Forbairt Feirste ‘míchompordach’ le cur chuige toghcháin Chonradh na Gaeilge

Dúirt Jake Mac Siacais Stiúrthóir Forbairt Feirste le Tuairisc.ie go raibh cruinniú boird ag an eagraíocht inar aontaíodh nach raibh an bord ‘compordach’ leis an scéal go raibh Conradh na Gaeilge ag cur in iúl gur ‘ag labhairt thar ceann phobal na Gaeilge’ a bhí siad

Jake Carál
Jake Mac Siacais leis an an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín

Tá Forbairt Feirste “míchompordach” le cur chuige Chonradh na Gaeilge maidir leis an bhfeachtas atá ar bun acu i láthair na huaire ina bhfuil trí éileamh ‘Phobal na Gaeilge’ á gcur os comhair iarrthóirí toghcháin.

Dúirt Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste, le Tuairisc.ie go raibh cruinniú boird ag an eagraíocht inar aontaíodh nach raibh an bord “compordach” leis an scéal go raibh Conradh na Gaeilge ag cur in iúl gur “ag labhairt thar ceann phobal na Gaeilge” a bhí siad.

“Níl aon éileamh againne a bheidh muid ag cur os comhair na bpolaiteoirí ná os comhair an phobail. An rud a bheidh muidinne a rá leis an bpobal ná ‘amharc ar na hiarrthóirí, amharc ar na páirtithe agus déan do rogha féin ina dhiaidh sin’, mar beidh orainn a bheith ag obair leis na daoine a bheidh i gcumhacht i ndiaidh an toghcháin, is cuma cé hiad féin,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Siacais nár aontaigh sé ar bhonn pearsanta, mar dhuine aonair, le cur chuige an Chonartha ach an oiread.

“Tá mise mar chuid de phobal na Gaeilge agus ní labhraíonn Conradh na Gaeilge ar mo shonsa ná ar son go leor daoine a bhfuil aithne agam orthu. Má amharcann tú siar go dtí na 1960í, tá na sean-argóintí agus éilimh chéanna ann. Ní thagaim leis an seanchur chuige sin, ba chóir go mbeadh muidinne inár bpobal féin níos misniúla agus níos compordaí lenár gcuid éileamh féin.

“Tá éileamh simplí ag Misneach, ‘Saol Trí Ghaeilge Atá Uainn’, agus tagaim go huile is go hiomlán leis sin. Tá an Conradh ag iarraidh a bheith ionadaíoch thar ceann an phobail, ach más sin atá uathu níl le déanamh acu ach iarrthóirí dá gcuid féin a chur suas don toghchán,” a dúirt sé.

Ní chuirfeadh sé isteach ar Mac Siacais, a dúirt sé, go mbeadh “duine nó eagraíocht ar bith” ag iarraidh a bheith i mbun feachtais ar cheist faoi leith ach “ní fhéadfadh aon ghrúpa amháin” a bheith ionadaíoch ar phobal uile na Gaeilge, dar leis.

“Tá trí éileamh acu, agus tá ‘Éilimh Phobal na Gaeilge’ á dtabhairt orthu acu, nuair is éilimh Chonradh na Gaeilge ba cheart a rá. Tá siad ag iarraidh £2.6 milliún – cén fáth? Le cad é a dhéanamh? Caithfimid a bheith beo le pé airgead agus pé Roinn atá againn, caithfimid mar Ghaeil a bheidh féinmhuiníneach go leor as ár gcumhacht féin.

“Is cur chuige lochtach atá ann, ní hionann riachtanais mhuintir na tuaithe agus mhuintir na cathrach, riachtanais na státseirbhíseach agus lucht na Gaelscolaíochta. Tá an cur chuige lochtach sin ann ó bhunú an tSaorstáit, móreagraíochtaí Gaeilge i bhfáinne órga na bpolaiteoirí ag éileamh tacaíochta uathu lena gclár oibre féin a chur i gcrích,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Siacais go riabh réimse leathan rudaí ann gur mhaith leis féin agus a eagraíocht a bhaint amach ar son na teanga, ach go gcreideann sé go docht agus go daingean i gcumhacht an phobail, agus gur ón bpobal a chaithfeadh na héilimh a theacht.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie gur aontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta leis na héilimh atá á gcur chun cinn ag an gConradh.

“Is éilimh iad atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, chuireamar na héilimh faoi bhráid na n-eagraíochtaí sin agus tháinig siad ar ais chugainn ag aontú leo. Is faoi Fhorbairt Feirste féin atá sé a rogha rud a éileamh, ach seo an gnáthrud a bhíonn ar siúl le go mbeimid in ann éilimh shoiléire a chur i bhfeidhm.

“Níor aontaigh siad leo ag an am, bhí cúpla grúpa eile nár aontaigh, ach is léiriú iad an 80 eagraíocht eile go bhfuil tacaíocht trasréimse ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta ag na héilimh atá curtha chun cinn againn,” a dúirt de Spáinn.

