Filíocht Ghaeilge á lorg ag Leabharlann Filíochta na Breataine dá cartlann

Tá an Leabharlann ag iarraidh filíocht ó na mílte teanga atá ‘i mbaol a mbáis’ a bhailiú agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht

Filíocht Ghaeilge á lorg ag Leabharlann Filíochta na Breataine dá cartlann

Tá Leabharlann Náisiúnta Filíochta na Breataine sa tóir ar fhilíocht Ghaeilge mar chuid de thogra ollmhór filíochta atá ar bun acu i láthair na huaire.

Tá an Leabharlann ag iarraidh filíocht ó na mílte teanga atá “i mbaol a mbáis” a bhailiú agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht, agus tá filíocht na Gaeilge i measc na gcorpas litríochta a theastaíonn ón institiúid a chaomhnú.

Dúirt Chris McCabe ón Leabharlann go “gcailltear filíocht an domhain nuair a chailltear teangacha” agus go léiríonn taighde go gcaillfear leath na dteangacha ar domhan faoin mbliain 2100. De réir an eagráin is déanaí de The Atlas of the World’s Languages in Danger (UNESCO) tá an Ghaeilge “i mbaol go cinnte”, an dara grád ar scála na heagraíochta maidir le teangacha atá i mbaol. ‘I mbaol’, ‘i mbaol go cinnte’, ‘i mbaol mór’, ‘i bhfíorbhaol’, agus ‘marbh’ na gráid uilig atá ar an scála sin.

Seoladh an togra bailithe filíochta an tseachtain seo caite ar Lá Náisiúnta na Filíochta sa Bhreatain agus tá iarrtha ar an bpobal dánta cáiliúla i mionteangacha agus i dteangacha atá i mbaol a sheoladh chuig an Leabharlann le cur sa chartlann.

Tá an Leabharlann agus Ollscoil Londan ag obair as lámha a chéile le dán amháin ó gach teanga, ar a laghad, a chaomhnú, agus aistriúchán Béarla ar na dánta sin a chur leo.