FÍSEÁN: Lánúin Ghaeltachta a ndearna tiománaí ‘doughnuts’ timpeall orthu lá a bpósta os comhair cúirte

Fear as Gaeltacht Thír Chonaill cúisithe as a ról in eachtra tiomána ar lá a phósta i nGort an Choirce

FÍSEÁN:	Lánúin Ghaeltachta a ndearna tiománaí ‘doughnuts’ timpeall orthu lá a bpósta os comhair cúirte

Ciontaíodh fear as Mín Lárach i nGort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill as toirmeasc toiliúil i gCúirt Dhúiche an Fháil Charraigh inné.

Sheas Michael Doogan agus a bhean chéile Siobhán, i lár bhóthar poiblí an N56 i nGort an Choirce ar lá a bpósta i mBealtaine na bliana seo caite a fhad is a bhí carr á thiomáint i bhfáinní timpeall orthu. Rinneadh taifead den eachtra ar fhón póca agus scaipeadh an físeán ar na meáin shóisialta.

Dúirt an Garda Seán O’Hara, ó stáisiún an Fháil Charraigh, gur léir ón bhfíseán gur dúnadh an bóthar N56 ar an dá thaobh go mbeifí in ann cleasaíocht chairr a dhéanamh.

Cúisíodh an bheirt as eolas faoi thiománaí an chairr a choinneáil ó na Gardaí ach tharraing na Gardaí an chúis sin siar ag tús an cháis.

Ciontaíodh Michael Doogan, atá 25 bliain d’aois, as cosc a chur ar shaorbhealach feithiclí in áit phoiblí. Ghearr an Breitheamh Paul Kelly fíneáil €500 ar Doogan agus thug ceithre mhí dó lena híoc.

Dúirt an Breitheamh Kelly gur “cás tromchúiseach” a bhí ann agus go raibh an t-ádh ar an lánúin nuaphósta nár gortaíodh duine ar bith ar a “lá sona”.

“Tá an contae seo buailte go dona ag na diabhal fáinní seo. Ó tharla go ndeachaigh an scéal seo amach ar na meáin shóisialta, tá an drochtheachtaireacht á cur chun cinn go bhfuil sé ceart go leor teacht go Tír Chonaill agus an cineál sin iompair a bheith ar siúl agat.

“Is cás tromchúiseach é seo agus caithfidh mé a bheith dáiríre faoi. B’fhéidir nárbh é [an cúisí] a thosaigh an eachtra seo ach chabhraigh sé leis trína bheith ina sheasamh i lár an bhóthair lena bhrídeog. Tá an t-ádh air féin agus ar a bhean chéile nár gortaíodh duine ar bith. Tá an t-ádh orainne nach bhfuilimid ag déileáil le tubaiste i ndiaidh ócáid shona,” a dúirt sé.

Dúirt dlíodóir Doogan, Frank Dorrian, go bhfuil iarracht déanta ag an lánúin dul i ngleic leis an “ngéarchéim” a bhain díobh nuair a cuireadh an físeán ar líne agus mhaígh sé nach mbeadh lámh ná páirt ag Doogan ina leithéid d’eachtra arís choíche. Dúirt sé go bhfuil an lánúin ag iarraidh an scéal ar fad a fhágáil “i bhfad ina ndiaidh”.

Idir an dá linn, cuireadh i leith Charles McClafferty, as Glaise Chú, Gort an Choirce, go raibh tiomáint chontúirteach ar bun aige. Líomhnaítear gurbh é McClafferty, atá 34 bliain d’aois, a bhí ag tiomáint an chairr san eachtra atá le feiceáil san fhíseán.

Nuair a d’éist an chúirt a cás, d’fhág Siobhán Doogan teach na cúirte agus ó tharla gurbh í an t-aon fhinné i gcás McClafferty ní fhéadfaí dul ar aghaidh leis an gcás sin dá huireasa.

Níor tugadh aon ghairm chúirte do Shiobhán Doogan maidir le cás McClafferty agus dá bharr sin dúirt an Breitheamh Kelly nach raibh an “dara rogha” aige ach an cás a chaitheamh amach.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Lánúin Ghaeltachta a ndearna tiománaí ‘doughnuts’ timpeall orthu lá a bpósta os comhair cúirte'

  • antaine

    Bhí an ceart ag ag an bhreitheamh gur tromchúiseach an scéal é seo, ach cha dóigh liom gur léir ón phíonóis ná ón bhealach a chaitheadh le tiománaí an chairr (nach ndeachadh ar aghaidh lena chás) go bhfuil na húdaráis dáiríre faoin fhadhb seo. Tá míchlú ar Tír Chonaill as cúrsaí tiomána, tiománaithe óga ach go háirithe, agus neart fianaise gruama fána choinne sin. Tá geáitsíocht mar seo agus mímúineadh bóthair le feiceáil go rialta sa cheantar seo, fiú i lár an lae, ag cur daoine i mbaol agus ag tabhairt míchlú dosna bailte seo (An Fál Carrach ach go háirithe a bhfuil cáil a fháíl aige mar baile ainrialta i measc cuairteoirí don cheantar). Easpa Gardaí ach go háirithe, chomh maith le neamairt á dhéanamh ag gaolta na bhfear óg (mar is fir óga is mó atá i gceist) agus an pobal i gcoitinne a ligeann don drochiompar déistineach frithshóisialta seo leanúint ar aghaidh. Zero-tolerance atá de dhíth – tá sé in am gníomhú nó éirí as an cur i gcéíll!

  • padraig

    Pleotai amadain agus oinsi amach is amach, da mbuailfeadh ceann de na carranna seo faoin ‘lanuin” sin? Cen tabhairt suas a thabharfaidh daoine da leitheid ar a gcuid paisti? Ni maith liom carranna- ta siad salach, glorach agus pluchann siad na sraideanna. Milleann siad an t-aer timpeall orainn, is truig bhais e an much is eile a sceitheann uathu do na milte daoine gach bliain – nil’s agam cen chaoi a bhfeadfadh na meaisini (maraitheacha) seo a bheith ina ndeithe beaga ag dream ar bith. Tugann siad anmneacha ceana ar na carranna, bionn siad a ni is a n-ionramhail acu amhail is gur leannain acu iad. Baois agus bolloxology.