Éalaíonn TG4 ó ghalar an aistriúcháin agus is saibhre go mór ‘Grace Harte’ dá bharr

I ndiaidh dó féachaint ar an gcéad eagrán de dhráma nua TG4 tá uisce le fiacla ár léirmheastóra don dá cheann atá le teacht

Éalaíonn TG4 ó ghalar an aistriúcháin agus is saibhre go mór ‘Grace Harte’ dá bharr

Ceardaí pinn é Antoine Ó Flatharta a bhfuil raidhse drámaí agus saothair eile tagtha óna pheann i gcaitheamh na mblianta. Eascraíonn láidreachtaí Grace Harte (TG4, Déardaoin) as scríbhinn an tsaoiste pinn seo. Ón gcéad luí súl is rí-léir don lucht féachana gur saothar é seo atá teann as féin agus a bhogfaidh ar aghaidh ar a bhogstró. Is í fís an scríbhneora a chuireann bonn faoi chur chuige an stiúrthóra agus taispeántais na n-aisteoirí. Ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí agus is boichte go mór an táirge deiridh, dá bharr. Maidir le TG4 tá cor eile sa scéal óir go mbíd ciaptha ag galar an aistriúcháin.

Ón uair a thugann Kate Nic Chonaonaigh a céad mhonalóg uaithi is léir nach aistriúchán atá anseo, ach táirge scríbhneora a bhfuil máistreacht aige ar an teanga agus atá os cionn a bhuille ó thaobh a cheirde. Cabhraíonn an cliar iomlán (seachas duine amháin) de chainteoirí dúchais/líofa nach loitear nádúrthacht agus réalachas dhomhan Uí Fhlatharta.

Tá suan na muice bradaí á chothú ón tús leis an gcur chuige dubh agus bán, seatanna den thírdhreach sceirdiúil agus an t-óstán aduain. Tá an t-óstán céanna mar bhunús leis na heachtraí a chuirtear sa tsiúl.

Tá drochbhail ar fhoirgneamh mhuintir Harte, agus tá an bhail chéanna ar phósadh Grace (Nic Chonaonaigh) agus Leo (Devaney). Nuair a chailltear máthair Leo, bean a bhí mar shnáth uama an phósta, imíonn rudaí chun ainnise ar fad agus surfálaí mealltach Eoin Ó Dubhghaill ina lár istigh. Tá taispeántais chumasacha ón mbeirt cheann feadhna (Devaney agus Nic Chonaonaigh) agus tá cúpla mír an-chumhachtach, ach an-nádúrtha ag an am céanna, eatarthu. Bhíos ar tinneall ag deireadh an chéad ghála agus uisce le m’fhiacla don dá cheann atá le teacht. Seo an chéad táirge ó chomhghuaillíocht ‘Cine 4’ agus is dea-theist é an saothar seo ar an gcur chuige nua.

Mar is dual d’Éamonn Ó Cualáin agus a chomhghleacaithe ba tháirge snasta, machnamhach é Poc na nGael (TG4, Dé Céadaoin). Tugadh éachtaint ar an nasc a bhí ag an iománaíocht agus na Gaeil le bunú agus forás an haca oighir i gCeanada. Agus Ger Loughnane ár dtreorú go hoilte pléitear an tuairim gur as cluichí iománaíochta ar loch oighir in Albain Nua (Nova Scotia) a d’eascair an spórt is mó i gCeanada an lae inniu. Ní raibh mo ghoile faoi bhunús an spóirt sásaithe nuair a bogadh ar aghaidh le léargas a thabhairt ar an tionchar a bhí ag na Gaeil ar na clubanna móra agus an spórt é féin.

Deineadh trácht ar an aighneas idir Protastúnaigh agus Caitlicigh in Toronto, an Chéad Chogadh Domhanda, foirne a bhí lán go gad le hÉireannaigh agus an ról a bhí ag na hÉireannaigh i mbunú ‘The Toronto Maple Leafs’, an club is mó i gCeanada  agus an forás a chuir siad air. Faoi mar is eol do mhórán bhí cáil na troda ar an spórt, go mór mór sna hochtóidí. Chaitheas gáire a dhéanamh fad is a bhí Brendan Shanahan, imreoir atá sa Táin, ag caint go deisbhéalach, machnamhach. Taispeánadh mír dó agus é ag dul in adharca a chéile comhraic: ‘the Irish in Shanahan came out,’ a dúirt an tráchtaire go seanbhlastúil. N’fheadar arbh eol don tráchtaire céanna go bhfuil an tÉireannachas go smior sa spórt féin?