Fáilte curtha roimh cheapachán Kyne ag Ó Cuív agus ag an gConradh

Dúirt an Teachta Dála Ó Cuív le Tuairisc.ie inniu gur “dea-scéal” a bhí ann gur ceapadh fear Mhaigh Cuilinn, a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige, sa phost. Dúirt Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill go bhfuil an eagraíocht “ag súil le bheith ag obair” leis an Aire Stáit nua chun leas na teanga.

Sean Kyne, Fine Gael, Gaillimh Thiar
Sean Kyne, Fine Gael, Gaillimh Thiar

Tá fáilte curtha ag urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, roimh cheapachán Sheáin Kyne (FG) ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta inniu. Is Teachtaí Dála iad beirt do Ghaillimh Thiar, dáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht Chonamara agus Árann.

Dúirt an Teachta Dála Ó Cuív le Tuairisc.ie inniu gur “dea-scéal” a bhí ann gur ceapadh fear Mhaigh Cuilinn, a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige, sa phost.

“Is dea-scéal é sin, is fear é atá sásta plé le pobal na Gaeltachta i nGaeilge agus atá sásta dul i mbun cainte agus díospóireachta i nGaeilge ar Raidió na Gaeltachta. As na Teachtaí Dála uilig atá sa rialtas, tá sé ar dhuine den bheagán atá ag Fine Gael atá ar a chompord leis an nGaeilge. Tá sé ina chónaí sa cheantar Gaeltachta is mó sa tír, agus is maith an rud é sin freisin, tuigeann sé an Ghaeltacht.

“Beidh mise ag comhoibriú leis sa ról atá agamsa, ach beidh mé ag cur go leor brú air freisin. D’fhoilsigh Fianna Fáil clár uaillmhianach i rith an fheachtais toghcháin agus chreid muid go mbeadh muid in ann é a chur i bhfeidhm, mar sin beidh mé ag cur brú ar an Aire Stáit nua na rudaí a bhí ann a bhain leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, fáilte roimh an gceapachán freisin.

“Cuirimid fáilte roimh Sheán Kyne agus é ceaptha ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta. Táimid ag súil le bheith ag obair leis agus go ngabhfaidh an obair sin chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is tús nua atá ann agus ní dhéanfaimid cáineadh ná moladh ag an tús. Ba dheas dá mbeadh sé ina Aire Sinsearach ach is rud maith go bhfuil Gaeilge ag an Aire Stáit,” a dúirt sé.

D’fhógair an Taoiseach Enda Kenny tráthnóna inné sa Dáil go raibh Seán Kyne ceaptha ina Aire Stáit don Ghaeltacht. Toghadh an tAire Stáit nua chun na Dála den chéad uair in 2011 nuair a fuair sé an cúigiú suíochán i nGaillimh Thiar agus gan le spáráil aige ach 17 vóta. Toghadh an athuair Kyne, atá 40 bliain d’aois, in olltoghchán na bliana seo nuair a fuair sé an tríú suíochán sa dáilcheantar.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh cheapachán Kyne ag Ó Cuív agus ag an gConradh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is cúis dóchais go bhfuil Éamonn Ó Cuív ag fáiltiú roimh ceapachán Sheán Kyne mar Aire Stáit Ghaeltachta. Ba mhaith liom iarraidh ar Éamonn Ó Cuív agus Seán Kyne tíocht le chéile agus breathnú ar an scanall a bhaineann le leagan amach na Gaeltachta. Tá leath de Chathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht ina bhfuil 25,000+ ina gcónaí, do réir Daonáireamh 2011. Ba bhreá dá mbeadh Seán Kyne ‘sásta deireadh a chur leis an scannal go bhfuil an t-aitheantas céanna Gaeltachta ag go leor pobail sa Ghaeltacht oifigiúl nach bhfuil aon Ghaeilge iontu. Chabhródh sé leis dá mbeadh Éamonn Ó Cuív sásta tacaíocht leis. Dá mbeadh na teorannacha leagaithe amach bunaithe ar critéir teangeolaíocha, d’fhéadfaí tús a chur le cosaint a thabhairt don mhéad sin don Ghaeltacht ina bhfuil an teanga in usáid agus bonn ceart a chur faoin pleanáil teanga.

    Tá airgead le caitheamh amú ar phleanáil teanga i gceantair oifigiúla Gaeltachta nach bhfuil aon rian den Ghaeilge iontu, mar theanga taobh amuigh den chóras oideachais. Níl aon chiall, mar shampla, le bheith ag cur airgid amú le plean teanga a chur le chéile do Achréidh na Gaillimhe, an ceantar taobh thoir de Ghaillimh thart ar Baile an Chláir ar an N17, amhail is gur ceantar Gaeltachta é. Ní dochar ar bith an Ghaeilge a neartú ann ar an gcaoi céanna is a dhéanfaí í a neartú in áit ar bith eile ar fud na tíre, dá mbeadh aon dream sásta tabhairt faoi sin ach caithfear glacadh leis na firicí nach bhfuil aon difríocht idir Baile an Chláir agus áiteacha eile taobh amuigh den Ghaeltacht i gContae na Gaillimhe ó thaobh usáid na Gaeilge. Tá áiteacha ann ina bhfuil usáid na Gaeilge níos láidre ná Baile an Chláir ach níl aitheantas Gaeltachta ag na háiteacha sin agus níor cheart go mbeadh.

    Má tá Éamonn Ó Cuív dáiríre, thabharfadh sé tacaíocht do Sheán Kyne teorannacha na Gaeltachta a leagan amach as an nua, i mbealach a dhéanann ciall agus sa gcaoi is go mbeadh bunús teangeolaíoch le aitheantas Gaeltachta, bunaithe ar usáid agus iompar teanga i 2016, seachas ar an usáid a bhí ann 60 bliain ó shin. (Tá Baile an Chláir mar atá Cnoc na Cathrach agus Tír Oileán agus cuid mhaith de Ghaeltacht Mhaigheo sa Ghaeltacht, mar gheall ar staid na Gaeilge sna ceantracha sin i 1956, trí scór bliain ó shin!)