Fág an fata ag Cóilín agus lig do Bhran é a chuartú! 10 n-aitheanta an Chaighdeáin Oifigiúil

Agus an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil le foilsiú go luath, deir ár gcolúnaí gur mí-úsáid agus ró-úsáid an Chaighdeáin an chúis is mó leis an bhfadhb mhór litearthachta a bhíonn ag Gaeilgeoirí

Bran Book page

Caighdeán oifigiúil é agus ní Bíobla na scríbhneoireachta Gaeilge – ó leabhar don pháiste go húrscéal riadaire. Teastaíonn rialacha ó gach teanga ar fiú a hainm í, ach ní scríobhfaidh ár bhformhór cáipéis oifigiúil go brách agus ní bheadh ar chumas ár bhformhór í a léamh, ní áirím an fonn a bheith orainn.

Níl aon chúis go mbeadh na treoracha d’iarratas ar chárta leighis nó ar dheontas bólachta i nGaeilgeagair chomh crochta, chomh mínádúrtha agus chomh caighdeánach nach dtuigfeadh iad ach aistritheoirí dlí. Is beag is áiféisí liom ná saineolaithe teanga ag argóint faoinar cheart séimhiú a chur ar fhocal sa nginideach nó cén cineál tuiseal ginideach atá ag teastáil. Mar a deir na gasúir – ‘so what’! Ní ar an gCaighdeán Oifigiúil is mó an locht ach an ródhílseacht a thugann saoithíní agus comhlachtaí aistriúcháin is foilsitheoireachta do rialacha nach dóibhsean ná domsa a ceapadh. An éiginnteacht agus an t-aineolas a ghineann an flosc caighdeánaithe seo mar go bhfolaíonn frásaí ilfhoclacha dothuigthe easpa Gaeilge.

1.Iarraim go mbeadh an focal Oifigiúil i gcló throm ghléineach do na tíoránaigh teanga uilig.
Ar ndóigh tá sé tugtha faoi deara agatsa go bhfuil teideal an ailt seo ag teacht salach ar an gCaighdeán Oifigiúil a thugann beagnach leathchéad leathanach do na huimhreacha. Ar dhúirt aon duine riamh 10 n-aithne? Tá sé ag De Bhaldraithe ach ní bhacann Ó Dónaill ná focloir.ie leis.

2. Nach bhfuil an saol i bhfad róghearr le 88 mbád mhóra agus 21 bhriogaid chantalach a scríobh, ní áirím an Connachtach bocht nach n-aithneodh gur briogaill í an bhriogaid sin.

3. Cé (cá!) mhéad bliain staidéir atá déanta ag an té a chuimhnigh ar ‘in AE’ a chur sa gcaighdeán in áit ‘san AE’ deas nádúrtha?

4. Treániolraí abú! Tá glactha leo, tá siad sa gcaint agus stoptar den chartadh; is iomaí scraith ghlogair a d’fhéadfadh thú a chriogadh. Fág againn ár gcláracha is ár bpostanna is cuma dlíodóir nó scríbhneoir muid.

5. Cé acu ab fhearr leat a fheiceáil – doras tí ósta, doras theach ósta nó doras teach ósta dá mbeadh tart ort? Ar mhaith leat do ghloine beorach i ngloine bheorach nó an ndéanfadh crúsca thú? Cé’s measa do thart chun beorach nó chun an ghinidigh?

6. Go leor den ábhar a bhíonn le haistriú as Béarla bíonn sé lán d’aonaid ilfhoclacha agus ginidigh den uile chineál agus ní bhainfeadh Solamh meabhair astu, fiú agus iad cruinn ceart. Caith uait rialacha an chaighdeáin faoi chainníocht, comhbhaint agus aidiachtaí agus an séimhiú agus sáigh isteach slám réamhfhocal.

7. Chomh fada agus go bhfuil tú ag obair leat, nach cuma sa sioc arb í an obair atá tú ag déanamh nó an obair atá tú a dhéanamh a thugann riar do cháis duit, ach an leagan a bheith ag teacht le do chanúint is do phobal féin?

8. Tá fadhb mhór litearthachta ag Gaeilgeoirí – céimithe agus iarchéimithe óga Gaeilge ina measc. Déanaimse amach gurb é mí-úsáid agus ró-úsáid an Chaighdeáin Oifigiúil an chúis is mó leis seo. Cothaíonn sé mímhuinín agus coimhthíos ón gcéad lá a dtéann gasúr ar scoil nuair a fheiceann an Conamarach óg Bran ag cuardach sa ghairdín.

9. Bíonn go leor rudaí i bhfolach ar Bhran bocht agus níl am ná toil ag chuile mhúinteoir a ghabháil ag folach séimhithe le go bhféadfaidh Bran iad a chuartú. Tugtar ar ais an fata – níl aon bhlas ar phráta i mbéal an Chonnachtaigh – ní cóir d’aon ghasúr óg i gConamara práta a fheiceáil in aon téacsleabhar. Ní ar shanasaíocht amháin a mhaireann Cóilín ach ar fhataí!

