‘Dóchas caillte ag an bpobal sa Straitéis 20 Bliain, agus gá le seilbh a ghlacadh uirthi’ – Príomhfheidmeannach Fhoras na Gaeilge

In agallamh le Tuairisc.ie, deir Seán Ó Coinn go bhfuil pobal na teanga ‘in ísle brí’ agus pléann sé ‘íomhá’ an Fhorais i measc go leor ábhar eile

‘Dóchas caillte ag an bpobal sa Straitéis 20 Bliain, agus gá le seilbh a ghlacadh uirthi’ – Príomhfheidmeannach Fhoras na Gaeilge

Tá “deireadh dúile” bainte ag pobal na Gaeilge de chur i gcrích na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge dar le Príomhfheidhmeannach nuacheaptha Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn.

In agallamh cuimsitheach le Tuairisc.ie a foilsíodh ar maidin, dúirt Ó Coinn go gcaithfidh eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre “seilbh a ghlacadh” ar an straitéis, a seoladh seacht mbliana ó shin, agus aghaidh a thabhairt ar na spriocanna atá inti.

Tá Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge ann ach tá deireadh dúile bainte ag mórán de phobal na Gaeilge agus de phobal na tíre de chur i gcrích na straitéise sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh go leor a bhí fiúntach sa phlean teanga náisiúnta, ach mháigh sé go bhfuil pobal na teanga “in ísle brí” agus go gcaithfeadh an pobal agus eagraíochtaí teanga araon “seilbh a ghlacadh ar Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus ár gcuid féin a dhéanamh di”.

Admhaíonn sé go bhfuil fadhbanna ó thaobh phróifíl Fhoras na Gaeilge, ach ní dóigh leis go bhfuil droch-íomhá ag an bhForas i measc an phobail.

Sílim gurb é atá ann nach bhfuil a fhios ag daoine cad é a dhéanann muid, cad é an ról atá againn agus sílim go bhfuil sé práinneach go mbeadh an scéal sin amuigh sa phobal.

“An rud a déarfainn, b’fhéidir, go bhfuil cuid mhór daoine i bpobal na Gaeilge nach bhfuil a fhios acu gurb ann d’Fhoras na Gaeilge, nó cén ról atá againn ná leithead na hoibre a dhéanann muid – cúrsaí téarmaíochta don Aontas Eorpach, cúrsaí foclóireachta agus foilsitheoireachta, Téarma.ie cuir i gcás, cúrsaí forbartha pobail, an tacaíocht a chuirtear ar fáil do pobal an ghnó, do na healaíona, do na comhairlí agus údaráis áitiúla, an tacaíocht thugtar don oideachas, don teagasc trí mheán na Gaeilge, do theagasc na Gaeilge, don earnáil aistriúcháin, do na meáin.”

Dúirt sé go mb’fhéidir nach bhfuil a fhios ag cuid mhór de phobal na Gaeilge “gurbh ann d’Fhoras na Gaeilge” ach go dtuigeann na daoine atá ar an eolas faoin eagraíocht go bhfuil an eagraíocht “ar an taobh céanna leo”.

“Tá muid uilig ag dul i dtreo na spriocanna céanna agus tá bealaí áirithe a gcaithimidne tabhairt faoi sin de thairbhe gur eagraíocht stáit muid,” a dúirt sé.