Forbairt Feirste ‘míchompordach’ le cur chuige toghcháin Chonradh na Gaeilge

Dúirt Jake Mac Siacais Stiúrthóir Forbairt Feirste le Tuairisc.ie go raibh cruinniú boird ag an eagraíocht inar aontaíodh nach raibh an bord ‘compordach’ leis an scéal go raibh Conradh na Gaeilge ag cur in iúl gur ‘ag labhairt thar ceann phobal na Gaeilge’ a bhí siad

Jake Carál
Jake Mac Siacais leis an an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín

Tá Forbairt Feirste “míchompordach” le cur chuige Chonradh na Gaeilge maidir leis an bhfeachtas atá ar bun acu i láthair na huaire ina bhfuil trí éileamh ‘Phobal na Gaeilge’ á gcur os comhair iarrthóirí toghcháin.

Dúirt Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste, le Tuairisc.ie go raibh cruinniú boird ag an eagraíocht inar aontaíodh nach raibh an bord “compordach” leis an scéal go raibh Conradh na Gaeilge ag cur in iúl gur “ag labhairt thar ceann phobal na Gaeilge” a bhí siad.

“Níl aon éileamh againne a bheidh muid ag cur os comhair na bpolaiteoirí ná os comhair an phobail. An rud a bheidh muidinne a rá leis an bpobal ná ‘amharc ar na hiarrthóirí, amharc ar na páirtithe agus déan do rogha féin ina dhiaidh sin’, mar beidh orainn a bheith ag obair leis na daoine a bheidh i gcumhacht i ndiaidh an toghcháin, is cuma cé hiad féin,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Siacais nár aontaigh sé ar bhonn pearsanta, mar dhuine aonair, le cur chuige an Chonartha ach an oiread.

“Tá mise mar chuid de phobal na Gaeilge agus ní labhraíonn Conradh na Gaeilge ar mo shonsa ná ar son go leor daoine a bhfuil aithne agam orthu. Má amharcann tú siar go dtí na 1960í, tá na sean-argóintí agus éilimh chéanna ann. Ní thagaim leis an seanchur chuige sin, ba chóir go mbeadh muidinne inár bpobal féin níos misniúla agus níos compordaí lenár gcuid éileamh féin.

“Tá éileamh simplí ag Misneach, ‘Saol Trí Ghaeilge Atá Uainn’, agus tagaim go huile is go hiomlán leis sin. Tá an Conradh ag iarraidh a bheith ionadaíoch thar ceann an phobail, ach más sin atá uathu níl le déanamh acu ach iarrthóirí dá gcuid féin a chur suas don toghchán,” a dúirt sé.

Ní chuirfeadh sé isteach ar Mac Siacais, a dúirt sé, go mbeadh “duine nó eagraíocht ar bith” ag iarraidh a bheith i mbun feachtais ar cheist faoi leith ach “ní fhéadfadh aon ghrúpa amháin” a bheith ionadaíoch ar phobal uile na Gaeilge, dar leis.

“Tá trí éileamh acu, agus tá ‘Éilimh Phobal na Gaeilge’ á dtabhairt orthu acu, nuair is éilimh Chonradh na Gaeilge ba cheart a rá. Tá siad ag iarraidh £2.6 milliún – cén fáth? Le cad é a dhéanamh? Caithfimid a bheith beo le pé airgead agus pé Roinn atá againn, caithfimid mar Ghaeil a bheidh féinmhuiníneach go leor as ár gcumhacht féin.

“Is cur chuige lochtach atá ann, ní hionann riachtanais mhuintir na tuaithe agus mhuintir na cathrach, riachtanais na státseirbhíseach agus lucht na Gaelscolaíochta. Tá an cur chuige lochtach sin ann ó bhunú an tSaorstáit, móreagraíochtaí Gaeilge i bhfáinne órga na bpolaiteoirí ag éileamh tacaíochta uathu lena gclár oibre féin a chur i gcrích,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Siacais go riabh réimse leathan rudaí ann gur mhaith leis féin agus a eagraíocht a bhaint amach ar son na teanga, ach go gcreideann sé go docht agus go daingean i gcumhacht an phobail, agus gur ón bpobal a chaithfeadh na héilimh a theacht.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie gur aontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta leis na héilimh atá á gcur chun cinn ag an gConradh.

“Is éilimh iad atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, chuireamar na héilimh faoi bhráid na n-eagraíochtaí sin agus tháinig siad ar ais chugainn ag aontú leo. Is faoi Fhorbairt Feirste féin atá sé a rogha rud a éileamh, ach seo an gnáthrud a bhíonn ar siúl le go mbeimid in ann éilimh shoiléire a chur i bhfeidhm.

“Níor aontaigh siad leo ag an am, bhí cúpla grúpa eile nár aontaigh, ach is léiriú iad an 80 eagraíocht eile go bhfuil tacaíocht trasréimse ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta ag na héilimh atá curtha chun cinn againn,” a dúirt de Spáinn.