‘I will be with you, whatever’ a gheall Blair do Bush sular cinneadh ionradh a dhéanamh ar an Iaráic

I dtuarascáil Chilcot faoin gcogadh san Iaráic déantar cáineadh géar ar Tony Blair mar gheall ar a ról san ionradh inar maraíodh ‘ar a laghad 150,000 Iarácach’

Blair Bush

“I will be with you, whatever” a gheall Tony Blair d’Uachtarán Mheiriceá George Bush i mí Iúil 2002 agus é ag trácht ar an bplean cogadh a fhearadh ar an Iaráic.

I dtuarascáil Chilcot faoin gcogadh, a foilsíodh inniu, déantar cáineadh géar ar Blair, a bhí ina Phríomh-Aire idir 1997 agus 2007, as a chinneadh go nglacfadh an Bhreatain páirt san ionradh beag beann ar na roghanna eile a d’fhéadfaí a thriail chun dí-armáil a dhéanamh ar réimeas Saddam Hussein.

Deirtear i dtuarascáil Chilcot gur tógadh an cinneadh i dtaobh ionradh na hIaráice gan “gach féidearthacht a bhain le dí-armáil shíochánta a thriail”.

Níorbh amhlaidh nach raibh “aon rogha eile” ann seachas ionsaí míleata a dhéanamh ar an Iaráic, a deirtear.

Déantar cáineadh géar sa tuarascáil chomh maith ar an gcur chuige a bhí ag Blair chun a chruthú go raibh gá leis an ionradh agus cáintear go háirithe an fhianaise a cuireadh faoi bhráid an phobail go raibh airm ollscriosta cheimiceacha agus bhitheolaíocha ag an Iaráic.

Deirtear sa tuarascáil nach raibh aon údar ag an dream a bhí ar son an chogaidh a bheith ag áiteamh, agus gan amhras dá laghad orthu, go raibh contúirt mhór ann toisc airm ollscriosta a bheith ag an Iaráic.

Deir Chilcot gur cinneadh “tromchúiseach” a bhí ann an cogadh a fhearadh ar an Iaráic agus gur maraíodh “ar a laghad 150,000 duine” de mhuintir na tíre sin de thoradh an chinnidh chéanna.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith nár bhagairt mhór é Saddam Hussein tráth an chinnidh agus go bhféadfaí aon bhaol a bhain leis a láimhseáil gan dul i muinín na cogaíochta.

Maítear nár tuigeadh i gceart in aon chor na himpleachtaí a bhainfeadh leis an ionradh agus nach raibh aon phlean ceart ann chun déileáil le cás na hIaráice i ndiaidh an chogaidh.

Ba ar an 28 Iúil 2002, a scríobh Blair chuig George Bush chun a rá le hUachtarán SAM go dtabharfadh sé tacaíocht dó ‘pé rud a tharlódh’.

Maítear sa tuarascáil go raibh Blair den tuairim i mí Eanáir 2003 gurbh é ba dhóichí ná a mhalairt go mbeadh cogadh ann agus gur ghlac sé le plean Mheiriceá don chogadh céanna i mí an Mhárta.

Mhaígh Blair féin inniu go léiríonn an tuarascáil nár tugadh aon “geallúint rúnda” do George Bush go rachfaí chun cogaidh ina theannta agus nár baineadh aon mhí-úsáid as fianaise chun an cás a dhéanamh don chogadh.

“The report should lay to rest allegations of bad faith, lies or deceit. Whether people agree or disagree with my decision to take military action against Saddam Hussein, I took it in good faith and in what I believed to be the best interests of the country,” a dúirt sé.

Ag trácht dó inniu ar an tuarascáil, dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn gur “tubaiste” a bhí in ionradh agus forghabháil na hIaráice.

“The tragedy is that while the governing class got it so horrifically wrong, many of our people actually got it right. On 15 February 2003, 1.5m people, spanning the entire political spectrum, and tens of millions of people across the world, marched against the impending war, the greatest ever demonstration in British history,” a dúirt Corbyn.