10. Ná téitear i bhfad scéil leis an míniú – aon riail a chaitear a mhíniú chomh mion agus chomh fadálach sin, tá sé in am aici bás maith a fháil agus is mithid meaisín na beatha bréige a mhúchadh.

Fág freagra ar 'Fág an fata ag Cóilín agus lig do Bhran é a chuartú! 10 n-aitheanta an Chaighdeáin Oifigiúil'

  • Breandán Delap

    An-alt

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Uimhir 10 ansin fíorthábhachtach. Ní rial rial má tá leathanaigh de mhíniú de dhíth. Tá teanga ainrialta againn is léir, má mhaireann sí b’fhéidir go mbeidh sí níos rialta, ach is é is dócha nach mbeidh inti ach canúintí a bheidh ag feo agus ag reo, gach cainteoir dúchais agus nua agus a rialacha áitiúla canúna féin acu.

  • ciaran

    ‘Mar a deir na gasúir – ‘so what’!
    Ach nach bhfuil sé thar a bheith cool so ‘what’ nó ‘soooo what’ a rá faoi chuile shórt beo nach mór ‘? Má ghéillimid don ‘sowhaterry’ sin is gearr go mbeidh ár dtriopall in airde uileag, beifear faoi gheasa ag ‘what-ever/soo’ ag chuile soonso na haimsire seo, buailfear tairnge i gceann gach ceiste leis an ‘sowhat’ céanna agus is é a bheidh mar dhlaoi mhullaigh ar gach argóint gan cur chuici ná uaithi.

  • Áine

    An-alt a Mháire mar is dual duit. Is é an dúshlán is mó atá romhainn a chinntiú go mbeidh an chanúint áitiúil ar eolas ag gasúir/daoine/foghlaimeoirí a dteastaíonn uathu a bheith ag caint le chéile… nuair a thagann na gasúir abhaile ón scoil agus iad ag léamh ‘ag dul sa ghairdín’ in áit a bheith ag rá / nó ag léamh ós ard le go n-aithneoidh said gurb í an teanga chéanna í agus a bhíonn againn chuile lá sa mbaile ‘ag gabháil sa ngairdín (sa ngarraí)…séard a déarfar leat nach ar an gcaoi sin a dheirtear ar scoil é…. mhínítí dúinne ariamh ar scoil….go léifeá ‘do Mháire… mar ‘go Mháire.. go ndéarfá ‘ar an mbord’… fiú dá mbeadh ar an bhord scríofa agus gur clárachaí a bhíonns ar an teilifís/raidió leis an ‘aí’ ar an deireadh… (ní gá scéal chailleach an uafáis a dhéanamh dhó… díreach mar a luaigh Neasa Ní Chuaig ar RnaG an lá cheana faoi mar a fhoghlaimíonn gasúir le ‘know’ an Bhéarla a aithint…. ní bhíonn Béarlóirí ag déanamh imní gur ionann mar a dheirtear é agus mar a dheirtear ‘no’) cá ndeachaigh daoine amú… níl Gaeilge á labhairt … níl an chanúint ar eolas go mion ag Múinteoirí … faitíos ollmhór roimh an gCaighdeán… béim ar an gCaighdeán Oifigiúil sa mbunscoil i scoileanna Gaeltachta díreach le muid a scantrú le nach gceisteofar an droch-fhoghraíocht… tá sé thar am go mbeadh an chanúint áitiúil á múineadh/teagasc i scoileanna an cheantair… á léamh ag an aifreann…le cloisteáil idir daoine… an mbeidh sé de mhuinéal ag príomhoidí treoir a thabhairt ina thaobh….mar a deir an Béarla… a little knowledge is a dangerous thing…… agus faraor meabhrán a chuirfidh alt bhreá Mháire ar go leor mar nach bhfuil béim ar an bhfocal labhartha ní áirím ar chaighdeán canúna ná oifigiúil sa gcóras oideachais… múinteoirí dara leibhéal scantraí moladh do ghasúir Gaeltachta scríobh ina gcanúint fhéin ar fhaitíos nach dtuigfidh lucht an cheartaithe iad….dá mbeadh ‘ag cuartú’ scríofa… bheadh an biro dearg amuigh… agus ‘cuardach’ á mholadh cinnte….é thar am treoracha a thabhairt do dhaoine faoina gcanúint féin… cé dó a bhfuil muid ag uallú??? alt a bheith i dtuairisc go rialta b’fhéidir…a bheadh scríofa sa gcaighdeán/i gcanúint Uladh/ i gcanúint na Mumhan agus i gcanúint Chonamara… altanna simplí den bhunábhar céanna agus é le feiceáil dá réir théis tamall nach bhfuil na difríochtaí chomh suntasacha sin ach gurb iad na difríochtaí céanna sin a chuireann meabhrán ar dhaoine mar nach bhfuil siad mínithe ag aon duine d’fhormhór na ndaoine… é sin nó leaganacha éagsula ó dhreamanna éagsúla…..éist le duine as Conamara ag rá ‘Oireachtas’… an bhfuiltear á rá i gcanúint Chonamara nó i gcanúint na Mumhan mar gurb é a bhíonn á chleachtadh go forleathan…stopfaidh mé ansin