Fear an Spidéil, Life of a Lord agus Máthair na Banríona

Agus Rásaí Bhaile an Bhriotaigh ar leic na tairsí, eachtraíonn ár gcolúnaí gaiscí Life of a Lord ansiúd agus comhrá idir fear as an Spidéal agus Máthair na Banríona

Charlie Swan
Charlie Swan le Micheál Mac Fhlannchadha

Each faoi leith ab ea Life of a Lord, an capall Gaillimheach deireanach a bhuaigh an Galway Plate scór bliain ó shin. B’in an dara huair as a chéile an gaisce déanta aige. Chríochnaigh Life of a Lord sa seachtú háit i Grand National Aintree an bhliain chéanna sin agus bhuaigh National Chiarraí i bhfómhar na bliana 1995.

Ba é úinéir an chapaill Micheál Mac Fhlannchadha a bhí i mbun Óstán an Droichid i sráidbhaile an Spidéil ag an am sin agus ón am ar saolaíodh é i Seanadh Fhraochóg i mbarr na bhForbacha bhí cion a chroí ag Micheál ar chapaill. Agus é ag obair mar thógálaí sna 1960idí agus 70óidí ní raibh mórán ama aige le dul ag plé leo siúd, ach mar óstóir bhí beagán níos mó de sheans ann agus faoin am a raibh Life of a Lord aige bhí Mac Fhlannchadha sáite go domhain i bpórú capall agus i gCumann Chapaillíní Chonamara.

Ba é Tom Costello as Cora Chaitlín i gCo. an Chláir a d’aimsigh an capall don óstóir i 1991, nuair a bhí Life of a Lord cúig bliana d’aois. Ní raibh fear in Éirinn a raibh níos mó scile i gcapaill aige ná a bhí ag an gCoisdealbhach, ar bhuaigh eacha ar tháinig sé orthu ocht Cheltenham Gold Cup, seacht Hennessy Gold Cup agus dhá Aintree Grand National.

Sna blianta ba thúisce, d’fhág Micheál Mac Fhlannchadha traenáil an chapaill faoi Tom. Rinne sé thar cionn ag na rásaí ‘Pointe go Pointe’ agus ansin bhuaigh leathdhosaen rás i nDún Dealgan, i nGabhal Luimnigh, i Sligeach, i Ros Comáin, i Luimneach agus i mBaile an Bhriotaigh.

Ach chuaigh rudaí chun donais do Life of a Lord, do Mhicheál Mac Fhlannchadha agus do Tom Costello i 1994 nuair ba é an séú háit a bhain sé amach i rás ag Féile Lios Tuathail an gaisce ab fhearr a rinne an capall sa dosaen iarracht a rinne sé. In Eanáir na bliana 1995 shocraigh an t-úinéir traenáil an chapaill a fhágáil faoi fhear óg darbh ainm Aidan O’Brien, a bhí i mbun an chúraim an uair sin i mBaile an Phoill, i gCo. Chill Chainnigh agus a bhí ag tarraingt cáil air féin.

Bheadh rath as cuimse ar an socrú nua mar as sin go ceann bliain go leith bhuaigh Life of a Lord trí cinn de na léim-rásaí is luachmhaire in Éirinn, ceann de na cinn is luachmhaire i Sasana agus bhí sé ar cheann na hiomaíochta ar feadh tamall maith in Aintree Grand National na bliana 1996.

Charlie Swan, a bhí ina sheaimpín-mharcach ar Éirinn idir 1990–1998, a bhí sa diallait d’fhormhór na n-ócáidí sin, ach níorbh é a chríonnacht a rinne seisean sa mbua mór ba thúisce acu nuair a bhuaigh Life of a Lord Pláta na Gaillimhe i 1995. Bhí roinnt capaill mhaithe eile ag O’ Brien sa rás freisin agus roghnaigh Swan ceann acu sin darbh ainm Loshian chun cinn ar chapall an Spidéil nuair a tugadh an rogha dó. Déarfainn go mba dheacair méirín fhliuch a leagan ar Charlie nuair a chuaigh Life of a Lord agus a mharcach siúd, Trevor Horgan tharstu amach agus iad ag déanamh ar an líne, nó gur bhailigh ceann de na duaischistí is luachmhaire sa tír.

Charlie Swan
Charlie Swan

Chinntigh Swan go mba eisean a bhí sa diallait nuair a bhuaigh Life of a Lord National Chiarraí i Lios Tuathail an fómhar sin agus arís sa Grand National in Aintree i dtús an earraigh 1996 nuair a choinnigh siad leis an gcuid ab fhearr a bhí ag déanamh go raibh trí mhíle go leith imithe. Mar a bhí tuartha acu, níor fheil an míle sa mbreis air sin don chapall, a choinnigh ag imeacht mar sin féin gur chríochnaigh sa seachtú háit.

Capall darbh ainm Rough Quest agus Mick Fitzgerald sa diallait a bhuaigh an Grand National sin i 1996 agus bhí ceangal Gaeltachta ansin freisin siocair go mba sna Dúnaibh a saolaíodh a thraenálaí siúd, Terry Casey. Ach scéal do lá eile é sin.

Ceithre seachtaine díreach tar éis an Grand National bhí Life of a Lord ar ais ar an aistear ab ansa leis agus bhuaigh an Sandown Gold Cup, ceann de na léimrásaí is cáiliúla atá i Sasana.

Ba sa mbaile sa Spidéal a bhí Micheál Mac Fhlannchadha ag breathnú ar an rás sin agus ba chairde leis, Peter agus Anne Fahy, a ghlac leis an gcorn ar a shon. Go gairid i ndiaidh na hiomaíochta bhuail an teileafón in Óstán an Droichid agus nuair a d’fhreagair fear an tí, is é an teachtaireacht a fuair sé go raibh Máthair na Banríona ag iarradh labhairt leis.

Ba ise a bhronn an duais agus nuair a thuig sí nach raibh an té ar leis Life of a Lord ar an láthair é féin, d’iarr sí ar Peter Fahy an bhféadfadh sé a theacht air ar an teileafón póca, rud a rinne sé. Lean dreas deas comhrá idir fear Sheanadh Fhraochóg agus an bhean a bhí pósta ag Rí Shasana tráth faoi fhiúntas Life of a Lord agus mianach chapall Chonamara. Dúirt sí go gceannódh sí ceann!

I dtús mhí Lúnasa 1996, bhuaigh Life of a Lord, Charlie Swan agus Mac Fhlannchadha Pláta na Gaillimhe don dara bliain as a chéile, ach faraor, ar theacht an fhómhair, nuair a shíleadar an cleas céanna a dhéanamh le National Chiarraí, bhain gortú don chapall a d’fhág nach raibh de rogha ann ach é a chur den saol.

Ar nóta pearsanta, ba é Micheál Mac Fhlannchadha, go ndéana Dia maith air, a thug an chéad phá a shaothraigh mé ariamh dom – ag freastal sa mbéar inar labhair sé le Máthair na Banríona deich mbliana fichead dar gcionn. Fear ciúin, mánla ab ea é a raibh an pléisiúr a thug an capall ab fhearr a bhí riamh faoina úinéireacht tuillte go maith aige.