Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá trí cinn d’ainmniúcháin faighte ag Tuairisc.ie do na gradaim a bhronnfar ag ócáid le linn Oireachtas na Samhna

Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais tráthnóna agus tá foireann Tuairisc.ie ina measc siúd atá san iomaíocht do na gradaim a bhronnfar le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Tá Tuairisc.ie ainmnithe sa rannóg ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’, mar a bhfuil sé san iomaíocht le Nós.ie, Meon Eile, agus Comhar.

Tá an colúnaí Póilín Ní Chiaráin agus an t-iriseoir Maitiú Ó Coimín ainmnithe chomh maith dá saothar le Tuairisc.ie sa rannóg ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’. Is iad Méabh Ní Thuathaláin, Nós.ie, agus Pól Ó Muirí ó The Irish Times an bheirt eile atá san iomaíocht sa rannóg sin.

I measc na n-ainmiúchán eile tá Dara Ó Cinnéide, colúnaí le Tuairisc.ie, atá sa rannóg ‘Craoltóir Teilifíse na Bliana’, dá chuid saothair ar an gclár Seó Spóirt ar TG4. Lean conspóid mhór cinneadh TG4 deireadh a chur leis an gclár sin níos luaithe i mbliana.

Is iad Páidí Ó Lionáird, Tristan Rosenstock, Máire Bhreathnach agus Eoin Warner na daoine eile atá ainmnithe sa rannóg sin, do chláir éagsúla ar TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann.

Tá éagsúlacht mhaith ann sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’, rannóg a raibh mórdhrámaí go mór sa treis le tamall de bhlianta anuas. Tá an clár eolaíochta do dhaoine óga Is Eolaí Mé, an clár cartlainne Ar An Aer, an clár cúrsaí ealaíne Imeall, an mórdhráma An Klondike, agus an clár siamsaíochta ó thuaidh, I Lár an Aonaigh san iomaíocht do chlár na bliana. 

Is painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí in ocht rannóg: ‘Sraith Teilifíse na Bliana’, ‘Clár Teilifíse na Bliana’, ‘Craoltóir Teilifíse na Bliana’, ‘Aisteoir na Bliana’, ‘Clár/Sraith Raidió na Bliana’, ‘Craoltóir Raidió na Bliana’, ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’, agus ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’.

Is vóta poiblí a bheidh ann don naoú rannóg, áfach, ‘Réalta Óg na Bliana’. Tugtar aitheantas sa rannóg seo do sheisear óg atá ag saothrú i ngort na meán Gaeilge. Eiseofar sonraí maidir leis an vóta poiblí don rannóg seo go luath.

Stiofán Ó Fearail, ón mbanna ceoil Seo Linn a thug leis an gradam anuraidh agus ba é Cillian de Búrca a bhuaigh in 2015 é.

Ar ghearrliosta na bliana seo tá an láithreoir Caitlín Nic Aoidh ó TG4; Aindriú de Paor, atá ainmnithe dá shaothar le Raidió na Life, ach a bhíonn le cloisteáil go minic ar Cormac ag 5 ar RTÉ RnaG; Caoimhe Ní Chathail, a bhíonn le cloisteáil ar Raidió Fáilte agus RnaG go minic agus a bhíonn ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 agus Meon Eile; Art Parkinson, ambasadóir Sheachtain na Gaeilge agus aisteoir sa tsraith teilifíse Game of Thrones; Seán Ó Baoill, aisteoir de chuid Ros na Rún agus físiriseoir le Meon Eile; Sláine Ní Chathalláin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus Siún Ní Dhuinn, eagarthóir As An Nua agus comhordaitheir digiteach le RTÉ.

Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán: