DARA Ó CINNÉIDE: Tá deireadh bhiaiste na soineantachta linn…

Níl Tiobraid Árann ag tabhairt faoi Pháirc an Chrócaigh amárach díreach chun lá dá saol a bheith acu, ach déanfaidh Maigh Eo an beart ar ais nó ar éigean

DARA Ó CINNÉIDE: Tá deireadh bhiaiste na soineantachta linn…

N’fheadar an raibh a leithéid de thréimhse chomh suaite riamh i stair an spóirt sa tír seo is a bhí le seachtain anuas.

Aoinne a thuigeann spórt agus a ghéilleann d’éirim an spóirt, beidh buairt an tseachtain seo air de bharr a bhfuil ag eascairt chugainn anall as Rio.

Ní chuige seo a thugann leanaí óga a ndúthracht le spórt agus n’fheadar cé acu is measa – an éagóir a deineadh ar Michael Conlan nó an lúbaireacht eile a a fhágann smál ar aislingí uaisle na gcluichí.

Buíochas le Dia go bhfuil cluichí na nGael ina steilleadh bheathaigh againn ag amanta go mbíonn an intinn tréith agus an aigne cráite. Tá gá níos mó ná riamh le spreagadh an spóirt tar éis na seachtaine atá curtha dínn againn.

Tá scata nach de bhunaibh Mhaigh Eo ná Tiobraid Árann iad ag súil go mór le cluiche leathcheannais an lae amáraigh i bPáirc an Chrócaigh.

Canathaobh ná beadh?

Ar thaobh amháin tá iontas agus aisling mhór na bliana ó thaobh na caide de agus an lá seo bainte amach don gcéad uair le breis is ceithre fichid bliain ag Tiobraid Árann, agus, ar an dtaobh eile, tá lucht an iarthair ag cnagadh ar an ndoras ó 1951 agus gan aon sásamh fachta ó shin acu.

Ba bhreá liom mar Mhuimhneach go bhfeicfinn comharthaí amárach go bhfuil Tiobraid Árann ar tí ré nua dá gcuid féin a thosnú, ach ní mar sin a bhraithfidh siad féin faoin gcúram. Tá dánaíocht nádúrtha agus féinmhuinín de dhroim oidhreachta is dúchais i dTiobraid Árann nach bhfuil i scata contaetha eile.

Ní bheidh siadsan ag tabhairt faoi Pháirc an Chrócaigh amárach díreach chun lá dá saol bheith acu. Tá laethanta eile ag teastáil uatha agus braitheann a bhformhór go bhfuil sé dlite dóibh.

Is furaist aithint cad as a thagann san i gcás na n-iománaithe ach i gcás na bpeileadóirí, ní dóigh liom gur leor fo-bhua anseo is ansiúd chun misneach a chothú isteach sa bhfómhar. Níl dóthain déanta ag an bhfoireann seo chun áit i gcluiche ceannais na hÉireann a thuilleamh. Ní fhéadfadh an chonair bheith chomh réidh, chomh socair sin. Ní féidir bheith gan cíos, cás ná cathú i gcónaí. Tá praghas ar an uile rud.

Tá a ndleachta fómhair íoctha go tiubh ag Maigh Eo faoin dtráth seo agus tá cuma an-shláintiúil ar a mórleabhar dá bharr. Taibhsíodh dúinn anuraidh ná féadfaidh dream amháin daoine ach an áirithe sin slite a fháil chun praiseach a dhéanamh de chluichí leathcheannais, ach má sheachnaíonn Maigh Eo na fochaisí an uair seo, beidh siad ar ais sa chluiche ceannais don gcéad uair le trí bliana.

Ach ná bíodh aon dearmad ort ná go bhfuil na fochaisí ann.

Ba dhóbair dóibh cuid acu a chnagadh ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh Thír Eoghain coicíos ó shin.

De bharr a mbua sa chluiche sin agus de bharr déine na h-imeartha ar uairibh, deintear neamhaird de nach bhfuair oiread is tosaí amháin ó Mhaigh Eo oiread is scór amháin ón imirt tar éis do Chillian O’Connor pointe a aimsiú i bhfíorthús an dara leatha. Sin naoi nóimeat is tríocha gan scór ón imirt ó oiread is tosaí amháin ó Mhaigh Eo. Scanrúil.

Cúis imní eile do Mhaigh Eo an easpa cinnteachta a bhí le feiscint agus le braistint sna nóimeataí deireanacha i gcoinne Thír Eoghain agus iad i dtaobh le fear breise. Fuair Tír Eoghain boladh an amhrais óna gcuid imeartha agus dá mbeidís aon phioc níos cruinne, is iad na hUltaigh a bheadh le Tiobraid Árann amárach.

An locht eile atá ag teacht chun cinn in imirt Mhaigh Eo le roinnt cluichí anuas ná líon na gciceanna saora a ghéilleann siad agus chomh neafaiseach is a thugann siad na ciceanna céanna uatha. Ní bhíonn an rath ach mar a bhíonn an smacht agus ba mhór an trua é dá scaoilfeadh Maigh Eo a ndeis uatha ceal smachta.

Tá na céadta cúis ann a deireann linn go bhféadfadh Maigh Eo an fear maith a fháil ar Thiobraid Árann amárach, ach b’fhéidir nach bhfuil ag teastáil i ndeireadh na dála ach an t-aon chúis amháin, an ceann is bunúsaí ar fad – is fearr d’fhoireann iad.

Is fearr d’fhoireann iad toisc go bhfuilid cruaite ag cathanna dá leithéid atá troidte roimis seo. Is fearr d’fhoireann iad toisc go bhfuil smid bheag umhlaíochta tagtha chucu de bharr a dtreascartha i gcoinne na Gaillimhe níos luaithe sa tsamhradh.

Is fearr d’fhoireann iad mar tá a gceannairí, Cillian O’ Connor, Aidan O’Shea, Lee Keegan, Andy Moran agus Keith Higgins tosnaithe ag imirt mar is dual dóibh san am cheart den mbliain.

Is fearr d’fhoireann iad toisc go dtuigeann siad, agus sinn ag teannadh le deireadh bhiaiste na soineantachta, nach gá do chúram a dhéanamh go h-ealaíonta i gcluiche leathcheannais an t-am seo den mbliain – is leor é a dhéanamh ar ais nó ar éigean.

Fanfaidh an ealaíon go mbíonn gá leis. Déanfaidh na tréithe agus na ceardaithe bunúsacha an gnó amárach.

Tar éis a mbris in 2014 agus 2015, tuigeann Maigh Eo é sin níos fearr ná Tiobraid Árann na haislinge.