DAONÁIRÉAMH 2016: Cad iad na contaetha is láidre agus is laige ó thaobh na Gaeilge?

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach contae sa Stát

DAONÁIRÉAMH 2016: Cad iad na contaetha is láidre agus is laige ó thaobh na Gaeilge?

Is é contae na Gaillimhe an contae is Gaelaí sa Stát, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016.

Is sa chontae sin, ag fágáil Ghaeltacht na Gaillimhe as an áireamh, atá an céatadán is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, 1.85%.


FÉACH TÁBLA TUAIRISC.IE THÍOS


Tá contae Gaeltachta eile, Dún na nGall (1.54%) sa dara háit maidir le céatadán na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, agus Gaeltacht an chontae fágtha as an áireamh.

Is é contae Átha Cliath an contae is láidre ó thaobh na teanga nach contae Gaeltachta é.

1.32% de mhuintir Átha Cliath, idir chathair agus chontae, a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in Aibreán 2016, agus, ar ndóigh, is sa chontae sin is líonmhaire atá na cainteoirí laethúla –  17,093 duine.

23.2% de na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Stát a bhí i mBaile Átha Cliath.

Níl ach oiread na fríde idir Áth Cliath agus Contae an Chláir (1.31%) atá sa cheathrú háit ar an liosta agus Cill Dara (1.30%) atá sa chúigiú háit.

Ba iad Maigh Eo, Cill Mhantáin, Muineachán, Corcaigh agus Ciarraí na contaetha eile ina raibh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais níos airde ná an meán do na 26 contae, 1.14%.

Ba é an contae ba lú ina raibh cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in Aibreán 2016 ná contae an Chabháin (0.64%). Ba i gcontae an Longfoirt ba lú a bhí cainteoirí laethúla agus gan ach 257 duine (0.66%) sa chontae sin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Maidir le céatadán na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais, tá contae an Chláir (2.96%) sa dara háit ar an liosta taobh thiar den Ghaillimh agus chun tosaigh ar Chiarraí (2.74%), atá sa tríú háit, agus ar Chorcaigh (2.67%) atá sa cheathrú háit.

Cé go bhfuil Áth Cliath ar an gcontae is láidre ó thaobh na teanga sa stát, nuair a fhágtar na contaetha ina bhfuil Gaeltacht iontu as an áireamh, tá sé íseal go maith ar an liosta fad is a bhaineann sé le cainteoirí seachtainiúla de agus é sa 21ú háit.

Tháinig ardú 5.1% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais in Áth Cliath idir 2011-2016.

Bhí 73,803 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Stát in Aibreán 2016, laghdú 3,382 ó 2011, agus bhí 53,217 acu sin ag cur fúthu lasmuigh den Ghaeltacht. 20,586 duine cainteoir laethúil bhí sa Ghaeltacht, 28% de líon iomlán na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Stát.


STAID NA GAEILGE SNA CEANTAIR GHAELTACHTA IS LÁIDRE


1.7% den phobal ar fad a labhair Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

17.4% den phobal a labhair Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais – go laethúil, go seachtainiúil nó níos annaimhe ná sin.

111,473 a thug le fios go labhraíonn siad an Ghaeilge go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais, méadú 831 duine ó 2011, agus 586,535 duine a thug le fios go labhraíonn siad níos annaimhe ná sin í, laghdú 26,701 duine ó 2011.

Níos mó ná duine as gach ceathrar –  421,274 duine – a thug le fios nach labhraíonn siad Gaeilge riamh.

Dúirt duine as gach triúr den 122,612 duine a bhí 17 nó 18 bliain d’aois nach raibh labhairt na Gaeilge acu in aon chor.

1.76 milliún duine (30.3% den phobal) a thug le fios go raibh cumas labhairt na Gaeilge acu.


DAONÁIREAMH 2016: Staid na Gaeilge i ngach contae…


Tábla agus anailís le Tuairisc.ie, bunaithe ar Dhaonáireamh 2016 ón CSO. Ní chuirtear san áireamh na figiúirí maidir leis an nGaeltacht i gcás na gcontaetha Gaeltachta