Éalaíonn TG4 ó ghalar an aistriúcháin agus is saibhre go mór ‘Grace Harte’ dá bharr

I ndiaidh dó féachaint ar an gcéad eagrán de dhráma nua TG4 tá uisce le fiacla ár léirmheastóra don dá cheann atá le teacht

Éalaíonn TG4 ó ghalar an aistriúcháin agus is saibhre go mór ‘Grace Harte’ dá bharr

Ceardaí pinn é Antoine Ó Flatharta a bhfuil raidhse drámaí agus saothair eile tagtha óna pheann i gcaitheamh na mblianta. Eascraíonn láidreachtaí Grace Harte (TG4, Déardaoin) as scríbhinn an tsaoiste pinn seo. Ón gcéad luí súl is rí-léir don lucht féachana gur saothar é seo atá teann as féin agus a bhogfaidh ar aghaidh ar a bhogstró. Is í fís an scríbhneora a chuireann bonn faoi chur chuige an stiúrthóra agus taispeántais na n-aisteoirí. Ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí agus is boichte go mór an táirge deiridh, dá bharr. Maidir le TG4 tá cor eile sa scéal óir go mbíd ciaptha ag galar an aistriúcháin.

Ón uair a thugann Kate Nic Chonaonaigh a céad mhonalóg uaithi is léir nach aistriúchán atá anseo, ach táirge scríbhneora a bhfuil máistreacht aige ar an teanga agus atá os cionn a bhuille ó thaobh a cheirde. Cabhraíonn an cliar iomlán (seachas duine amháin) de chainteoirí dúchais/líofa nach loitear nádúrthacht agus réalachas dhomhan Uí Fhlatharta.

Tá suan na muice bradaí á chothú ón tús leis an gcur chuige dubh agus bán, seatanna den thírdhreach sceirdiúil agus an t-óstán aduain. Tá an t-óstán céanna mar bhunús leis na heachtraí a chuirtear sa tsiúl.

Tá drochbhail ar fhoirgneamh mhuintir Harte, agus tá an bhail chéanna ar phósadh Grace (Nic Chonaonaigh) agus Leo (Devaney). Nuair a chailltear máthair Leo, bean a bhí mar shnáth uama an phósta, imíonn rudaí chun ainnise ar fad agus surfálaí mealltach Eoin Ó Dubhghaill ina lár istigh. Tá taispeántais chumasacha ón mbeirt cheann feadhna (Devaney agus Nic Chonaonaigh) agus tá cúpla mír an-chumhachtach, ach an-nádúrtha ag an am céanna, eatarthu. Bhíos ar tinneall ag deireadh an chéad ghála agus uisce le m’fhiacla don dá cheann atá le teacht. Seo an chéad táirge ó chomhghuaillíocht ‘Cine 4’ agus is dea-theist é an saothar seo ar an gcur chuige nua.

Mar is dual d’Éamonn Ó Cualáin agus a chomhghleacaithe ba tháirge snasta, machnamhach é Poc na nGael (TG4, Dé Céadaoin). Tugadh éachtaint ar an nasc a bhí ag an iománaíocht agus na Gaeil le bunú agus forás an haca oighir i gCeanada. Agus Ger Loughnane ár dtreorú go hoilte pléitear an tuairim gur as cluichí iománaíochta ar loch oighir in Albain Nua (Nova Scotia) a d’eascair an spórt is mó i gCeanada an lae inniu. Ní raibh mo ghoile faoi bhunús an spóirt sásaithe nuair a bogadh ar aghaidh le léargas a thabhairt ar an tionchar a bhí ag na Gaeil ar na clubanna móra agus an spórt é féin.

Deineadh trácht ar an aighneas idir Protastúnaigh agus Caitlicigh in Toronto, an Chéad Chogadh Domhanda, foirne a bhí lán go gad le hÉireannaigh agus an ról a bhí ag na hÉireannaigh i mbunú ‘The Toronto Maple Leafs’, an club is mó i gCeanada  agus an forás a chuir siad air. Faoi mar is eol do mhórán bhí cáil na troda ar an spórt, go mór mór sna hochtóidí. Chaitheas gáire a dhéanamh fad is a bhí Brendan Shanahan, imreoir atá sa Táin, ag caint go deisbhéalach, machnamhach. Taispeánadh mír dó agus é ag dul in adharca a chéile comhraic: ‘the Irish in Shanahan came out,’ a dúirt an tráchtaire go seanbhlastúil. N’fheadar arbh eol don tráchtaire céanna go bhfuil an tÉireannachas go smior sa spórt féin?

Fág freagra ar 'Éalaíonn TG4 ó ghalar an aistriúcháin agus is saibhre go mór ‘Grace Harte’ dá bharr'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bhain mé an sásamh as ‘Grace Harte’ aréir. Drámaíocht den scoth é. Scriopt, atmasfaer, aisteoireacht, stiúrthóireacht agus eagarthóireacht thar barr ar fad. Gaeilge nadúrach ag gach duine acu. Trua nach raibh rogha ann na fotheidil a mhúcadh.

    Is deas an Flathartach a fheiceál ar ais i mbun pinn do TG4.

    Ach cár deineadh é?

  • Séamus Ó Catháin

    Dráma den chéad scoth. Ag thúth go mór leis an gcéad chuid eile de ‘Grace Harte’