Fíneáil curtha ar thiománaí i nGaeltacht Thír Chonaill a rinne ‘doughnut’ timpeall ar lánúin lá a bpósta

Cúisíodh John Ward as tiomáint chontúirteach i nGort an Choirce in 2015 nuair a thiomáin sé i bhfáinní timpeall ar Michael agus Siobhán Doogan lá a bpósta

Fíneáil curtha ar thiománaí i nGaeltacht Thír Chonaill a rinne ‘doughnut’ timpeall ar lánúin lá a bpósta

Gearradh fíneáil €500 ar fhear i gCúirt Dúiche an Fháil Charraigh inné mar gheall ar thiomáint chontúirteach sa cheantar sin beagnach dhá bhliain ó shin.

Ba é John Ward a bhí ag tiomáint an chairr a tiomáineadh i bhfáinní timpeall ar lánúin nuaphósta i lár bhóthar poiblí an N56 i nGort an Choirce i mBealtaine na bliana 2015.  Rinneadh taifead den eachtra ar fhón póca agus scaipeadh an físeán ar na meáin shóisialta.

Cúisíodh Ward as tiomáint chontúirteach agus as cosc a chur ar shaorbhealach feithiclí in áit phoiblí. Gearradh fíneáil €500 air as tiomáint chontúirteach agus tugadh trí mhí dó lena híoc agus caitheadh an dara cúis amach.

Dúirt Frank Dorrian, abhcóide Ward, go raibh a chliant ag tiomáint i bhfáinní “mar gur iarr daoine eile air é a dhéanamh”. Dúirt sé go nach raibh ann ach “báire baoise” agus nár shíl Ward go raibh aon chontúirt ann.

“Is beag an ról a bhí aige san eachtra. Ba eisean an chéad duine a rinne pirouette agus tharla rudaí eile nach raibh baint aige leo. Rinne tiománaí cairr eile an taifeadadh agus níor iarr [Ward] air é sin a dhéanamh. Deimhníonn sé nach dtarlóidh a leithéid arís agus níor fhéach sé riamh lena fhreagracht a mhaolú,” a dúirt Dorrian leis an mBreitheamh Paul Kelly.

Ciontaíodh Michael Doogan, an fear nuaphósta a sheas i lár an bhealaigh mhóir agus Ward ag tiomáint timpeall air, as toirmeasc toiliúil i gCúirt Dúiche an Fháil Charraigh i mí Mheán Fómhair seo caite.

Cúisíodh Doogan agus a bhean chéile, Siobhán, as eolas faoi thiománaí an chairr a choinneáil ó na Gardaí ach tharraing na Gardaí an chúis sin siar ag tús an cháis. Ghearr an Breitheamh Kelly fíneáil €500 ar Michael Doogan.

Cuireadh i leith fir eile, Charles McClafferty, as Glaise Chú, Gort an Choirce, go raibh tiomáint chontúirteach ar bun aige freisin. Líomhnaítear gurbh é McClafferty, atá 34 bliain d’aois, a bhí ag tiomáint an chairr san eachtra atá le feiceáil san fhíseán a scaipeadh ar líne.

Nuair a bhí a cás féin éiste, d’fhág Siobhán Doogan teach na cúirte agus ó tharla gurbh í an t-aon fhinné i gcás McClafferty ní fhéadfaí dul ar aghaidh leis an gcás sin dá huireasa.

Níor tugadh aon ghairm chúirte do Shiobhán Doogan maidir le cás McClafferty agus, dá bharr sin, dúirt an Breitheamh Kelly nach raibh an “dara rogha” aige ach an cás a chaitheamh amach.

Dúirt an Breitheamh Kelly inné go bhfuil an teachtaireacht á cur amach faoin tír go bhfuil sé ceart go leor teacht go Tír Chonaill chun eachtraí mar seo a fheiceáil.

“Tá droch-cháil á tarraingt ar an gcontae. D’éist mé inné le go leor cainte ar na meáin faoi Mháirt na gConallach. Is údar imní dom gurb é seo an dearcadh atá ann agus go bhfuil an oiread sin eachtraí mar seo á bplé go forleathan.

“Tá roinnt mhaith eachtraí tráchta agus roinnt timpistí uafásacha ag tarlú. Tá an dearcadh sin ann gur féidir teacht go Tír Chonaill agus go ligfear leat na rudaí seo a dhéanamh,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Fíneáil curtha ar thiománaí i nGaeltacht Thír Chonaill a rinne ‘doughnut’ timpeall ar lánúin lá a bpósta'