Éire v an Danmhairg – an rud is annamh is iontach

Ní minic le hÉirinn agus an Danmhairg a chéile a imirt, ach tá stair idir na foirne mar sin féin

Éire v an Danmhairg – an rud is annamh is iontach

Martin O'Neill. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Nuair a bhreathnóidh Martin O’Neill agus Roy Keane ar an gcaoi ar éirigh le foirne sacair na hÉireann in aghaidh na Danmhairge sna cluichí comórtais a imríodh eatarthu go dtí seo, tharlódh go mbeidh an bheirt sásta go maith gur shocraíodar le gairid síneadh a chur leis na conarthaí fostaíochta atá idir iad agus an FAI.

Ba tar éis cliseadh in aghaidh na nDanmhargach i mbabhta cáilithe do Chraobhacha Chorn an Domhain i 1986 a chaill bainisteoir na linne sin Eoin Hand a phost agus cé gur bhuaigh foireann Steve Staunton orthu 4-0 i gcluiche dúshláin a imríodh in Aarhus in 2007, b’in í an choimhlint dheireanach a bhuaigh Éire le linn a réimis agus bhí bóthar faighte aigesean é féin nuair a chinn orthu níos mó ná pointe amháin a thabhairt leo as na ceithre chluiche cáilithe do Chraobhacha na hEorpa 2008.

Cé go bhfuil suas le 1,500 cluiche idirnáisiúnta imeartha acu, ní minic leis an dá thír seo, a thiocfaidh chun páirce faoi dhó in imeacht seachtaine ag tús na míosa seo chugainn, a chéile a imirt.

Chomh maith leis na cluichí cáilithe do Chorn an Domhain sin i 1986, níor tharla sé ach dhá uair eile go raibh siad in aon ghrúpa i mbabhtaí cáilithe an chomórtais sin  -craobhacha 1958 agus 1994. Faoi dhó freisin a bhíodar sa ngrúpa céanna i gCraobhacha na hEorpa –  1970 agus 1980.

Deich gcluiche comórtais mar sin atá imeartha eatarthu,  trí cinn buaite ag chaon taobh agus ceithre cinn críochnaithe ar chomhscór. Ach ní mór a rá go bhfuil sé 38 bliain ó d’éirigh le foireann na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar an Danmhairg in imirt chraoibhe.

Don Givens agus Gerry Daly a scóráil na cúil sa mbua sin (2-0) ar Pháirc Bhóthar Lansdún i mBealtaine 1979, ach ba í foireann Shasana a bhain áit amach i mBabhtaí Ceannais na hEorpa san Iodáil, Tuaisceart Éireann sa dara háit agus an fhoireann a raibh John Giles ina bhainisteoir uirthi sa tríú háit.

Tá sé ionann is trí scór bliain ó imríodh an dá chluiche eile inar éirigh le hÉirinn an bua a fháil ar an Danmhairg  – cinn i réamhbhabhtaí Chorn an Domhain 1958. Ba iad Gerry Mackey (Ruagairí na Seamróige) agus Johnny Gavin (Norwich) a scóráil  na cúil ar Pháirc Chnocán an Dálaigh, George Cummins (Luton Town)  agus Dermot Curtis (Bristol City) a chroith an eangach i gCóbanhávan i mí Dheireadh Fómhair 1957.

Bhí Liam Whelan ar fhoireann na hÉireann an oíche sin. Trí mhí dár gcionn maraíodh é sa timpiste eitleáin a d’fhág an bhail chéanna ar sheachtar dá chomrádaithe imeartha i Manchester United agus ar ceithre dhuine dhéag eile.

Bhí bunús fhoirne na Danmhairge a bhuafadh Craobh na hEorpa i 1992 ag teacht faoi bhláth dornán blianta roimhe sin nuair a thugadar an greadadh 4-1 d’Éirinn sa gcluiche a d’fhág a phost caillte ag Hand – Johnny Sievebæk, Brian Laudrup, Lars agus Marten Olsen, cuir i gcás.

Bhíodar sin i mbarr a maitheasa agus Peter Schmeichel (Man Utd) agus Johnny Jensen (Arsenal) tagtha chun cinn nuair a tarraingíodh an Danmhairg agus Éire in aon ghrúpa i réamhbhabhtaí Chorn an Domhain 1994. D’fhág cluiche gan aon scór i gCóbanhávan Éire ar bharr an tábla agus tuairim leath na gcluichí imeartha agus in Aibreán na bliana 1993 choinnigh Niall Quinn foireann Jack Charlton ar an mbóthar chuig na Státaí nuair a scóráil sé cúl ar Bhóthar Lansdún a d’fhág go mba roinnte eatarthu a bhí an chreach ansiúd freisin.

B’in an comórtas inar fhág cúl  Alan McLoughlin ar Pháirc Windsor ag deireadh na bliana go raibh sé in am a dhul ag tóraíocht na bpasanna le dhul chuig Giants Stadium in East Rutherford agus chuig an Citrus Bowl in Orlando an bhliain dár gcionn. Nach tráthúil an rud anois arís é gurbh iad an Danmhairg seachas Éire a bheadh á dhéanamh sin dá ndéanfadh an réiteoir cealú an oíche chéanna ar an gcúl a thug an bua don Spáinn orthu siúd  mar ba chóir a bheith déanta aige.  Ba léir feall a bheith déanta ag an scórálaí, Fernando Hierro ar Schmeichel.

Dá gceisteofá O’Neill agus Roy an mhaidin ar tarraingíodh na foirne in aghaidh a chéile an tseachtain seo cén fhoireann de na ceithre cinn ab fhearr leo a imirt dá mbeadh a rogha féin acu, chuile sheans gurb iad na Danmhargaigh a luafadh siad.

Bheidís san freisin sásta go maith pointe amháin a thabhairt abhaile as Cóbanhávan, mar a bhí Jack Mór, mheasfainn.

Fág freagra ar 'Éire v an Danmhairg – an rud is annamh is iontach'