‘Dul chun cinn suntasach’ maidir leis an nGaeilge agus €210 milliún caite uirthi ó 2011 – Tuarascáil an Rialtais

Ach deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh “gurbh ait” leis nár bhac an Rialtas tagairt a dhéanamh ina dtuarascáil nua d’éirí as an iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin i 2014

11/01/2016. Programme for Government and the Statement of Government Priorities 2014-2016. Pictured (LtoR) An Taoiseach Enda Kenny TD and the Tanaiste Joan Burton TD reported on progress made in relation to the Agreed Programme for Government and the Statement of Government Priorities 2014- 2016 to the media outside Government Buildings in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
An Taoiseach Enda Kenny TD agus an Tánaiste Joan Burton ag seoladh tuarascáil an Rialtais  : Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá sé thagairt don Ghaeilge i dtuarascáil bhliantúil an Rialtais a chuireann síos ar a bhfuil bainte amach ó bhí 2011 ann. Tagraítear sa cháipéis a foilsíodh inniu don ‘dul chun cinn suntasach’ atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise agus don tacaíocht atá tugtha d’Fhoras na Gaeilge.

Tá aird tarraingthe ag an Rialtas ar an méid atá bainte amach acu, dar leo, ar son na Gaeilge ón mbliain 2011. Ina dtuarascáil bhliantúil a foilsíodh inniu, luaitear i measc bhuaiceanna an chláir rialtais le cúig bliana anuas an “dul chun cinn suntasach ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge”.

Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála inniu dúirt an Taoiseach go mbíonn “deacrachtaí ann an t-am ar fad ó thaobh cúrsaí Gaeilge de” ach gur “maith an rud é go mbíonn díospóireachtaí láidre ann” idir na heagrais Ghaeilge agus an Rialtas.

Luaigh sé arís an dul chun cinn atá déanta leis an Straitéis, an tacaíocht atá tugtha d’Údarás na Gaeltachta agus an obair atá déanta ag an Roinn Oideachais le tamall anuas ó thaobh cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht de.

Tá 68 leathanach sa cháipéis 2016 Programme for Government, Year 5: Shared Vision for Stability, Jobs and Inclusive Prosperity, nach bhfuil fáil uirthi i nGaeilge.

Tá sé thagairt don Ghaeilge sa tuarascáil faoin gceannlíne ‘Co-ordinate the 2016 Commemorative Events’ agus faoin bhfotheideal ‘Culture’.

Luaitear na tograí ‘Gaeilge’ atá beartaithe do Chomóradh an Chéid 1916-2016 faoin gcéad cheannlíne agus baineann an cúig thagairt eile leis an mír faoi ‘Culture’.

Deir an Rialtas go bhfuil €210 milliún caite acu ó bhí 2011 ann ar chur chun cinn na Gaeilge agus €68 milliún eile bronnta ar an bhForas Teanga, a bhfuil Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise mar chuid de. Luaitear sa cháipéis an tsamhail nua mhaoinithe, na socruithe nua maoinithe a thug Foras na Gaeilge isteach, mar bhuaic i saol na Gaeilge ó tháinig an Comhrialtas i gcumhacht.

Luaitear freisin go bhfuil an phleanáil teanga tosaithe in 18 limistéir de na 26 limistéir phleanála teanga don Ghaeltacht, mar a leagadh amach iad faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Cuirtear béim freisin an dul chun cinn “suntasach” ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála inniu dúirt an Taoiseach go mbíonn “deacrachtaí ann an t-am ar fad ó thaobh cúrsaí Gaeilge de” ach gur “maith an rud é go mbíonn díospóireachtaí láidre ann” idir na heagrais Ghaeilge agus an Rialtas.

Luaigh sé arís an dul chun cinn atá déanta leis an Straitéis, an tacaíocht atá tugtha d’Údarás na Gaeltachta agus an obair atá déanta ag an Roinn Oideachais le tamall anuas ó thaobh cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht de.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin le Tuairisc.ie inniu, áfach, gurbh ait leis nár bhac an Rialtas tagairt d’éirí as an iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin i 2014 ná do “cúlú na teanga” ón mbliain 2011.