Fág freagra ar 'Forbairt Feirste ‘míchompordach’ le cur chuige toghcháin Chonradh na Gaeilge'

  • Jake MacSiacais

    Aontaím le dhá rud a deir Julian 1) níor aontaíomar leis na héilimh ag an am. (ní aontaím leo go fóill) 2) Nuair a deireann sé: “seo an gnáthrud a bhíonn ar siúl”. athrú ata uainn, cur chuige úr, pobal-lárnaithe agus pobal bhunaithe.

  • Feardorcha

    Nach é an fear céanna a bhí ag plobarnaíl ní rófhada ó shin go raibh airgead Fhoras na Gaeilge á chaitheamh ar fhoclóir nua a scríobh seachas a thuilleadh fós a thabhairt dá dhream féin?

    “Caithfimid a bheith beo le pé airgead agus pé Roinn atá againn, caithfimid mar Ghaeil a bheidh féinmhuiníneach go leor as ár gcumhacht féin … Tá an cur chuige lochtach sin ann ó bhunú an tSaorstáit, móreagraíochtaí Gaeilge i bhfáinne órga na bpolaiteoirí ag éileamh tacaíochta uathu lena gclár oibre féin a chur i gcrích,”

    Dealraíonn sé nach bhfuil éinne eile ábalta do thodhchaí na teangan ach ár gcara. Féar plé dho.

  • Jake Mac Siacais

    Bheadh sé deas dá mbeadh Fear Dorcha sásta ainm ceart a chur lena thuairim ansin bheinn sásta plé leis. Sin raite tá sé michruinn sa mhéid atá ráite aige

  • Feardorcha

    Is fada ó cailleadh ‘deas’ a Jake.
    Bí ag bréagnú leat a dhuine, ní domsa ach do cháiníocóirí na tíre atá tusa freagrach.

  • Seán Mór

    Tá mé féin ar son na n-éileamh atá déanta ag an Chonradh. Dá mba rud é nach mbeadh aon sprioc eile ag an Chonradh nó dá mba rud é go raibh siad ag rá nach bhfuil rud ar bith tábhachtach seachas na trí sprioc seo, bheinn ag aontú le Jake.

    Is iomaí eagraíocht a dúirt go raibh siad ag caint ar son an phobail seo agus ar son an phobail siúd, agus b’fhéidir go bhfuil pointe ag Jake nuair a deir sé nach dtig le haon eagraíocht labhairt ar son ‘phobal na Gaeilge’. San am céanna, tá an Conradh ar cheann de na heagraíochtaí Gaeilge is daonlathaí sa tír… is stiúrthóireachtaí atá i gcuid mhór eagraíochtaí eile. Ní hionann daonlathas agus éifeachtacht, agus ní hionann stiúrthóireacht agus easpa éifeachtachta, dár ndóigh, ach creidimse, níos mó ná go leor eagraíochtaí eile, go mbíonn an Conradh ag iarraidh éisteacht le tuairim an phobail agus sin a thabhairt ar bord ina chuid feachtas.

    Tá rud éigin sna tagairtí atá déanta ag Jake don ‘tsaorstát’ agus ‘I bhfáinne órga na bpolaiteoirí’ a shílim féin atá míchruinn agus míchothrom, agus tá mé féin míchompordach leis sin. Is mó teagmháil a bhí ag muintir an tSratha Báin leis an Chonradh ná le go leor eile… agus tchím an Conradh mar eagraíocht uile-Éireann nach bhfuil aon bhlaiseadh den ‘saorstát’ uaidh, ná ón chur chuige atá acu. Is beag eagraíocht Ghaeilge atá ann, seachas Misneach b’fhéidir, nach mbíonn ag bolaíocht thart ar láthair na bpolaiteoirí agus a gcuid airgid. Ach is airgead s’againne atá ann cá bith, agus níl sna polaiteoirí ach na daoine a roghnaímid le cinnithe a dhéanamh faoin airgead sin. Is ceart agus is cóir go mbeadh brúghrúpaí Gaeilge ar thóir an airgid sin.

    Tá roinnt pointí fiúntacha déanta ag Jake, i mo bharúil féin, maidir le muidne ag seasamh suas dúinn féin, agus ag dul i ngleic leis an stát agus leis an tsochaí ar ár ndóigh féin. Ní shílim go bhfuil aon rud i seasamh an Chonartha a thagann salach ar an dearcadh sin, áfach.

    Tá mise buartha fán ghaelscolaíocht i ndiaidh dom éisteacht le hArlene Foster le cúpla lá anuas fá chúrsaí oideachais. Tá méid áirithe déanta ag an Aire Cultúir i dtaca leis an Ghaeilge, agus níor mhaith liom go rachadh an fhreagracht do chúrsaí Gaeilge chuig duine atá go hiomlán naimhdeach di. Agus tá gá le tuilleadh maoinithe don Ghaeilge agus ní miste sin a chur chun tosaigh am toghcháin. Mar sin de, níl deacracht ar bith agam féin tacú le héilimh an Chonartha, agus meas agam ar an obair atá idir lámha ag Forbairt Feirste chomh maith.

  • file

    Scoilt! Ar dóigh! Aontaím leis an dá thaobh … ar acht go mbeidh scoilt ann.