Duine de chumadóirí móra ceoil Hollywood faoi gheasa ag an gceol Gaelach

Dar le Craig Armstrong, a chum ceol do leithéidí ‘Moulin Rouge’ agus ‘The Great Gatsby’, tá gné ‘spioradálta’ ag baint leis an gceol Gaelach

Duine de chumadóirí móra ceoil Hollywood faoi gheasa ag an gceol Gaelach

 

Tá duine de chumadóirí móra ceoil Hollywood faoi gheasa ag an gceol Gaelach agus é den tuairim go bhfuil sé “ar cheann de na cineálacha ceoil is iontaí agus is áille dá bhfuil ann”.

Dúirt an tAlbanach, Craig Armstrong, a chum ceol do leithéidí Moulin Rouge agus The Great Gatsby, go bhfuil gné “spioradálta” ag baint leis an gceol Gaelach.

“Sílim go dtéann sé i gcion ar gach duine an chéad uair a chloistear é. Bíonn siad an-chorraithe ag a áille agus a spioradálta atá sé,” a dúirt sé.

Bhí Armstrong ag freastal ar an gcéad léiriú de thogra dar teideal ‘Ballantyne’ – coirm cheoil eaglasta Ghaelach i Leodhais in Albain an deireadh seachtaine seo caite.

“Is cuid den ghairm é, mar chumadóir ceoil atá ina chónaí in Albain, a bheith airdeallach ar oidhreacht agus traidisiún do thíre féin chomh maith le bheith ag breathnú ar cheol idirnáisiúnta,” a dúirt sé.

D’oibrigh Armstrong go dlúth le Calum Martin, ceoltóir traidisiúnta agus ministir as an oileán, ar an togra le ceol eaglasta atá bunaithe ar na Sailm. Tá an ceol bunaithe ar an amhránaíocht ar an sean-nós agus dúirt Armstrong gur “dúshlán mór” a bhí ann uirlisí ceoil a thabhairt isteach i seánra nach mbíonn ach an glór ann de ghnáth.

“Is maith liom a bheith i mo chuid de thogra a chuireann an amhránaíocht Ghaelach chun cinn i measc an phobail mhóir in Albain agus ar fud na cruinne mar is traidisiún iontach speisialta í,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an t-ádh air gur casadh Martin air agus go raibh obair thábhachtach ar bun ag an ministir i gcur chun cinn an traidisiúin.

“Tá an t-ádh orm gur casadh Calum orm agus go raibh mé in ann teacht i dtír ar an eolas fairsing atá aige ar an ábhar. Chomh maith leis an obair le chéile ar an togra seo, is cairde anois muid agus is mór an onóir dom cuireadh a fháil go Leodhais le bheith mar chuid den phróiseas leanúnach seo.

“Tá eolas agus fuinneamh Chaluim agus an chaoi a bhfuil sé in ann an amhránaíocht Ghaelach a chur chun cinn ar fud na hAlban an-an-tábhachtach do thodhchaí an traidisiúin,” a dúirt an cumadóir aitheanta.

Fág freagra ar 'Duine de chumadóirí móra ceoil Hollywood faoi gheasa ag an gceol Gaelach'