“Tá cúlú déanta ó thaobh earcaíochta sa Státseirbhís, ó thaobh foilsiú billí agus eile, tá cúlú ann maidir le maoiniú de, maidir le pleanáil teanga de agus tá easpa dul chun cinn ann maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Is áit nach gcuireann siad san áireamh gurbh éigean don Choimisinéir Teanga éirí as. Tá siad ag maireachtáil i ndomhan nach bhfuil gnáthphobal na Gaeilge ag maireachtáil ann. Bhíothas an-mhuiníneach [go ndéanfaí dul chun] cinn nuair a chonacthas Taoiseach ó iarthar na tíre le Gaeilge, ach tá a mhalairt tarlaithe ó shin – ní leor a bheith báúil don Ghaeilge. Is gá beart de réir briathair a dhéanamh. Caithfidh an Taoiseach féin freagracht a ghlacadh as na heasnaimh seo os is é atá ina chathaoirleach ar an gcoiste atá ag plé leis an Straitéis,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar '‘Dul chun cinn suntasach’ maidir leis an nGaeilge agus €210 milliún caite uirthi ó 2011 – Tuarascáil an Rialtais'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil an rialtas seo ag teacht amach leis an raiméis seo – agus gan iarracht déanta fiú leagan Gaedhlige den tuarascáil a chur ar fáil.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cuid den ‘Dul Chun Cinn’ atá déanta ó 2011:

    1. An Teaghlach: deireadh curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge, in áit é a leasú, mar a bhí molta sa Staidéar Chuimsitheach ar an nGaeltacht.

    2. An Ghaeltacht: deireadh curtha le scéimeanna éagsúla sa Ghaeltacht, a thug buntáiste beag don chainteoir Ghaeilge sa Ghaeltacht.

    3. Acht na Gaeltachta: Dúradh sa Stráitéis go mbeadh stádas Gaeltachta ag braith ar critéir teangeolaíocha, ach is a mhalairt a tharla agus faoin Acht (Alt 7) a dheimhnigh teorannacha áiféiseacha na Gaeltachta mar a leagadh síos iad i 1956 agus a bhain an chumhacht ón rialtas na teorannacha a athrú, gan reachtaíocht.

    4. Údarás na Gaeltachta: Faoi Acht na Gaeltachta cuireadh deireadh leis an bunús daonlathach a bhain le toghadh Bord Údarás na Gaeltachta, mar go gcosnódh toghchán an iomarca airgid. Ina áit sin tugadh an chumhacht dona Chomairlí Chontae ionadaithe a chur ar an mBord, ionadaithe nach gcloistear uathu a thuilleadh agus nach bhfuil freagrach i mbealach ar bith do phobail na Gaeilge sa Ghaeltacht.

    5. Seirbhísí ón Stát tré Ghaeilge: Easpa dáiríreacht faoi seo ba chúis le Seán Ó Cuirreáin ag éirigh as 3 bliain ó shin. Tá an scéal céanna i gcónaí ann. Ní léir aon stráitéis ag an státchóras i dtaobh polasaí earcaíochta sa tseirbhís poiblí a chinnteodh soláthar dóthaineach ag an státchóras de dhaoine atá iniúl sa dá theanga oifigiúla, le go bhféadfaí freastal go sásúil ar dhaoine agus ar eagraíochta sa Ghaeltacht tré theanga na Gaeltachta.

    6. Nuachtán Clóite: Cuireadh deireadh leis an nuachtán clóite agus cuireadh nuachtán ar líne ina áit, cé go raibh sé ráite sa stráitéis go bhfuil sé mar sprioc ag an Stráitéis an líon daoine atá in ann ‘na meáin chlóite a rochtain a mhéadú’. Cén fáth nach féidir nuachtán clóite agus nuachtán ar líne a bheith agann?

    7. Oideachas: Tá cúrsa Gaeilge san Ardteist chomh éasca anois is gur ábhar fonóide é agus is masla é do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, arb í an Ghaeilge a gcéad teanga. (Fianna Fáil is cúis le sin, ní an rialtas seo, dá dhonacht iad.) Níl aon dhushlán ann mar ba cheart. Tá seo ag déanamh dochar millteanach don Ghaeilge sa Ghaeltacht, mar nach bhfuil mórán saibhriú teanga ar bun i measc na ndéagóirí, taobh istigh den chóras oideachais, rud a fháganns faoi mhíbhuntáiste iad ina dteanga dúchais. Mar shampla is deacair dóibh labhairt faoi mhothúcháin ina dteanga dúchais, ceal foclóra. Aithnítear go bhfuil céimeanna á thógáil ag an NCCA le seo a chur ina cheart ag leibhéal an Teastas Sóisireach. Tá sé práinneach tabhairt faoi ag leibhéal na hArdteiste chomh maith, a luaithe agus is féidir.