DARA Ó CINNÉIDE: An t-adhlacóir féin cráite ag ceisteanna caide i gCiarraí…

I gCiarraí déanfar an scagadh, an sceanairt agus an sárú argóna as seo go Lá Caille, ach, idir an dá linn, is ag Maigh Eo a bheidh an deis Áth Cliath a chur dá mbuille

DARA Ó CINNÉIDE: An t-adhlacóir féin cráite ag ceisteanna caide i gCiarraí…

An réiteoir David Gough agus Colm Cooper i bPáirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ag teacht amach as tigh na marbh sa Daingean a bhíos tar éis freastal ar shochraid tráthnóna Dé Luain nuair a bheannaigh an t-adhlacóir dom.

Bhí cuma an-chráite air agus d’aithníos ar an bpointe go raibh fonn cainte air. Dála scata eile a bhuail níos luaithe sa lá liom, cúrsaí caide a bhí ag déanamh tinnis dó. Níorbh aon iontas mór é sin i gCiarraí tar éis chluiche mór an Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, ach chuir an té seo a bhí ag cur síos ar chaid iontas orm.

Cé gur mó babhta a bhíomar sa chomhluadar céanna, níor labhair sé puinn mar gheall ar chúrsaí caide liom.

Dúirt sé an uair seo, áfach, go raibh treascairt Chiarraí ag teacht idir é agus codladh na hoíche agus gur mhór an trua leis ná beadh sé i ndán do leithéidí Kieran Donaghy, Marc Ó Sé agus Aidan O’Mahony clabhsúr aislingeach a chur ar a réanna caide.

Dheineas mo dhícheall sólás éigin a thabhairt dó le briathra boga an spóirt. Dúirt leis go mbíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha i gcónaí agus nach bhfuil idir bris is bua ach beagán den ádh.
Dúirt leis, chomh maith, gur milse a bheidh an bua ar Áth Cliath an chéad uair eile a thiocfaidh sé chugainn agus nach gá ach féachaint ar bhláthú niamhrach na mionúr chun teacht ar thuiscint nach fada uainn an lá sin.

Tuigim féin chomh maith leis an dtriúr a luaigh an t-adhlacóir, nach i gcónaí a bhíonn sé de sheans le duine slán a fhágaint le Páirc an Chrócaigh mar is áil leis féin ach cheapas go dtuigfeadh sé siúd, leis, agus é ag plé le ceisteanna báis is beatha chomh minic sin, nach bhfuil sa chaid ach spórt agus i ndeireadh an lae nár cailleadh aoinne san iarracht.

D’imigh sé uaim agus mé fós dall ar aon mhaitheas bheith déanta agam dó. Ní raibh sa chomhrá ach a thús, áfach, mar tá oiread daoine buailte ó shin liom ag cásamh an iliomad rud faoi chluiche an Domhnaigh, idir thaispeántas an réiteora, deiseanna nár tógadh, roghanna a deineadh is nár deineadh agus, gan dabht, máistreacht Átha Cliath chomh maith.

Déanfaidh sí seachtain fhada agus fómhar suaite sa Ríocht!

Tá sé de theist anseo i gCiarraí orainn go mbímid dian ar ár gcuid imreoirí agus ní bhfaighir duine gan tuairim an tseachtain seo ar thaispeántas an Domhnaigh. Ach cuir caint an adhlacóra ina luí gaidhte uair amháin eile orm go dtéann cúrsaí caide domhain go maith sna putóga ionainn sa chontae seo.

Tuigimid gur thóg sé sáriarracht ó shárfhoireann buachtaint orainn ach tuigimis chomh maith an tseachtain seo go gcasann agus go gcasfaidh an roth agus nach fada go mbeidh aiséirí i ndán do chuid mhaith des na himreoirí seo má fhanann siad leis.

Diamruid Connolly ag gabháil buióchias leis an 'Hill'. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Diarmuid Connolly ag gabháil buíochais leis an ‘Hill’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Maidir leis na Dubs, níl ach aon chéim amháin eile le tógaint anois acu go mbeidh siad áirithe i measc na bhfoirne ab fhearr a bhí riamh cois Life. Imríonn siad caid mar ba cheart í a imirt, is annamh a shalaíonn siad a mbibeanna agus tá pobal iomlán a bhí in ísle brí fé bhun deich mbliana ó shin tugtha leo agus múscailte athuair acu.

Bhí blianta ann go raibh muintir Chiarraí agus mórán eile lena gcois gur cás leo forbairt na gcluichí ag cásamh suan agus sámhnas Átha Cliath ar feadh rófhada. Deirtí coitianta go raibh gá le foireann láidir san ardchathair agus i gcontae Átha Cliath chun go mbeadh rath ar Chumann Lúthchleas Gael. Ná bímis chomh suarach sin anois nuair atá an fhoireann úd sa treis, go leagfaimis iad gach aon uair a bhuann siad cluichí móra.

Is ag Maigh Eo a bheidh an deis anois iad a chur dá mbuille faoi cheann coicíse agus más dóigh leat go mbeadh cás agus cúis mhaith ag Ciarraí an fear maith a fháil ar Áth Cliath, ní faic é i gcomórtas le Maigh Eo.

Beidh gnéithe áirithe d’imirt Mhaigh Eo a bheadh níos oiriúnaí le dul i ngleic le hÁth Cliath ná imirt Chiarraí. Tá coisíocht níos fearr iontu ná mar a bheadh in imreoirí Chiarraí agus bheadh níos mó imreoirí cruaite chun catha ag Maigh Eo ná mar a bheadh ag Ciarraí faoin dtráth seo.
B’fhéidir ná beadh an fhéinmhuinín chéanna ag imreoirí Mhaigh Eo is a bheadh go nádúrtha i gCiarraí, ach ní stadfaidh san iad idir seo agus an 18 Meán Fómhair.

N’fheadar aoinne cén fhorbairt bhreise a thiocfaidh ar an dá fhoireann idir seo agus cluiche ceannais na hÉireann ach tá rás Chiarraí rite in 2016 agus is gearr go dtosnóidh an chaint i measc na muintire ar chraobh an chontae agus ar shraith an chontae atá ag teacht chun críche an deireadh seachtaine seo chugainn.

Déanfar an scagadh, an sceanairt agus an sárú argóna as seo go Lá Caille agus ní spárálfar aoinne.
Ach faoin dtráth go mbeidh Ciarraí ag tiargáil chun catha sa tsraith náisiúnta, beidh an gadscaoileadh déanta agus bromaigh na bliana seo chugainn ullamh le briseadh.
Sin spórt. Sin í an chaid.