Ibrahim Halawa faighte neamhchiontach i gcúirt i gCaireo

Bhí Halawa á choinneáil i bpríosún i gCaireo na hÉigipte ó 2013 ann mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé in agóid pholaitiúil sa chathair sin

Ibrahim Halawa faighte neamhchiontach i gcúirt i gCaireo

Fuarthas Ibrahim Halawa, as Baile Átha Cliath, a bhí á choinneáil i bpríosún i gCaireo na hÉigipte ó 2013, neamhchiontach i gcúirt sa chathair sin inniu.

Gabhadh Halawa in éineacht lena thriúr deirfiúracha chomh maith leis na céadta eile le linn agóide in 2013 in aghaidh dhíbirt iar-uachtarán na tíre, Mohamed Morsi, as oifig. Cuireadh an triail ar athló 28 uair i gcaitheamh na mblianta sular tugadh breithiúnas an lae inniu.

Fuarthas neamhchiontach é i ngach cúiseamh a cuireadh i leith an ghrúpa ollmhór cimí, dúnmharú, buamáil, foréigean in aghaidh na bpóilíní ina measc.

Tá deirfiúracha Halawa, Somaia, Fatima agus Omaima in Éirinn ó ligeadh amach ar bannaí iad. Cuireadh ar a dtriail in absentia iad.

Dúirt an tAire Leanaí Katherine Zappone gur cheart Halawa a thabhairt abhaile go Teach na Giúise i mBaile Átha Cliath a luaithe agus is féidir anois.

Fág freagra ar 'Ibrahim Halawa faighte neamhchiontach i gcúirt i gCaireo'