtadh in áit ar bith, tá a fhios agam i mo chroí istigh nach bhfuil áit ar bith ionchurtha – i mo chás-sa, pé scéal é – le timpeallacht nach meallann aird an scríbhneora ón obair a bhíonn idir lámha aige.

Timpeallacht oibre, i bhfocail eile, atá chomh neamhshuaithinseach leis an leathanach bán féin.